Béar cantalach bogchroíoch gan codladh

Uinseann Donn (Futa Fata, €9.95) is ainm do leabhar nua Thaidhg Mhic Dhonnagáin agus Írisz Agócs.

Béar cantalach é Uinseann Donn nach dtaitníonn ceol na n-éan, damhsa na gcoiníní nó mórán rudaí eile leis.

Is é codladh fada an gheimhridh an rud is mó a thaitníonn leis ach cuireann cuairteoir gan choinne as don chodladh sin – agus tagann athrú ar a chroí crua fosta.

Leabhar faoi chlúdach crua agus pictiúir lándaite atá ann.

READ MORE

Thiocfadh le tuismitheoirí ar bheagán Gaeilge é a léamh gan stró dá bpáistí – “Bígí ciúin, a bheacha” – agus déarfainn go gcuirfeadh páiste ar bith spéis sna léaráidí galánta le hÍrisz Agócs.