Coimhlint na Coiribe


An tseachtain seo caite thug an EPA ceadúnas astúchán do Shell do thobar gáis na Coiribe. Deir Shell go bhféadfadh an gás a bheith á dháileadh roimh dheireadh na bliana ach cead an Aire a bheith acu.

Seo an togra is mó ar tugadh faoi sa Stát ariamh agus gan aon amhras is é an togra is achrannaí é freisin.

Tá ceachtanna le foghlaim ón gcaoi ar láimhseáil Shell agus an Rialtas (cuma cé acu) an togra seo. Is sampla é seo conas gan do ghnó a dhéanamh. Beifear ag súil nach dtabharfaidh aon ollchomhlacht idirnáisiúnta nó aon rialtas eile faoi thionscnamh mar seo trí neamhshuim a dhéanamh de mhianta an phobail.

Enterprise Oil a bhí i mbun taiscéalaíochta nuair a aimsíodh an tobar gáis.

READ MORE

Fáiltíodh go mór roimh an nuacht go náisiúnta óir bhí foinsí gáis eile ag triomú. Fáiltíodh roimhe i Maigh Eo mar síleadh go mbeadh críochphort próiseála le tógáil láimh leis an tobar gáis mar atá in áiteacha eile agus go mbeadh píblíne de ghás próiseáilte ag teacht i dtír.

Ceapadh le críochphort ar muir go mbeadh obair sheasta fhadtéarmach a bhain le soláthar seirbhísí ann.

In imeacht ama cheannaigh Royal Dutch Shell, Enterprise agus is iadsan agus a bpáirtnéirí a chuaigh i mbun forbartha. Is ansin a thosnaigh an trioblóid óir shíleadar go nglacfaí leo gan cheist toisc ganntannas oibre sa cheantar.

Fógraíodh nach ar muir a bheadh an críochphort próiseála ach naoi gciliméadar intíre agus go mbeadh píblíne ardbhrú de ghás truaillithe ag rith i bhfoisceacht cúpla céad méadar de thithe cónaithe. An leithscéal a tugadh ná go gcosnódh an críochphort ar muir an-iomarca agus go mbeadh sé contúirteach d’oibrithe. Níor léir go raibh tuiscint ar bith d’imní an phobail faoin gcontúirt dóibhsean.

Tá an pobal áitiúil agus go deimhin an Stát go mór faoi chomaoin ag lucht feachtais a sheas an fód, a cuireadh i bpríosún, chun coinníollacha níos sábháilte a bhaint amach. De bharr a bhfeachtas leanúnach íslíodh an brú sa phíblíne go mór agus tá sí anois ag dul trí thollán ar ghrinneall na farraige.

In ainneoin an fheachtais in aghaidh na píblíne agus an éiginnteacht faoin gcead pleanála lean Shell orthu ag caitheamh airgid ar an gcéad phlean agus ní go dtí gur dhiúltaigh an Bord Pleanala don phíblíne ar talamh a thugadar faoi thollán costasach ar thóin na mara.

Bhí a gcuid iarratas pleanála agus iarratas ceadúnais lochtach agus diúltaíodh go minic dóibh i rith na mblianta, rud a chuir go mór leis an gcostas.

Go hiondúil tarlaíonn comhairliúchán pobail sula dtosaítear ar thionscnaimh mhóra chonspóideacha. Dá dtosófaí leis an gcomhairliúchán, dá mbeadh Shell agus a pháirtnéirí sásta éisteacht leis na daoine faoi shuíomhanna eile seachas dul isteach sa mhullach orthu ag iarraidh a gcuid pleananna a bhrú ar aghaidh beag beann ar mhianta an phobail, gach uile sheans go mbeadh an tobar gáis leathídithe faoin am seo.

Shábhálfadh Shell airgead, ní bheadh orthu a bheith ag mealladh an phobail trí thacaíocht a thabhairt do gach uile imeacht áitiúil, páirc peile nó féile agus bheadh an críochphort ar muir tógtha ar chostas i bhfad níos lú.

Níos tábhachtaí fós ní bheadh an pobal scoilte. Chothaigh na híocaíochtaí ar chead slí trí thalamh drochfhuil. Mealladh daoine eile le geallúintí fostaíochta gearrthéarmacha.

É sin agus bás fir i dtógáil an tolláin an costas is mó a bhaineann leis an gconspóid seo. Airíonn an pobal áitiúil gur beag tuiscint a léirigh an chuid eile den tír dá gcás.

Tuigeann siad go maith go bhfuil gá leis an ngás, níl éinne acu i gcoinne é a thabhairt i dtír ach spréach an easpa tuisceana sna meáin faoi “nach bhfuil píblíne gáis taobh amuigh de mo dhoras féin” iad.

Ba chúis iontais dóibh nár léir an difríocht idir píblíne de ghás glanta próiseáilte ar mheánbhrú – rud atá coitianta sna cathracha – agus píblíne de ghás truaillithe neamhphróiseáilte ar ardbhrú.

Airíonn siad freisin gur lig na polaiteoirí síos iad agus gur tábhachtaí dóibh soláthar gáis don chuid eile den tír ná sábháilteacht cúpla céad duine i gCill Chomáin agus máguaird.

Is eagal liom gur fada go gcneasóidh na créachta ón gconspóid seo ach má tá an gás le sileadh as seo go Nollaig tá súil agam go gcinnteoidh na húdaráis sábháilteacht na ndaoine agus go ndéanfar monatóireacht leanúnach air.