Bagairt an bhaghcait

An bhfuil tairbhe ar bith le baint as baghcat a chur ar earraí ó Iosrael?

Ní bhíonn Iosrael agus na Críocha Palaistíneacha riamh as an nuacht. Ag am scríofa tá cuma ar an scéal go bhfuil an t-iar-phríomhaire Iosraelach, Ariel Sharon, i mbaol báis tar éis dó ocht mbliana a chaitheamh i gcóma.

Ar feadh go leor blianta, bhí cáil (nó droch-cháil b’fhéidir) air mar fhear crua a throid “ar son na cúise” gan trua gan taise. “An t-ollscartaire” an leasainm a bhí air. Bhí sé chun tosaigh ag bunú lonnaíochtaí ar bhonn a bhí mídhleathach, dar lena lán sa phobal idirnáisiúnta.

Cáineadh Sharon go tréan nuair a bhí sé ina aire cosanta toisc nár chuir sé bac ar fhórsaí paraimíliteacha sa Liobáin a rinne scrios agus ár ar na campaí Palaistíneacha ag Sabra agus Chatila i Meán Fómhair 1982. Ach ina dhiaidh sin, mar phríomhaire, fuair sé moladh mór nuair a chuir sé deireadh leis na lonnaíochtaí Giúdacha – aon cheann is fiche acu ar an iomlán – ar Stráice Gaza, sa bhliain 2005.

Tá díospóireacht bhríomhar ar siúl go hidirnáisiúnta faoi láthair ar mholtaí éagsúla faoi bhaghcat ar Iosrael. Ar ndóigh, is in Éirinn a cumadh an téarma seo sa 19ú haois nuair a rinne muintir Bhaile an Róba, Co Mhaigh Eo, agóid i gcoinne an Chaptein Charles Boycott (1832-97) mar chuid de Chogadh na Talún.

READ MORE

Tá baghcat acadúil agus baghcat trádála ar siúl: an dá cheann acu sách conspóideach. An mhí seo caite, d’fhógair an lucht léannta san American Studies Association (ASA) go raibh siad chun baghcat a dhéanamh ar institiúidí acadúla in Iosrael mar agóid i gcoinne pholasaithe an stáit úd i leith na bPalaistíneach.

Deir an ASA go bhfuil siad i gcoinne an fhrith-sheimíteachais ach go bhfuil leatrom eagraithe á chleachtadh ag Iosrael ar na Palaistínigh. Deir an ASA go bhfuil na hinstitiúidí tríú leibhéal in Iosrael fite fuaite le polasaithe an stáit.

Cháin Ambasadóir Iosraelach sna Stáit Aontaithe, Ron Dermer, rún an ASA go géar, á rá: “Rather than standing up for academic freedom and human rights by boycotting countries where professors are imprisoned for their views, the ASA chooses as its first-ever boycott to boycott Israel, the sole democracy in the Middle East, in which academics are free to say what they want, write what they want and research what they want.”

Sa tuairisc a bhí ag an New York Times ar an mbaghcat seo, deineadh tagairt do rún a ritheadh ag comhdháil bhliantúil Aontas Múinteoirí Éireann i nGaillimh ar 2ú-4ú Aibreán seo caite.

Iarrann an rún seo ar na baill den cheardchumann gan aon teangamháil ná comhoibriú cultúrtha ná acadúil a bheith acu le hIosrael. Tugtar treoir don choiste gnó den eagraíocht eolas níos fearr a chothú i measc na mball faoin bhfeachtas BDS (Boycott, Divestment and Sanctions) atá ar siúl i gcoinne “stát cinedheighilte” Iosrael.

D’ardaigh litir a foilsíodh sa pháipéar seo ar 11ú Aibreán ceist faoi rún an AME/TUI: cad mar gheall ar na nascanna acadúla atá ag institiúidí áirithe tríú leibhéal in Éirinn leis an Rúis agus an tSín, dhá thír atá cáinte go forleathan faoi chúrsaí éagsúla, cearta daonna mar shampla?

Bhunaigh eagraíochtaí éagsúla Palaistíneacha an feachtas BDS i 2005 chun brú idirnáisiúnta a chur ar Iosrael, ionas go n-éireodh sí as an mBruach Thiar, agus ar son chearta na bPalaistíneach atá ina gcónaí in Iosrael féin. Tá cosúlachtaí idir modhanna an BDS agus an feachtas in aghaidh na cinedheighilte san Afraic Theas. Ach ní aontódh gach duine gur féidir comparáid a dhéanamh idir an seansaol sa tír úd agus cúrsaí in Iosrael agus na Críocha Palaistíneacha.

Chomh maith le baghcat acadúil, tá an BDS i bhfabhar baghcat trádála ar earraí Iosraelacha chomh maith. Tá daoine áirithe ag rá, áfach, gur chóir an baghcat trádála a dhéanamh ar earraí ó na lonnaíochtaí agus nár chóir diúltú roimh earraí as Iosrael féin.

Tá an t-intleachtóir Noam Chomsky ar dhuine de na daoine sin. Bhí páirt lárnach aige, is cosúil, sa chinneadh a thóg an t-eolaí cáiliúil Stephen Hawking gan dul go comhdháil Iosraelach i mí na Bealtaine seo caite. Tacaíonn Chomsky le baghcat ar earraí ó na lonnaíochtaí ar an mBruach Thiar cé go bhfuil sé i gcoinne baghcat trádála ar Iosrael féin.

Deir an t-uachtarán ar an Údarás Palaistíneach, Mahmoud Abbas, gur chóir baghcat trádála a dhéanamh ar earraí ó na lonnaíochtaí agus tá sé glan in aghaidh baghcait ar earraí as Iosrael féin.

Ceann de na fadhbanna, ar ndóigh, is ea an deacracht atá ann, idirdhealú a dhéanamh idir an dá shaghas earra. Deir Omar Barghouti ón BDS: “Israel has made it extremely difficult to differentiate between settlement and other Israeli products, simply because the majority of parent companies are based inside Israel.” Ach is cosúil go bhfuil Abbas agus Chomsky in ann an fhadhb seo a shárú.

Gné eile den scéal ná go bhfuil cuimhne ag a lán daoine ar an drochíde a tugadh – agus atá fós á thabhairt in áiteanna éagsúla – do na Giúdaigh, agus an baghcat gránna a cuireadh i bhfeidhm orthu sa Ghearmáin sna 1930idí.

Ní mórán a rinne an pobal idirnáisiúnta faoi na rudaí sin ag an am agus b’in ceann de na cúiseanna ba mhó gur bunaíodh Stát Iosrael i 1948.

Mar sin, tá roinnt mhaith daoine míchompordach faoin mbaghcat reatha.