Cainteoirí idirnáisiúnta Ceilteacha i gCorcaigh

‘Saoirse Náisiúnta’ le plé

Beidh Comhdháil Cheilteach Idirnáisiúnta ar siúl in Óstán Celtic Ross, Ros Ó gCairbre, Co Chorcaí, idir an Luan 20ú agus an Aoine 25ú Iúil i mbliana. Colúnaí de chuid an nuachtáin seo, Alan Titley, a bheidh ina aoi-léachtóir agus is é téama na comhdhála, “Cad is Saoirse Náisiúnta ann?”

Le cois Titley, labhróidh cainteoirí ó Albain, an Bhreatain Bheag, Oileán Mhanann, ón Bhriotáin agus ón Chorn ar an téama céanna. Tabharfaidh an staraí, Gabriel Doherty, caint ar fhealsúnacht pholaitiúil Uí Dhonnabháin Rossa le linn na comhdhála agus beidh turas lae go hOileán Chléire, oíche cheoil agus ceolchoirm idir-Cheilteach ann fosta. Eolas: ccheilteach@gmail.com nó www.ccheilteach.ie

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí is a former Irish-language editor of The Irish Times