Bípeáil agus béicíl

Níor chóir go mbeadh sé chomh costasach sin le ceadúnas foghlama a fháil


“Tá daoine aosta ag trasnú an bhóthair os do chomhair ach tá solas glas agatsa. Céard ba chóir duit a dhéanamh?”

A) Bí foighneach agus tabhair am dóibh dul trasna an bhóthair go sábháilte.

B) Lean ar aghaidh ag an luas céanna.

C) Bípeáil go hard ar do bhonnán agus béicíl orthu brostú.

READ MORE

Agus ceisteanna mar sin ar an siollabas, shíl mé nach mbeadh orm mórán ama a chaitheamh i mbun staidéir don tástáil teoirice tiomána.

Ach sa deireadh, mar a tharla sé, thóg sé sé bliana.

Cheannaigh mé an leabhar ar dtús i 2009. Agus bhain mé pas amach sa deireadh i mí na Nollag 2015.

D’fhéadfainn cáiliú mar dhochtúir san am céanna.

Caithfidh mé a admháil nár bhaineas an leabhar riamh den tseilf go dtí mí na Samhna 2015, théis dom clárú don scrúdú de bharr brú ó mo theaghlach.

Agus de bharr an uafáis a bhaineann lena bheith ag taisteal ar Bhus Átha Cliath go rialta.

Ní go rófhada uaim is atá Michael Douglas in Falling Down.

“Cad chuige an chéad ghiar?” a d’fhiafraigh mo pháirtnéir díom, ag cur scrúdú beag orm sa ngluaisteán lá amháin.

Tá alltacht airsean nach féidir liom tiomáint agus an aois atá agam. Dúirt sé liom go neamhbhalbh go mbeadh sé ina chauffeur agam go ceann sé mhí eile.

Agus ina dhiaidh sin, go mbeinn iomlán spleách ar Bhus Átha Cliath.

“An chéad ghiar?” arsa mise, “Ag tiomáint síos cnoc.”

“Caithfidh tú staidéar a dhéanamh don scrúdú seo,” a dúirt sé, “nó teipfidh ort.”

Mar a tharla sé, ní raibh formhór na gceisteanna chomh héasca céanna leis an gceann faoi dhaoine aosta a mharú le feithicil.

Bhí an ceart ag mo pháirtnéir; b’éigean dom staidéar a dhéanamh leis an bpas a bhaint amach.

Tháinig an leibhéal deacrachta a bhí i gceist sa scrúdú teoirice aniar aduaidh orm, cinnte.

Ach bhí dúshlán i bhfad ní ba mhó le sárú agam: an cnoc riaracháin a b’éigean dom a dhreapadh chun an ceadúnas foghlama a fháil.

Oibríonn Selma agus Patty Bouvier sa DMV, nó sa Roinn Mótarfheithiclí mar a thugann muid uirthi sa nGaeilge – nó mar a thabharfadh muid uirthi sa nGaeilge dá mbeadh a macasamhail againn anseo in Éirinn.

Costas

Shíl mé, go neamhurchóideach, go rachainn isteach go dtí an t-ionad tástála teoirice i mBaile Átha Cliath 2 le mo scrúdú a dhéanamh.

Agus go dtabharfaidís an ceadúnas foghlama dom. Bhí costas €45 ag baint leis an scrúdú. Shíl mé go raibh mé ag íoc as mo cheadúnas nuair a d’íoc mé an táille sin.

Ach níor thug siad dom ach bileog thanaí gan téagar agus treoracha casta le rith anonn agus anall.

Dá mbeinn i Springfield, dhéanfadh Selma an scrúdú tástála i rannóg amháin agus dhéanfadh Patty scrúdú na súl i rannóg eile. D’eiseofaí an ceadúnas láithreach.

Mar a thuigfeá, is í an fhadhb is mó a bhaineann le daoine nach dtiománann ná nach féidir linn tiomáint.

Mar sin, cruthaíonn sé deacrachtaí ollmhóra dúinn taisteal ar fud chontae Bhaile Átha Cliath leis an bpáipéarachas dár gceadúnas foghlama a bhailiú.

B’éigean dom dul go Specsavers le scrúdú na súl a dhéanamh agus €30 a íoc as sin.

B’éigean dom freastal ar an dochtúir teaghlaigh le dearbhú a fháil uaidh go bhfuil sé de chumas agam, ó thaobh na sláinte de, tiomáint.

Bhí costas €60 ag baint leis sin.

Agus ansin, b’éigean dom dul amach go hiarthar na cathrach le freastal ar ionad de chuid na Seirbhíse Náisiúnta um Cheadúnais Tiomána chun an páipéarachas go léir a chur faoina mbráid agus cur isteach ar cheadúnas foghlama.

Bhí costas €35 ag baint leis sin.

Mar sin, sula gcuireann tú glaoch, fiú, ar chomhlacht árachais le meastachán a fháil ó na robálaithe, bíonn ort €170 a chaitheamh ar an gcéad chéim den phróiseas.

Agus níos tábhachtaí fós, ní foláir duit ceithre lá a chaitheamh ag dul timpeall na cathrach ag freastal ar na hionaid éagsúla atá i gceist.

Ar bhusanna.

(Cloisim bípeáil mheaisín na gCártaí Léime i mo chuid tromluíonna...)

Tá gá le hionad amháin in Éirinn chun déileáil leis an bpróiseas ar fad a bhaineann le foghlaim tiomána.

Idir shúgradh agus dáiríre atá mé ag déanamh comparáide le Springfield, ach úsáidtear córas an DMV go forleathan sna Stáit Aontaithe.

Níor chóir go mbeadh sé chomh costasach – ná chomh casta – don lucht foghlamtha anseo ceadúnas foghlama a fháil.

Táim meáite go mbeidh ceadúnas iomlán tiomána ag mo mhac faoin am go mbeidh sé 18 bliain d’aois.

Éiríonn tú róchantalach agus ró-mhífhoighneach leis an bpróiseas foghlama de réir mar a théann tú in aois.

Anuas air sin, is dócha go mbeidh an mac de dhíth ormsa mar chauffeur; níl ach ceithre mhí fágtha sula dtéann an chauffeur eile ar stailc.

Is

iriseoir le Nuacht TG4/RTÉ í Caoimhe Ní Laighin