Ba iad na Mods na chéad Eorpaigh

Cé go mbíonn caint a dhóthain i dtaobh “Éire Aontaithe” na laethanta seo, is caint san aer é go minic. Agus an tsaincheist sin faoi chaibidil is suntasach an méid a deirtear agus an méid a cheiltear. Má tá difríochtaí cultúrtha suntasacha idir na Tuaisceartaigh sin ó thuaidh ar mian leo a bheith mar bhaill d’Éirinn aontaithe agus muintir an Deiscirt, déantar neamhshuim díobh go huile is go hiomlán.

Déantar talamh slán de gur mar a chéile muid ar dhá thaobh na Teorann agus nach rabhamar deighilte óna chéile ar feadh na mblianta fada. Glactar leis go bhfuil an meon ceannann céanna ó thaobh cultúir de ag Náisiúntóirí an Tuaiscirt agus an Deiscirt cé nach bhféadfadh sé seo a bheith amhlaidh i ndáiríre.

Sa tslí chéanna ba cheist faoi thalamh nó ábhar geise le fada an lá é gnéithe de thionchair chultúrtha na Breataine ar Phoblacht na hÉireann a phlé os ard.

An plána mín a cuireadh ar an gceist sin de ghnáth, seachas nuair atá litríocht agus ard-ealaín na Breataine faoi chaibidil. Ansin, shamhlófá go mba dhéithe iad scríbhneoirí Béarla na Breataine, déithe ar chóir dúinn feacadh os a gcomhair chomh minic agus ab fhéidir.

READ MORE

Gluaiseacht chultúrtha amháin a bhfuil buanchuimhne agam fós uirthi ó thréimhse na meánscolaíochta dom ba ea an faisean ceoil sin ar tugadh na Mods air. Go déanach a tháinig muidne in Éirinn chun na gluaiseachta sin ach d'fhág sé a rian orainn mar sin féin. Sna 1980í agus mé ag freastal ar scoil lán-bhuachaillí, is cuimhin liom an meascán aisteach seo de
théististéaróin agus d'fhoréigean a d'eascair ón ngluaiseacht sin. Cé nach raibh na bealaí teilifíse Sasanacha ag an bhformhór againn agus muid dall ar Sky 24/7 agus eile thuigeamar go raibh a leithéid de ghluaiseacht i gcathracha móra Shasana agus d'inis ár gcol ceathracha trasna na farraige dúinn fúithi.

Na scútair lonracha iltíreacha sin dála an Vespa nó an Lambretta ba annamh a d’fheicfeá cailín ar a gcúl in Éirinn ní hionann agus i dtíortha grianmhara na Meánmhara. Toisc nach bhféadfadh na scútair chéanna taisteal ach go mall, bhíodar ar fheabhas dóibh siúd a bhíodh riamh ag ligean geáitsí orthu féin.

Trí bhanna a shamhlaítear leis Na Mods is luaithe, The Who, The Small Faces agus The Kinks ach fós féin, níl mé cinnte go raibh tuiscint cheart againn ar bhunús na gluaiseachta sin dáiríre. Meascán sainiúil d’eilimintí cultúrtha faiseanta a d’eascair ó Mheiriceá, an Eoraip agus an Mhuir Chairib lárnach inti a bhí sa ghluaiseacht cheoil agus faisin nua seo.

Ón bhfocal "Modernist" a shíolraigh an leasainm na "Mods" ar dtús agus tháinig forbairt shuntasach ar a rogha ceoil thar imeacht na mblianta – ó shnagcheol maothlach Miles Davis go rac-cheol sícideileach The Who. Toisc nach raibh sé riamh rócheangailte le banna ceoil nó le branda faoi leith, bhí an stíl Mod
fadsaolach. Anuas air sin, bhí an stíl sin tarraingteach d'aicmí difriúla agus gan a bheith teoranta do thír amháin ach an oiread. Cheangail na Mods daoine óga ó aicmí difriúla sna bruachbhailte le chéile cé gur eascair siad ó shochaí atá scoilte fós ag seandeighiltí aicmeacha.

Cé go bhfuil cumha áirithe á léiriú le deireanas – go háirithe tar éis bhás Thatcher – le ré thionsclaíoch na mianach agus eastáit tithíochta na gcomhairlí contae ina raibh dlúthphobail chomhbhácha ag cur fúthu – más fíor – ba dhroim láimhe leis an ré sin a bhí de dhíth ar na Mods. Bhíodar siúd ag iarraidh dearmad a dhéanamh ar na gnéithe sin de shaol na Breataine.

Theastaigh uathu a bheith éagsúil agus éalú ó na heastáit tithíochta ghruama sin agus roghanna oibre níos fearr a bheith acu – seachas na poist thraidisiúnta a chleacht a dtuistí – obair láimhe agus tionsclaíochta.

Ba iad na Mods na chéad Eorpaigh i ndáiríre agus is lasmuigh dá dtír féin a lorgaíodar tionchair chultúrtha nua, an ghlib Fhrancach agus an stíl gruaige “bouffant” sin ar chothaigh an réalta scannán Jean-Paul Belmondo éileamh uirthi tráth dá raibh.

Mar an gcéanna le mo
chomhghleacaithe sa Ghaillimh fadó a chaith na parkas agus na bróga svaeide, shantaíodar an ní coimhthíoch, an tsaoirse stíle a shamhlaíodar le tíortha Eorpacha na Meánmhara. Ó lucht snagcheoil na 1950í anuas go Paul Weller agus anuas arís go sár-rothaí ár linne féin, an Sasanach Bradley Wiggins, tá an chosúlacht ar stíl na Mods go bhfuil sí beo i gcónaí, nach bhfuil i ndán di dul in aois.