Cé bhí ciontach ?

Cén fáth an raibh an reacht morálta seo ann agus daoine ag géilleadh dó?

Sa díospóireacht riachtanach a lean an tuarascáil ar na tithe máithreacha is leanaí d’éirigh an cheist cé a bhí ciontach san éagóir gránna a déanadh ar mhná na hÉireann agus ar a gcuid páistí mídhleathacha. Mo mhairg, níor pháistí mídhleathacha iad, ach páistí áille aoibhne lángháiriteacha a leáfadh an croí ba dhúire amuigh. Náire náisiúnta is ea mar a caitheadh leo, agus náire nár cheart sleamhnú thairis go bog.

Ach cé a bhí ciontach? Cuireadh cuthach feirge ar dhaoine de thoisc gur dúradh gur sinne go léir siar amach gan eisceacht faoi ndear an charcaracht agus an náire agus a iarmhairt ghránna. Níor sinn, gan amhras. Bíonn daoine i gcónaí ann nach ngéilleann don reacht.

Ach fós, bhí an reacht ann.

Cén fáth an raibh an reacht morálta seo ann agus daoine ag géilleadh dó? Bhí, toisc gurb é sin a dhéanann daoine. Géilleann daoine don reacht atá in uachtar. Géillfear níos boige don reacht atá ag teacht in uachtar feasta. An reacht a bhí ann glúin ó shin tá sin gan chead ar bith anois.

READ MORE

Is é is cás liom anseo an t-éalú sleamhain simplí. Ní rabhamarna mar phobal ciontach ar shlí ar bith. B’é an stát a dhein an dochar, b’é an stát a chuir sna príosúin iad. B’í an eaglais faoi ndear gur déanadh tráilleanna díobh agus a leag náire orthu os comhair an tsaoil.

Ta smut éigin den fhírinne sa mhéid sin, ach amháin nach foláir freagra a thabhairt ar na ceisteanna is géire, cad as don stát, agus cad as don eaglais?

Is léir gur linne an stát, throideamar chun go bhfaighimis saoirse agus thugamar guth agus scaoileamar gunnaí ar a shon. Ach bhí an stát faoi smacht ag an eaglais, nach raibh? Bhí, ach go deonach. Agus nach raibh smacht ag an eaglais Chaitliceach ar phobal na tíre? Bhí, ach go lán toildeonach le croí maith mór agus fáilte.

An nóisean seo gur ghabh an eaglais Chaitliceach forlámhas ar phobal na hÉireann in aghaidh a dtola, tá gan bunús ar bith. Cá raibh na sluaite d’arm na Róimhe nó den Gharda Eilbhéiseach a tháinig ina slógaí d’fhonn an dlí canónach a chur siar orainn? Nó an amhlaidh gur thuirling aingil an Curia anuas ar an talamh agus gur bhagair orainn go mbeimis damnaithe mura ngéillfí dóibh? Nó as eicteaplasma mistéireach éigin as mias Petri de chuid na Vatacáine a thuirling chugainn?

Is aníos as muintir na hÉireann pingin ar phingin agus paidir ar phaidir a tháinig go hiomlán oscailte cumhacht na heaglaise Caitlicí in Éirinn roimh scoileanna, roimh litearthacht, roimh dhlí ar bith ar a son. Nó abair liom, cén uair go díreach ar déanadh an concas eachtrannach seo orainn, bliain is dáta, le bhur dtoil?

Is ea, ghéilleamar dóibh, ach ghéilleamar dóibh mar ba sinne iad. Ná déantar iarracht anois ar dheighilt a dhéanamh idir an eaglais Chaitliceach nó idir an stát agus toil na ndaoine. B’ionann iad.

Is ea, má tá a leithéid de rud is ciontacht ghinearálta ann - agus ceist eile í sin - bhíomar go léir ciontach.

Cá bhfuil na daoine cróga misniúla anois atá sásta cur in aghaidh an tsluamhachnaimh is déanaí? An sluamhachnamh atá thuas inniu beifear ag magadh faoi i gceann scór bliain eile. Cuirfear ionadh ar dhaoine gur ghlacamar le hinlightinimintí na linne barbartha seo gan cheist.

Ach tá buntuiscint amháin a ghabhann thairis chultúir agus chreidimh agus idé-eolaíocht agus leagan amach polaitiúil, beag beann ar fhile, fháidh ná draoi ná ar leabhar ná ar scríbhinn, is é sin, a bheith cothrom le daoine. A bheith cineálta. Carthanúil fiú. Caitheamh le daoine mar ba mhaith go gcaithfí leat. An riail órga. Sin uile.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar