Coimhthíos an phobail leis an pholaitíocht

Tá vótóirí sa Tuaisceart bréan de Stormont


“Tá an sorcas fós ar siúl.” “Teip agus cur i gcéill – cé a bheadh ag súil lena mhalairt ón dream sin i Stormont.” “Dá dtitfeadh an feidhmeannas agus an tionól an dtabharfadh éinne faoi deara – cé is moite de na polaiteoirí atá ag baint saibhris as?” “Leanfaidh an tseafóid seo go dtí toghchán Westminster.”

Blaiseadh is ea iad sin de na tuairimí a nochtadh ar shráideanna Bhéal Feirste le cúpla lá anuas. Bhí caint ollpháirtí nó idirpháirtithe fós sa tsiúl tar éis phraiseach na seachtaine seo caite ach bhí coimhthíos an phobail leis an bpróiseas follasach.

Gan dabht, bhí baill ghníomhacha de pháirtithe corraithe faoin easpa réitigh agus faoi imeacht tobann phríomhaire na Breataine ach ba chuma lena lán. Is mór idir an dóchas a bhí ag daoine as polaitíocht dhíláraithe agus an phatfhuaire agus soiniciúlacht ar taispeáint inniu.

Bhí na polaiteoirí míshásta leis an bpríomhaire David Cameron faoina thairiscint easnamhach de bhilliún punt i bhfoirm iasachtaí.

READ MORE

Tá an tsaoráid iasachta sin ar fáil cheana féin ach le haghaidh chaiteachas caipitil amháin. “Breab lenár gcuid airgid féin,” arsa Peter Robinson, Chéad Aire Thuaisceart Éireann. Bhí Sinn Féin níos nimhní: “suim shuarach á tairiscint ag sprionlaitheoir,” ar siad.

Bhain stíl Cameron siar as na páirtithe logánta freisin. Ní raibh taithí acu ar phríomhaire nach raibh toilteanach éisteacht lena liosta fada éilimh. Ba é seo an chéad bhabhta idirbheartaíochta le Cameron agus bhíodar go léir aontaithe nár mhargáil é.

Mar sin féin, deir na páirtithe go leanfaidh a gcainteanna agus gur mian leo réiteach a aimsiú roimh Nollaig. Is deacair a shamhlú conas a dhéanfar sin.

An nglacfaidh Sinn Féin leis na ciorruithe leasa shóisialaigh? Tá siad doghlactha acu; deir siad go bhfuil sé sin doshannta. An féidir a theacht ar fhoirmle a sháródh an fhadhb sin? Gan an ciste a bhí á éileamh chun a dhul i ngleic le fadhbanna sóisialta, idir drochshláinte, dífhostaíocht agus iarmhairt an fhoréigin is cosúil go bhfuil teip dosheachanta.

Is í an cheist cad a bheadh i ndán do Stormont ansin? Deir an DUP nach mian leo an feidhmeannas agus an tionól a scor. Deir Sinn Féin an rud céanna.

Chuile sheans go gcoinneofar Stormont ag imeacht, go bacach go ceann tamaill eile. Ní mór don bhfeidhmeannas buiséad de chineál éigin a aontú tar éis shaoire na Nollag.

Bheifí in ann fanacht in oifig, mar a rinneadh le breis is bliain gan aon cheo mórán a dhéanamh. Is ar thoghchánaíocht le haghaidh mhí na Bealtaine a bheidh aird. D’fhéadfaí cinneadh a dhéanamh go mbeadh toghchán tionóil ann ar an lá céanna le vótáil do Westminster ach seans gur beag buntáiste a bheadh le baint as sin.

Tá an pholaitíocht sa Bhreatain chomh guagach le hÉirinn. Tá caint san DUP faoi ról lárnach a bheith acu sa chéad pharlaimint eile – David Cameron nó Ed Milliband a bheith ag brath orthu chun rialtas a chur le chéile nó mar thaca le rialtas mionlaigh.

Is beag an méid ocht suíochán (má choinníonn an DUP a bhfuil acu) nó naoi san uimhríocht i Westminster ach is cuimhin leis an DUP nuair a bhí cóimheá na cumhachta ag an UUP agus ba bhreá leo blas de. Níl sé soiléir fós cén quid pro quo a d'éileodh an DUP – ach bheadh brú orthu chun féiríní a fháil do Thuaisceart Éireann.

Níl aon chaint ag Sinn Féin ar éirí as a bpolasaí neamhfhreastail agus glacadh lena suíocháin i Westminster. Ní hé sin le rá nach bhfuil súil ghéar acu ar a bhfuil i ndán do Cameron agus Milliband.

Maíonn cuid dá lucht tacaíochta go mbeadh Sinn Féin ag éileamh go seasfadh Ed Milliband, mar phríomhaire, lena fhocal go mbunófaí fiosrú neamhspleách faoi dhúnmharú Pat Finucane. Bheidís ag súil freisin go mbeadh tiomantas níos mó ag an Lucht Oibre don phróiseas polaitíochta/síochána abhus ná mar atá ag Cameron agus na Tóraithe.

Idir an dá linn, cé is moite de “na fíréin” a thacaíonn lena bpáirtithe cuma cad a dhéanann nó nach ndéanann siad beidh an pobal ag ceistiú cad is fiú Stormont.

Má bhreathnaíonn na páirtithe ó dheas chífidh siad (le fás na neamhspleách) an coimhthíos atá ag daoine leis an mbunaíocht. Níl na coinníollacha céanna anseo i ngeall ar an dílseacht d’aontachtaithe nó náisiúnaithe ach tá an ráta vótála ag titim go seasta agus an tuirse de gheáitsíocht i Stormont le clos i ngach ceard.

Ní tráth neamhairde é.