Casadh meoin agus cor i dtaoide

Ionann áiteamh ar athmhachnamh agus áiteamh ar athrú


Tá cor i dtaoide an duine nach eol dó an ag líonadh nó ag trá é, más féidir briathra drámadóra áirithe a chamadh.

Ceann de chlíséanna breátha na meánscoile is ea go bhfuil an saol ag athrú ar luas níos mire inniu ná mar a bhí riamh, in ainneoin na fisice a mhaífeadh gurb ionann ráta gluaiseachta dó.

Déan iarracht a chruthú gur tábhachtaí, abraimis, an telegraf i gcúrsaí rása eolais ná an t-idirlíon agus cuirfear lasmuigh den doras tú in ainneoin go bhfuil a mhalairt d’fhianaise againn.

Pé faoi na hathruithe seo go sonrach, is furasta go minic dáta nó ponc nó eachtra réasúnta cruinn a chur leo. Eureka úd an fholcadáin, an t-úll ag titim den chrann, an citeal ag siosarnach le teann gaile.

READ MORE

Is deacra go mór, áfach, nóiméad cruinn an chlaochlaithe mheoin a chruinnbheachtú. Déantar iarracht, áfach.

George Steiner ag áiteamh gur tuaradh an Renaissance nuair a chuaigh Petrarc in airde ar chnoc agus go bhfaca sé an pobal laistíos dó, á shamhlú gur duine ar leithrigh a bhí ann; Virginia Woolf nach raibh aon amhras uirthi gur athraigh an nádúr daonna timpeall ar mhí na Nollag 2010; Cervantes nuair a chinn sé ar na scéalta rómánsaíochta a chaitheamh sa chiseán bruscair agus cromadh ar scríobh faoin ngnáthdhuine faoina éide amaideach ghnáith.

Ní móide gur athraigh aon rud chomh mear cinniúnach sin, ach fós d’athraigh siad.

Tá amhras i gcónaí faoin sclábhaíocht cé gur dócha go dtabharfadh lucht tionsclaíochta ar ais í dá gceapfadh siad go bhfaigheadh siad ar shiúl leis; ní réitítear aighnis níos mó le piostail chomhrac aonair i moiche na maidne le beirt réiteoirí, fág gur chiallmhaire go minic mar bheart é ná dúnmharú sleamhain lár na hoíche.

Caithfidh gur shocraigh duine éigin, nó dream éigin, nó brú éigin, nó bollscaireacht éigin áit éigin ball éigin uair éigin casadh a chur sa scéal. Ní thuirlingíonn athrú ón spéir, níl aon taibhse sa Zeitgeist.

Is í an cheist mhór ná an bhfuil aon tslí ann breith ar uain an athraithe sin, greim scrogaill a fháil ar cad tá ar siúl, marc a chur ar cad é go cruinn díreach atá ar siúl?

B’fhéidir gur shonraigh mé ceann de na poinc seo a chuireann cor i saol an duine an tseachtain cheana.

Bhí alt ag an gcolúnaí Kevin Myers i Sunday Times na hÉireann ar an 4ú lá den mhí seo ina raibh sé ag tabhairt le fios gur cheart athmhachnamh a dhéanamh ar an gcleachtadh atá againn cur le blianta an duine, agus an tseanaois féin a chosaint.

Níorbh é go raibh an eotanáis ná aon rud mar í á mholadh aige, ach go díreach nár den chiall é (“absurd” an focal a d’úsáid sé) “to prolong their lives (seandaoine)…once they have exhausted their own ability to survive unassisted”.

Níorbh é seo go díreach é, ach an tseachtain dár gcionn, bhí sé cinn de litreacha sa nuachtán céanna; cúigear ag tabhairt tacaíochta dá thuairim, agus duine amháin – ar son cothromaíochta tá’s agat – ag spréáil amhrais bhig uirthi.

Ba mhór é m’amhras nár tháinig lán mhála de litreacha isteach ag cur i gcoinne na tuairime gur chóir gurb é “government policy that no one over 65 be allowed any medication to prevent heart attacks, which are often good things that swiftly cull the useless”.

B'ait liom murar shíl go leor daoine amuigh ansin go raibh rud beag éigin ábhairín mídhaonna, mar adéarfá, i bhfolach laistigh de mholadh dá shórt; ach shocraigh duine éigin in oifig éigin os comhair ríomhaire éigin nach bhfoilseofaí iad. Shocraigh duine éigin go dtosnófaí ar consensus nua.

Is mar sin a athraíonn an saol.

Ráinig ina dhiaidh sin gur chuala mé cúpla agallamh teilifíse agus raidió, nach raibh aon bhaint acu le halt Myers, ag tabhairt le fios go gcaitear sciar rómhór den bhuiséad sláinte ar sheandaoine sna Stáit Aontaithe agus sa Bhreatain saghas Mór, agus gur cheart athmhachnamh a dhéanamh air sin, leis.

Ionann áiteamh ar athmhachnamh agus áiteamh ar athrú. Ionann eiseamláirí na Stát Aontaithe agus na Breataine saghas Móire a tharraingt sa phlé agus a rá gur cheart iad a leanúint.

Ionann an rud a mholtar amuigh ansin agus an rud a bheidh le déanamh ar ball istigh anseo.

Faire! Faire! mar sin, más duine tú a bhfuil an aois ag snámh suas ort. Faire! mar tá an iomad airgid á chaitheamh ort. Tá tú ródhaor! Fág an bealach! Go deimhin, thar rud ar bith eile, níl tú “úsáideach” níos mó.

Tá an t-athrú meoin ag teacht…