‘Céim ar gcúl’ an choimisinéara

Cúrsaí teanga ag dul in olcas

Ba thráthúil gur tháinig tuarascáil an Choimisinéara Teanga, Seán Ó Cuirreáin, do 2012 amach le linn Sheachtain na Gaeilge tráth a mbíonn a mblaiseadh beag bliantúil ag polaiteoirí agus daoine tábhachtacha eile de cup-a-soup cultúrtha na teanga.

Díreach agus iad ag luí amach orthu féin le cúpla focal moltach faoi na documentaries ar TG4 nó an Ghaelscoil áitiúil, loit an coimisinéir a mbuzz orthu lena fhíorscéalta faoi chás na teanga.

“Tóg do chéad chéim!” an mana atá ag Seachtain na Gaeilge i mbliana ach bhí teachtaireacht ní ba dhuairce ag an gcoimisinéir dúinn inné: “Ní sárbhliain a bhí in 2012 maidir le cur chun cinn na Gaeilge i státchóras na tíre, agus ar scáth aon choiscéim a tugadh chun tosaigh, ba chosúil go raibh péire á dtabhairt ar gcúl.”

‘Céim chun tosaigh, dhá chéim ar gcúl’. Tá sé deacair an mana sin a shamhlú ar phóstaeir bholscaireachta agus ní dócha go mbeidh an coimisinéir ag fáil cuiridh chun a bheith mar ambasadóir ar Sheachtain na Gaeilge na bliana seo chugainn.

READ MORE

Ní geal le héinne an té a réabann an doras isteach ag an gcóisir chun an plug a bhaint den soicéad agus stad a chur leis gceol.

Ach is maith ann an coimisinéir chun an fhírinne faoin saol mar atá a chur ar ár súile.

Agus sa tuarascáil bhliantúil a d’fhoilsigh sé inné bhí scéal scanrúil eile aige ón saol sin mar atá.

Bhain an scéal le fiosrú a deineadh ar ghearán ó fhear óg i mBaile Átha Cliath a dhein iarracht a ghnó a dhéanamh trí Ghaeilge le baill den Gharda Síochána nuair a stopadar ar thaobh an bhóthair é le mionchoir tráchta a chur ina leith.

Is cosúil nach raibh ar chumas na ngardaí a stop é “Cad is ainm duit?” a fhiafraí dó nó a sheoladh a lorg trí Ghaeilge in ainneoin, mar a deir an coimisinéir, go raibh “a gcuid oideachais faighte acu i gcóras scolaíochta na tíre seo agus nach raibh a gcuid oiliúna mar Ghardaí sa Teampall Mór críochnaithe acu ach le beagán blianta roimhe sin”.

Tógadh an fear óg faoi ghlas lámh go stáisiún Gardaí, áit ar coinníodh é go dtí go raibh fáil ar gharda a bhí in ann déileáil leis trí Ghaeilge.

Le linn a fhiosrúcháin thug an coimisinéir suntas don dearcadh gur cheart déileáil le duine a roghnódh a chuid gnó a dhéanamh trí Ghaeilge amhail is gur “náisiúnach ón gcoigríoch” é.

Agus seo ar fad, mar a dúírt sé, i dtír ina maítear ina Bunreacht gurb í an Ghaeilge an phríomhtheanga oifigiúil ós í an teanga náisiúnta í.

“Labhair Gaeilge agus cuirfear faoi ghlas lámh tú mar a dhéanfaí le ‘náisiúnach ón gcoigríoch’!” B’fhéidir nach mbeadh an ceann sin ró-oiriúnach ach an oiread don phóstaer bolscaireachta.

Ach bhí léas beag dóchais san fhiosrúchán seo chomh maith. Mar thoradh ar imscrúdú an choimisinéara tá atheagar á dhéanamh ag ardbhainistíocht an Gharda Síochána ar an gcóras atá acu le déileáil leis an bpobal trí Ghaeilge.

Ní fhéadfadh an Garda Síochána faillí iomlán a dhéanamh i ndlí an Stáit ach, ar a laghad, tá siad ag glacadh leis go bhfuil fadhb ann agus tá iarracht ar bun acu chun an fhadhb sin a réiteach.

Léiriú é an méid sin leis ar éifeacht Oifig an Choimisnéara Teanga. Ní haon iontas gurb é scéal na nGardaí ba mhó a mhúscail suim na meán inné, ach bhí scéal eile sa tuarascáil ar cheart tuilleadh airde a thabhairt air.

“Beart suntasach” a d’fhéadfadh a bheith “ina fhasach contúirteach do chóras na scéimeanna teanga” a thug an coimisinéir ar chinneadh scéim teanga a leasú le dualgas a bhí daingnithe inti a chealú ar fad.

Bhain an cinneadh seo leis an dualgas a bhí ar Oifig Aicmithe Scannán na hÉireann lipéid dátheangacha “Oiriúnach le Breathnú” a chur ar dhioscaí digiteacha.

Nuair a dhein duine den phobal gearán nach raibh an gealltanas seo i scéim teanga na Roinne Dlí agus Cirt a chomhlíonadh, shocraigh an Roinn Dlí go ndéanfaí achainí ar Roinn na Gaeltachta.

In áit droim láimhe a thabhairt leis an achainí agus seasamh leis an éileamh réasúnta ón bpobal ar chearta teanga, dhein an Roinn agus an tAire Gaeltachta an dualgas a bhí daingnithe acu féin leis an eagras poiblí a chealú.

“Ba bhuille eile fós é d’inchreidteacht chóras na scéimeanna teanga mar atá siad á bhfeidhmiú faoi stiúir na Roinne,” a dúirt an coimisinéir. Ba dheacair easaontú leis an méid sin.

Ar an leathanach aoire Ar Son na Cúise a bhíodh á fhoilsiú ar an nuachtán Foinse tugtaí "50 seachtain an Bhéarla" ar an bhféile bhliantúil eile a thosaíonn a luaithe is a chuirtear clabhsúr ar Sheachtain na Gaeilge.

Beidh an fhéile mhór fhada sin ag tosnú arís an tseachtain seo chugainn.

Bímis buíoch go bhfuil Coimisinéir Teanga againn.