Cogaí Albanacha

Clocha cuimhne breacaithe ar fud na tíre ina bpúcaí lá na vótála


Is beag baile nó crosbhóthar ar feadh críocha na hAlban nach bhfuil cloch chuimhne éigin ann ar a bhfuil liosta ainmneacha fada truamhéalach greanta.

Liosta na bhfear óg a fuair bás sa chéad chogadh mór. Léann tú iad agus an tocht ag éirí aníos id chliabh: Camshrónaigh má’s in áit amháin duit, Cambhéalaigh in áit eile, Domhnallaigh i mball éigin eile fós.

A bhformhór idir 16 mbliana d’aois agus an 20 féin dá mbeadh an t-ádh leo. Tá grianghraif agam dá lán mar tá intinn mar sin agam, agus is de shuimiúlacht nach mbíonn ach dornán ainm curtha leo thíos a fuair bás sa dara cogadh a tháinig ina dhiaidh.

An chúis ba mhó leis sin, gan amhras, ná go raibh fir óga ghlúin an Somme agus Loos agus Passchendaele marbh. Ní féidir le taibhsí glúin eile a ghiniúint.

READ MORE

Murab ionann agus an fhionnachtain dhochreidte abhus go raibh Éireannaigh (a bhfuil “Irish soldiers” orthu sna nuachtáin anois ar masla é dóibh siúd atá in Arm na hÉireann) ag troid ar son na Breataine, tá seantaithí in Albain ar bhás a fháil faoin ngrian úd nach bhfeictear sa bhaile.

“There was a soldier, a Scottish soldier, who wandered far away, and soldiered far away,” mar atá in amhrán baoth milis Andy ‘Donald Where’s Your Troosers’ Stewart: “Because these green hills are not highland hills, nor the Island hills, they’re not my land’s hills...”

Sea, má sea, an té a chaithfeadh meabhair leo mar fhocail, is é ciall a bhainfeadh sé astu, ná go raibh an Scottish soldier ag troid ar son rud éigin a bhí deoranta dó féin – ach ná gabhtar rófhada leis seo – nach ar son a mhuintire féin a bhí sé.

An Maor-Ghinearál Hector MacDonald, “Eachann nan Cath,” ar caitheadh a mhuintir féin amach as a ngabháltas toisc – fan nóiméad go smaoineoidh mé ar an gcúis (caoirigh nó rud éigin) – lá leisce ní raibh air daoine a chur as seilbh ná a mharú san India, san Afganastáin, sa tSúdáin agus san Afraic Theas idir 1880 agus 1901.

Laoch mór de laochra móra na tíre a bhain na gradaim b’airde amach in arm na himpireachta ba ea é, agus is ea fós.

Aon sampla amháin díobh.

In ainneoin an tsuathaidh intleachtúil in Albain le bliain anuas, agus in ainneoin tacaíocht fhormhór an aosa dána níl a n-áiteamh cultúir agus féinmheasa gafa go smior sa phobal trí chéile fós.

Is é atá i ndíospóireacht neamhspleáchas na hAlban faoi láthair, díospóireacht olltoghcháin.

Conas mar a bheadh an ráta úis, tionscal na longthógála, ioncam seachtainiúil, ráta an phinsin, costas an naíonra, tacaíocht don iascaire, cíos na cóisire, praghas an phionta, luach an leanna, pinginí ar bhóithre, cead chearca fraoigh a lámhach, ceadúnas an mhadra agus mar sin de ar aghaidh, dá mbeadh siad neamhspleách.

Ní díospóireacht shaoirse pholaitiúil í sin ach tincléireacht ar na himill.

Samhlaigh díospóireacht mar í sa bhFionlainn nuair a bhíodar á saoradh féin i mblianta tosaigh na haoise seo caite, nó sa Liotúáin 1989, nó san Ailgéir 1954-62, nó san India timpeall ar 1947, nó sa Bhulgáir 1908, nó in Vítneam 1945, nó 1954 nó 1975, nó pé bliain is maith leat. Ar chúis éigin, níorbh iad na cúraimí thuas a bhí sa treis.

Tá saoirse pholaitiúil bunaithe ar an tuiscint shimplí gan-a-bheith-róchasta go bhfuilimidne, pé sinn féin, ar a laghad chomh maith libhse. Is dá réir sin, beimid lánábalta ar ár gcuid gnóthaí a riaradh chomh maith céanna, agus b’fhéidir níos fearr. Is é is brí le náisiúnachas, nó le treibheachas, nó le státachas, ná go bhfuilimidne, inár gcáilíocht féinig mar dhaoine chomh dínitiúil libhse le bhur n-impireacht agus le bhur bpáláis órga is le bhur n-arm lánbhuamaphléascánacha.

Laige a bhaineann le hAlbain ná gur dóigh leo nach bhfuil siad airí ar an seasamh nádúrtha seo a shantaigh nach mór 200 tír eile.

Is í an fhadhb is mó a bhaineann leo ná gur shloig siad hólas bolas teagasc na himpireachta.

Is deacair dóibh na leachtaí sin i ngach aon sráidbhaile agus ar gach aon chrosbhóthar sa tír a shéanadh. Sileadh fuil go fuíoch ar son go gcloífí na ndorchánach is na “lesser breeds without the law” ar fud an domhain mhóir bhraonaigh agus thirim.

Áirítear go raibh an ceathrú cuid d’fhir na hAlban idir 1792 agus 1815 ag plé le seirbhís éigin míleata, agus lean dílseacht na seanaigne sin iad cuid mhór ó shin. Chomh déanach le heachtra mhí-ámharach Suez in 1956, ba láidre tacaíocht in Albain don ionsaí ná i Sasana féin.

Braithim go mbeidh na clocha cuimhne sin atá breacaithe ar fud na tíre ina bpúcaí fós lá na vótála.