Comhdháil Idirnáisiúnta ar na healaíona agus pleanáil teanga

Beidh comhdháil idirnáisiúnta ar ról na n-ealaíon sa phleanáil teanga mar chuid den Oíche Chultúir sa Ghaeltacht Meán Fómhair na bliana seo.

Tiocfaidh ealaíontóirí na Gaeltachta agus saineolaithe teanga le chéile i gConamara leis an ról atá ag na healaíona i gcur chun cinn na teanga a phlé.

Beidh ionadaithe as Albain, an Bhreatain Bheag, Tír na mBascach agus an Ísiltír i láthair le léargas a thabhairt ar an dea-chleachtas ina réigiúin féin.

Labhróidh ealaíontóirí aonair agus eagraíochtaí Gaeltachta le béim faoi leith a chur ar stádas na Gaeilge. Cuirfidh lucht na comhdhála samplaí éagsúla os comhair an lucht freastail le léargas a thabhairt ar an dóigh is fearr le cúrsaí ealaíon agus pleanáil teanga a nascadh le chéile.

READ MORE

Tabharfaidh iar-phríomhstiúrthóir RTÉ agus iar-cheannasaí TG4, Cathal Goan, príomhchaint na comhdhála Déardaoin 17ú Meán Fómhair agus beidh oíche mhór cheoil ann an oíche dár gcionn.

Le cois na n-imeachtaí i gConamara, beidh ócáidí eile i gCiarraí agus i nDún na nGall.

€30 an costas cláraithe don ócáid agus táthar ag glacadh le hainmneacha anois ar shuíomh Ealaín na Gaeltachta, www.ealain.ie. Eolas: ealain@udaras.ie

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí is a former Irish-language editor of The Irish Times