Cathanna sa Hyde

Tá an Geimhreadh beagnach linn ach maireann cuimhní an tSamhraidh


Is iomaí cath a facthas ag Páirc de hÍde, nó The Hyde, mar a thugann lucht na gcluichí Gaelacha air. Is ann a bhí mé Dé Sathairn seo caite, do chomhaireamh na vótaí sa bhfothoghchán.

Próiseas mall, támáilte a bhí ann, rud a thug deis domsa agus do chomhleacaithe eile beagáinín machnaimh a dhéanamh ar chathanna de chineál eile a tharla anseo thar na blianta. Suite le m’ais bhí John Mulligan, iriseoir spóirt ó Galway Bay FM.

Labhair sé faoi chluiche ceannais Chúige Chonnacht i 1986 nuair a d’imir Gaillimh Ros Comáin. Dhá bhliain déag a bhí sé an lá sin.

Ros Comáin dhá chúilín chun cinn agus gan ach trí nóiméad fágtha. Sin go dtí go bhfuair an fear ionaid Stephen Joyce, as an Fhairche, an liathróid agus bhuail sé an eangach do Ghaillimh. Bhí an ríméad a mhothaigh John Mulligan an lá sin le feiceáil ina shúile agus muid ag breathnú ar lucht na dtallies ag déanamh a gcuid oibre draíochta féin os ár gcomhair.

READ MORE

Bhí Ros Comáin sa chluiche ceannais in aghaidh Mhaigh Eo sa Hyde i 2001. Theastaigh am breise. Bhí beagnach deich mbliana ann ó thug Ros Comáin an chraobh leo. Maigh Eo a sheas idir iad agus Craobh Chonnacht.

Tráthnóna samhraidh, meirbh agus an Hyde lán go doras. Aimsíodh trí chúl sna deich nóiméad dheireanacha, péire acu san le linn ama bhreise.

Sa deireadh, gan eatarthu ach cúilín amháin, bhí an bua ag Ros Comáin.

Is iomaí deoir a sileadh sa Hyde an lá sin, iad sásaithe sa deireadh tar éis fanacht deich mbliana.

I mbliana, facthas coimhlint mhór eile idir Maigh Eo agus Ros Comáin. Bhí lucht tacaíochta buíoch d’fhear ionaid arís, an uair seo, caiptín Mhaigh Eo, Andy Moran.

Droch-chluiche a bhí ann sa chéad leath, ach músclaíodh rud éigin sa dara leath. Ciarán Cafferky Ros Comáin a fuair an cúl sa 42ú nóiméad, agus ní raibh mórán sa Hyde nár cheap go raibh lá Ros Comáin tagtha arís.

Maigh Eo ciúinithe, agus na Rossies le cloisteáil, chomh glórach agus go gceapfá go raibh na mairbh a bhí i gcré na cille béal dorais don pháirc i mbaol a ndúiseachta.

James Horan le feiceáil ag siúl suas agus síos an taobhlíne sular scaoil sé lena armlón, Andy Moran. Ní raibh sé ach istigh nuair a fuair sé cúilín a thug gríosadh agus ugach dá fhoireann.

D’fhág sin cúig nóiméad neirbhíseacha do chaon taobh. Fuair Seamus O’Shea agus Kevin McLoughlin cúilíní cinniúnacha, agus Maigh Eo a bhí buacach... an seachtú huair as a chéile acu an ceann ab fhearr a fháil ar Ros Comáin, ach ar éigean a rinne siad é, 0-13 in aghaidh 1-09.

Easpa taithí agus misnigh, a deir go leor a thriog Ros Comáin an lá sin. Faoi stiúir John Evans Chiarraí atá siad anois, agus tá siad ag dreapadh an chnoic.

Ní chuirfeadh sé iontas orm dá n-éireodh leo dul chomh fada le cluiche ceannais Chonnacht na bliana seo chugainn. Agus más iad Maigh Eo a bheidh rompu, ní bheidh drogall orthu tabhairt fúthu agus fios acu go raibh siad ar na rópaí acu sa Hyde an samhradh seo caite.

Ní féidir dul go Ros Comáin gan smaoineamh ar ‘Cake’, Shane Curran, atá 43 bliain d’aois. Duine de na himreoirí is mó cleasaíocht agus diabhalaíocht a chuir geansaí Ros Comáin riamh ar a dhroim.

Déarfainn go mbeadh sé ar dhuine de na himreoirí is sine atá ag imirt peile sinsir sa tír. Cailleann sé an cloigeann corruair, go deimhin b’shin é an fáth nach raibh sé idir na postaí do Ros Comáin an lá a ghnóthaigh siad Craobh Chonnacht 2001. Cuireadh den pháirc é sa gcluiche i gcoinne Nua-Eabhraic agus chaill sé a áit.

Tugadh deis do mhuintir Chonnacht féachaint air imirt thar na blianta, is é an trua é nár imir sé dá chontae i bPáirc an Chrócaigh chomh minic sin.

Ach tá bonn uile-Éireann aige. Craobh na gClub le Naomh Bríd. Bhuail siad Baile Muna ar Lá Fhéile Pádraig 2013, nuair a fuair Frankie Dolan cúilín sa nóiméad deireanach.

Ag labhairt dó tar éis an chluiche sin, dúirt Curran nach raibh baint ar bith ag aois leis, gur mhothaigh sé nach raibh sé ach 13 bliain d’aois, an bród le cloisteáil ina ghlór. Ba iad an chéad chumann riamh as Ros Comáin chun craobh Uile-Éireann a thabhairt leo.

B’fhéidir go mbeadh píosa eile ann sula dtarlódh a leithéid d’fhoireann idirchontae sinsir Ros Comáin.

Ach tá rud amháin ann gur féidir brath air – beidh cúpla lá speisialta eile amach romhainn sa Hyde.