Cois sléibhe

Tá an t-am ann ceiliúradh a dhéanamh ar cheantar atá sáite sa stair


"An tráth do mhair Fionn 's an Fhiann Dob ansa leo sliabh ná cill"Lon Doire An Chairn le Peadar Ó Doirnín

Mar dhalta bunscoile ar an Mhullach Bhán in Ard Mhacha Theas, bhí an t-ádh dearg orm.

Ní raibh gá le leabhair ildáite chun íomhánna na finscéalaíochta a shamhlú.

Trí fhuinneoga an tseomra ranga bhí an sliabh mistéireach maorga ina luí go ciúin, 576 méadar thar bailtí fearainn Fháinne Chnoc Shliabh gCuillinn.

READ MORE

Bhí radharc an tsléibhe ag gach aon pháiste nuair a chuala muid den chéad uair faoin laoch croíúil cróga a lean carria bán go dtí an barr, áit a raibh cailín álainn ag fanacht leis in aici an locha.

Bheimis ag stánadh ar an mhullach chéanna, ag éisteacht go géar faoin dóigh gur athraíodh Fionn Mac Cumhaill ina sheanfhear chomh luath agus a léim sé isteach sa loch draíochta chun fáinne a fháil ar ais don spéirbhean. Ach nuair a d’amharc Fionn ar ais uirthi, ní spéirbhean a bhí inti ach an Chailleach Bhéara a chur faoi gheasa droma draíochta é.

Dar leis an scéal, ní fada gur tháinig na Fianna aníos an sliabh. Rinne siad bagairt ar an chailleach go ligfeadh siad an t-uisce amach ón loch leis an tír a scriosadh, agus d’athraigh sí Fionn ar ais ina fhear óg láidir.

Chuir na Fianna a naimhde de dhroim seoil agus bhí an tsíocháin i réim arís. D’fhás glúnta de pháistí áitiúla aníos le miotaseolaíocht na tíre seo agus Sliabh gCuillinn ina meabhrúchán sofheicthe seasmhach acu de thraidisiún ársa an cheantair.

Ní stopann an litríocht ansin ar ndóigh agus dá gcreidfeá Filí Oirialla an 18ú haois, cheapfá nach dtiocfadh leat bogadh i nDeisceart Ard Mhacha gan spéirbhean a fheiceáil.

Bhíodh siad in úrchill an Chreagáin le héirí na maidne, dar le hArt Mac Cumhaigh nuair a “tháinig ainnir fá mo dhéin le póig”.

Scríobhann Peadar Ó Doirnín faoi "rún na héigse" in Úrchnoc Chéin Mhic Cainte a chuaigh go mór i bhfeidhm air go dtí go raibh sé "brúite i bpéin, gan suan gan néal".

Ba as an Chreagán lasmuigh de Chrois Mhic Lionnáin a dhlúthchara, Séamas Mór Mac Murchaidh, file a raibh clú agus cáil air mar ropaire agus mar rógaire i measc na mban.

Bhunaigh an bheirt acu scoil filíochta ar an Mhullach Bhán áit a mbíodh pobal an cheantair ag roinnt dánta lena chéile go rialta.

Tá an-ráchairt ar Fhilí Oirialla go fóill ar ndóigh agus is féidir Rianta na bhFilí a leanstan tríd na sráidbhailte ag bun an tsléibhe – an Mullach Bán, Foirceal, Cill Shléibhe, Camloch agus an Creagán – chun foghlaim faoi shaol agus shaothar na bhfilí.

Níos moille anonn, tháinig Michael J Murphy, scríbhneoir agus béaloideasóir ó Learpholl go Dromainn Tí i nDeisceart Ard Mhacha i 1922. Ina chuid scríbhneoireachta, déanann sé ollcheiliúradh ar radharcanna áille Shliabh gCuillinn agus ar na daoine a chónaíonn faoi scáth an tsléibhte.

Sa leabhar Mountain Year, molann sé do dhaoine sliabh amháin a dhreapadh gach aon bhliain agus deir sé nach féidir le duine radharcanna Shliabh gCuillinn a shárú.

Seans go bhfuil mise agus Michael J beagnán claonta ach cibé rud a deirtear faoi spéirmhná an cheantair ní féidir a shéanadh gur Limistéar Sáráilleachta Nádúrtha atá ann.

Is féidir sult a bhaint as lá ar an tsliabh má bhíonn tú ag siúl, ag rothaíocht, ag imirt gailf nó i mbun dreapadóireachta.

Tagann geolaithe chun staidéar a dhéanamh ar na bruthcharraigeacha agus bíonn saineolaithe fiadhúlra i mbun taighde ar an iora rua. Meallann an tírdhreach garbh galánta teaghlaigh áitiúla mar aon le turasóirí ó gach cearn den domhan.

I bhfírinne, níor thuig mé luach m’áit dhúchais féin go dtí go raibh mé ar ollscoil i Michigan. Bhíodh na Meiriceánaigh de shíor ag inse dom gur dhuine sona beannaithe mé ag fás aníos in Éirinn.

Cé go ndeachaigh siad rud beag thar fóir ag moladh gach rud a bhí glas, bhí an ceart acu. In Iarthar Láir na Stát Aontaithe tá an talamh ina chlár, agus déanann muintir na tíre a seacht ndícheall ceangal ceart a dhéanamh le cultúr a théann níos faide siar ná 200 bliain.

Nuair a d’amharc mé siar ar Dheisceart Ard Mhacha, d’aithin mé áilleacht na sléibhte, saibhreas na litríochta agus cairdeas na ndaoine ar bhealach níos doimhne ná mar d’éirigh liom go dtí sin.

Ceapaim go bhfuil an ceart agam a bheith bródúil as mo cheantar dúchais féin de thairbhe na staire, na litríochta agus, ar ndóigh, acmhainn spóirt na bpeileadóirí atá le fáil ann.

In ainneoin na luachanna sin uilig áfach, nuair a deirim le daoine i ndeisceart na tíre seo gur as Ard Mhacha Theas mé, is minic a thagann cuma mhíshuaimhneach orthu agus gan rud ar bith dearfach le rá acu faoi.

Léiríonn sé sin go bhfuil daoine go fóill ag nascadh an cheantair leis an mhíchlú a bhí air le linn na dTrioblóidí. Tuigim an imní go pointe mar tá daoine ann nár chuala ach na drochscéalta amháin.

Tá sé in am dúinn an íomhá sin a fhágáil inár ndiaidh agus ceiliúradh a dhéanamh arís ar cheantar atá sáite sa mhiotaseolaíocht, áit a mbainfeadh an radharc an anáil díot.

Is tearmann é an sliabh ciúin suaimhneach agus fad is eol dom níl aon ábhar buartha ann ach an Chailleach Bhéara ar a bharr.