Ceacht na Traí – an corpán ar an charbad chun na vótóirí a scanrú


I miotaseolaíocht na Gréige, is beag cinneadh tábhachtach ceannaire a rinneadh gan dul i gcomhairle le hard-bhandraoi theampall Apalló i nDeilfe.

Tá trácht ar “Aithearcal Dheilfe” i scéal na Traí, scéal a bhfuil ceachtanna comhaimseartha le foghlaim uaidh anois.

An leagan nua-aimsireach de Dheilfe anseo is ea an phobalbhreith agus beidh díomá ar achan dream ach amháin na Neamhspleáigh faoin gceann is deireanaí.

An fhadhb faoi Dheilfe, áfach, go mbíodh sé go minic débhríoch.

READ MORE

Tá sé deacair a dhéanamh amach an bhfuil daoine ag tacú le Teachtaí Dála éifeachtacha aonaracha nó an bhfuil siad ag freagairt do na trí ghrúpa nua atá bunaithe i measc na Neamhspleách.

Is maith an t-anlann toghchán agus go tobann, táthar ag fógairt comhghuaillíocht nua de Neamhspleáigh den eite dheas agus den eite chlé beagnach gach mí.

Go dtí seo, bhí páirtí nua Lucinda Creighton, Renua, againn atá ar an eite dheas ach nár fhógair mórán polasaithe nua ó tháinig siad ar an saol.

Tá siad an-ghnóthach ag eagrú agus ag earcú ar fud an Stáit.

Ach ceistín amháin. Gan Creighton, an mbeadh a fhios ag daoine go bhfuil siad ann in aon chor?

Ansin, chonaiceamar an fhoireann scaoilte gan ainm atá curtha le chéile ag Shane Ross agus Michael Fitzmaurice.

Is meascán mearaí an-leathan é nach bhfuil príomhpholasaithe leagtha amach acusan go fóill ach an oiread.

I rith na seachtaine seo caite, cuireadh páirtí nua na míosa seo inár láthair, na Daonlathaigh Shóisialta.

Páirtí nua eile

Níor bhac siad féin le leagan Gaeilge a chur ar fáil (leoga is léir ar na trí pháirtí nua nach í an Ghaeilge an chloch is mó ar a bpaidrín).

Teist ar chomh beag agus atá beann an phobail ar “pháirtí nua eile” nár thug na meáin chumarsáide mórán airde air.

Ach is meitheal an-spéisiúil é seo ina bhfuil triúr de na Teachtaí Dála is ábalta, is éifeachtaí agus is ionraice sa Dáil mar atá: Catherine Murphy; Róisín Shorthall agus Stephen Donnelly.

Beidh aithne ag daoine ar Róisín Shorthall a bhí ina haire sóisearach de chuid an Lucht Oibre go dtí gur éirigh sí as ar phointe prionsabail.

Is le deireanas a tháinig Catherine Murphy chun tosaigh de bharr na sár-oibre a rinne sí ag fiosrú chúlra díol an chomhlachta Siteserv leis an bhfear gnó Denis O’ Brien.

Is mar thoradh ar an mbealach gur lean sí léi in ainneoin constaicí ag baint freagraí diaidh ar ndiaidh as an Rialtas go mbeidh an scéal ar fad á fhiosrú anois.

Is iontach le tráchtairí áirithe go bhfuil Stephen Donnelly sa bpáirtí nua. Tá an bheirt eile ar an eite chlé ach is céimí innealtóireachta agus riaracháin é Donnelly nach mbíodh mórán bainte aige leis an bpolaitíocht roimh an toghchán cinniúnach sin i 2011.

Tá meas agus clú bainte amach aige as an seasamh neamhspleách eacnamaíoch a ghlacann sé – seasamh atá bunaithe ar a ghéire anailíse féin.

Tá dornán polasaithe foilsithe acu: deireadh le táillí uisce, saoire máithreachais bliana, deireadh leis an Ochtú Leasú Bunreachta faoi ghinmhilleadh, árachas sláinte do chách agus comhréir 2:1 idir caiteachas agus cánachas.

As na grúpaí ar fad atá tagtha as na Neamhspleáigh, is é seo an ceann is mó a thuillfidh meas an phobail ó thaobh pearsanra de.

D’fhéadfaí duine ar bith den triúr sin a cheapadh mar aire amárach agus muinín a bheith agat as a mbreithiúnas faoi chúrsaí tromchúiseacha.

Is é a locht a laghad acu atá ann faoi láthair, áfach, agus easpa eagraíochta an pháirtí ar fud na tíre san aimsir ghearr atá fágtha roimh thoghchán.

Go dtí seo, níl tasc ná tuairisc ar ghrúpa nua ó na Neamhspleáigh níos faide amach ar an eite chlé ach seans go bhfeicfidh muid a leithéid roimh an toghchán.

Ar ndóigh, beidh na comhghuaillíochtaí seo ag súil go bhfágfaidh an toghchán an páirtí is mó ar an trá fholamh agus iad ag cuartú páirtnéirí chun rialtas a bhunú.

Má fhanann Fine Gael ag 24 faoin gcéad agus an Lucht Oibre ag a hocht, bheadh bearna mhór le líonadh muna dtitfeadh Fianna Fáil (18 faoin gcéad) isteach leo.

Dá dtiocfadh Sinn Féin (17 faoin gcéad) isteach bheadh an scéal mar an gcéanna fiú le Fianna Fáil mar pháirtnéir.

Beidh leathbhádóir sóisearach de dhíth ar bhealach amháin nó ar bhealach eile!

An léamh atá ag an Rialtas ar ndóigh go mbeidh meon an phobail athraithe go hiomlán faoi am an toghcháin.

Beidh arduithe pá, ciorruithe cánach agus bronntanais eile sa mbuiséad. Táthar ag súil go mbeidh rabharta buíochais ann in Earrach 2016.

Ach anois, tá uirlis éifeachtach chogaidh eile acu.

Díreach ar nós Uiliséas i scéal na Traí a cheangail corpán Eachtair lena charbhad agus a tharraing thart ar an Traí é chun eagla a chur ar a namhaid, déanfar amhlaidh anseo.

Ceanglófar corpán Syriza na Gréige le carbad an Rialtais agus beidh sé á tharraingt tríd na sráideanna mar léiriú ar an tubaiste a tharraingeodh anuas bua don eite chlé agus Sinn Féin.

“Sin é ráiteachas na tairngireachta” mar a deirtear sa seanamhrán as Cúige Mumhan.