Cad d’imigh ar Fhianna Fáil?

Loic Fianna Fáil ar an phobal agus thréig an pobal iad


Ní ghéillfidh siad puinn gur imigh faic orthu. Brúitear an cnaipe agus gheobhaidh tú an freagra réidhullamh anuas ón tseilf. Dhein siad thar barr sna toghcháin áitiúla, agus dá réir sin níl aon ghá le scaoll ná titim i bhfanntais. Fillfidh na fíréin. Na vótaí sin a tugadh ar iasacht d’Fhine Gael, gheofar ar ais iad. Má cheaptar é sin, ní hé go bhfuil breall orthu, ach tá dall orthu.

Ó scrios siad an tír agus ó d’imigh a gcuid giollaí ar fán gona málaí móra pinsin agus a gcuid prumpaí ar shuíocháin mhóra comhlachtaí idirnáisiúnta is é a ndícheall creidiúint ar bith a ghairm ar ais. Má tá fírinne san áiteamh go mbeadh Fine Gael agus an Lucht Oibre gach pioc chomh caiteach is chomh baoth, níl aon duine ag slogadh na staire malartaí sin. Dá mbeadh mac ag an gcat nach deas mar a bhlifí é.

Is ea, abraimis go bog ach go díreach is go simplí é, tá Fianna Fáil i dtrioblóid. Ní hamháin sin, ach tá a gcaiscín meilte. A bport seinnte. A leite ite. A gcosa nite. A gclabhsúr creachta. A gcoinnle loiscthe. A gcuid urchar caite. Agus mar sin de.

Is é is dóigh leo go bhfuil baint éigin aige seo le polasaí. Scéal liom dóibh. Ní léann duine ar bith polasaí.

READ MORE

Baineann go hiomlán gur thréig siad na daoine a bhí dílis dóibh i gcaitheamh na nglúnta. B’in iad na gnáthdhaoine a thuig gur ghnáthdhaoine iad agus nach raibh uathu ach gnáthchearta agus gnáthmhianta le cur i bhfeidhm ar ghnáthshlite nach raibh neamhghnách.

Nuair a tionóladh an Fhéile Eocairisteach i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1932 níor aithin na móruaisle ón iasacht an Rialtas Fhianna Fáileach mar bhí gnáthéadaí á gcaitheamh acu seachas hataí arda amaideacha agus cultacha moncaí a thachtfadh guth. B’in Fianna Fáil.

Nuair a tionscnaíodh “an cogadh eacnamaíochta” i gcoinne chaipitlithe Shasana sna 1930í, b’in Fianna Fáil.

Nuair a dhiúltaigh Charlie Haughey tacú le Thatcher i gcogadh na bhFalklands/Malvinas, b’in Fianna Fáil.

Ach cá bhfuil Fianna Fáil anois?

Ní liombó go dtí iad. Ní heol dóibh deas ná clé, bíodh gur dócha gur mhó go mór den deas ná den chlé iad.

Is é atá á rá ag lucht leanta dílis Fhianna Fáil nach bhfuil iontu ach giolla sodair de chuid Fhine Gael.

Is é atá i bhFianna Fáil ná Fine Gael éadrom. Fine Gael mílítheach. Fine Gael blancmangeach. Fine Gael deas. Fine Gael a bhfuil uisce tríd.

Chaill Fianna Fáil pé creideamh a bhí acu 40 bliain ó shin, nó tuilleadh. Roimhe sin sheas siad do rud éigin, pé é féin. Ina dhiaidh sin, má lig Fine Gael broim, lean FF an boladh. Má dúirt FG “há”, dúirt Fianna Fáil, “há, há!” Má bhí dreancaidí ar Fhine Gael, bhí FF ar bís lena dtochas. Má bhí colainn ag FG, bhí Fianna Fáil breá sásta a bheith ina heireaball.

Aisteach go leor b’é Fine Gael an páirtí ba réabhlóidí sa Stát, agus FF ba choimeádaí.

B’é Bill Clinton a chum an nath simplí: “Is í an eacnamaíocht í, a éagain!”

Níl aon amhras ná go ndéanann an cúpla sisteirse nó seicil sin sa bhreis difear mór, go háirithe i gcás daoine nach bhfuil ceint ná zloty acu.

Ach b’fhírínní go mór a rá: “Is é an siombalachas é, a éagain!”

An mó duine a léann polasaí? Ar léigh tú riamh polasaí agus ar chuir tú suas síos é á mheá síos is suas le polasaí eile? Agus sa chás annamh is gur léigh, ar athraigh sé an intinn sin a bhí socraithe roimhe sin agat?

Is ar bhraistint is mó a vótáileann daoine. Caitear vóta leis an Lucht Oibre toisc nach FF ná FG iad agus go mbíodh imir bheag chaol den sóisialachas neamhdhíobhálach tríothu. Caitear vóta le Fine Gael mar gur léinte gorma iad a chosnaíonn daoine a bhfuil léinte bána orthu agus tarracóirí ramhra. Chaití vóta le Fianna Fáil mar shíl siad gur sheas siad ar son rud éigin.

Is í an fhadhb is mó atá ag Fianna Fáil anois ná nach seasann siad ar son faic na fríde. Taibhse i bhfolús iad, púca i mbuidéal, neamhní ar lorg náid.

Bhí tráth ann nuair a d’fhéadfaí ‘poblachtánachas bog’ a shamhlú leo.

Chosnódh siad neodracht na hÉireann, chuirfeadh ainmneacha le dealramh ar longa na tíre, ligfeadh orthu gur sheas don Ghaeilge; is é nach ndéanfadh siad seoda an náisiúin a dhíol ar phláta praisigh, lúitéis a dhéanamh roimh theaghlaigh ríogúla, saighdiúirí a chur chun na hAfganastáine, a bheith maitiúir.

Ní thuigeann siad gur ar shiombalachas neamhráite a chaitheann daoine vótaí; agus tá an siombalachas uisciúil féin géillte ar fad acu soir go bun.

Cén fáth a vótáilfeá ar son FF nuair atá FG agat cheana féin?