Cnuasach nua aistí ar chultúr na hEorpa seolta ag Mac Con Midhe

Litríocht agus smaointe na mór-roinne faoi chaibidil

Bhí mórán píosaí i nGaeilge ag Torlach Mac Con Midhe ar an pháipéar seo thar na blianta, píosaí a bhain le cás teangacha ar mhór-roinn na hEorpa.

Ní ábhar iontais é sin nó tá an t-údar ‘ar deoraíocht’ thar lear agus é ina chónaí le 17 bliain san Eilvéis. Dá bharr sin, is údar Gaeilge é a bhíonn ag plé, ní leis an Bhéarla agus domhan an Bhéarla, ach le cultúir agus teangacha Eorpacha eile.

Seoladh leabhar nua dá chuid – Aistí Eorpacha (Coiscéim, €10) sa Siopa Leabhar, Baile Átha Cliath, ar na mallaibh.

Cnuasach aistí critice agus cultúir atá sa leabhar seo, agus chóir a bheith gach ceann díobh suite in áit faoi leith ar mhór-roinn na hEorpa: sa Fhrainc; sa Ghearmáin; san Eilvéis; san Ostair; san Iodáil; sa Ghréig.

READ MORE

Tá trácht iontu ar áiteanna sna tíortha sin, agus ar litríocht, smaointeachas agus gnéithe eile den chultúr a bhaineann leo.

Lena chois sin, déanann Mac Con Midhe tagairt do shaol na Gaeilge agus do chúrsaí in Éirinn.

Creideann sé go bhfuil sé riachtanach go dtugann lucht na Gaeilge aire ar shaol cultúrtha na mór-roinne.

Eoin Mac Aogáin, a scríobhann léirmheasanna go rialta do Feasta, a sheol an leabhar go hoifigiúil.