Ceisteanna flaithis agus féiniúlachta sna hoileáin seo

Níl deireadh le cur agus cúiteamh an reifrinn Albanaigh


Trí seachtaine atá imithe ó vótáil muintir na hAlban “níl” sa reifreann ar neamhspleáchas. Tá maolú tagtha ar an ísle brí a bhí le brath fiú san aer in Albain an oíche i ndiaidh an toraidh. Bhíos i nDún Éideann agus ba léir nach raibh ceiliúradh poiblí ar bun ag lucht “níl” – sásamh ciúin a bhí acusan.

Ach tá sé soiléir cheana féin go mbeidh impleachtaí an reifrinn – cúrsaí straitéiseacha polaitiúla – le cíoradh go ceann tamaill.

Maidir le hAlbain, bhí dícheangal suntasach le feiceáil i rith an fheachtais idir an beocht agus fuinneamh a bhí le sonrú san fheachtas “Bu chòir” – léirsithe móra spleodracha i gCearnóg Sheoirse Ghlaschú go rialta – agus rabhaidh agus ráitis loma ó lucht “Níl”/Better Together.

B’fhacthas do neart daoine a thacaigh le lucht “Bu chòir” le linn an fheachtais nach raibh cothrom na Féinne á thabhairt ar na mórmheáin – idir na cainéil mhóra teilifíse agus na nuachtáin “náisiúnta” pan-Bhriotanacha.

READ MORE

Ar ndóigh, bíonn “bolgán” ag imoibriú i gcroílár cumhachta ar bith – Westminster, Teach Laighean, an “Beltway” in Washington. Lucht na meán ag obair go cóngarach dá chéile, agus cóngarach do pholaiteoirí, agus go minic cóngarach do lucht gnó freisin. Suímh shóisialta i gcoiteann acu agus tionchar áirithe ag dream amháin ar dhream eile. Ní rud comhfhiosach é, don chuid is mó, ach tá sé éasca dearcadh áirithe ar mhórcheisteanna a shú isteach.

Má aimsítear bagairt “eiseach” don Ríocht Aontaithe féin, nárbh éasca a thuiscint conas mar a bheadh leibhéal áirithe amhrais á léiriú i leith urlabhraithe dreama a bhí ag iarraidh scaradh ón aontas céanna?

Ónár dtaobh de, tháinig socruithe Chomhaontú Aoine an Chéasta (1998) ar an oileán seo ar an saol – agus bunú tionóil agus feidhmeannais i dTuaisceart Éireann – timpeall an ama chéanna le déabhlóid cumhachta sa Ríocht Aontaithe.

Bunaíodh Comhairle Aireachta Thuaidh-Theas chun na náisiúnaithe abhus a shásamh, agus cuireadh “An Chomhairle Briotanach-Éireannach” – nó “Comhairle na nOileán” mar a thugtar uirthi go minic – ar bun ar an leibhéal “Thoir-Thiar”.

Tá dhá rialtas cheannasacha – Éire agus an Ríocht Aontaithe – mar bhaill, mar aon le feidhmeannais ó Oileán Mhanann, Geirsí, an Bhreatain Bheag, Tuaisceart na hÉireann agus Albain.

Níl cumhachtaí reachtaíochta ag an gcomhairle ach comhoibríonn na baill i réimsí sonraithe: drugaí; turasóireacht; cuimsiú sóisialta agus teangacha mionlaigh/neamhfhorleathana. Ach ag an chéad chruinniú mullaigh i 1999, aimsíodh réimsí eile tábhachtacha oibre, ina measc ceisteanna a bhain leis an Aontas Eorpach, le talmhaíocht agus le fuinneamh. (Sa chomhthéacs seo, cuimhnigh ar mhuilte gaoithe i lár na hÉireann, gan iad a bheith ag teastáil ó phobal Essex.)

Más fíor é go mbíonn bunaíocht na Breataine ag pleanáil go fadtéarmach, nach dócha go bhfuil feithicil cruthaithe a d’fheilfeadh go maith dá bhfágfadh Albain (nó aonad ar bith eile) an Ríocht Aontaithe amach anseo? Cineál “Comhairle Nordach”, na hOileáin “Bhriotanacha” ag obair le chéile ar mhórcheisteanna?

Tuige nach mbeadh cúrsaí cosanta i gceist freisin?

Dá gcaillfeadh Sasana tionchar áirithe tríd an Aontas Eorpach a fhágáil agus trí bhriseadh suas na Ríochta Aontaithe am éigin, bheadh Plean B féin de dhíth, le tionchar polaitíochta/eacnamaíochta a imirt chun a leasa.

Tréimhse chorraitheach romhainn, mar sin de: Nigel Farrage ag bagairt ar na Coimeádaigh; cumhachtaí breise “devo-max” le socrú d’Albain (go tapa, de bharr na ngealltánas uile) agus an fhéidearthacht ann go mbeidh reifreann ar bhallraíocht na Ríochta Aontaithe san Aontas Eorpach. (Tá Nicola Sturgeon, Leas-Chéad Aire na hAlban, ag rá go n-ardódh sé seo ceist an neamhspleáchais athuair toisc na hAlbanaigh a bheith níos báúla leis an Aontas Eorpach.)

Seans go mbeidh tábhacht i gComhairle na nOileán amach anseo. Beidh orainn sa Phoblacht níos mó suime a chur i mórcheisteanna mar seo. Cá luíonn ár leas ar cheisteanna an Aontais Eorpaigh? Neodracht mhíleata? Trádáil idirnáisiúnta? An branda “Éireannach”? Bhfuil “línte dearga” ag an Rialtas abhus?

Ach tá ábhar amháin agam féin do chlár oibre na comhairle: an féidir leo a chinntiú go gcuirfí BBC Alba ar fáil go forleathan sa Phoblacht?