Comóradh conspóideach Chonstáblacht Ríoga na hÉireann

Mhúscail an chonspóid freagairt bhorb ón bpobal

FOCLÓIR: Clampar - commotion, athmhuintearas - reconciliation, freagairt - correspondence, borb - fierce, aitheantas - recognition, loisceadh - burning, breac-mhíleata - semi-military, péas - police.

Údar díomá a bhí ann don Aire Dlí agus Cirt Charlie Flanagan an tseachtain seo caite nuair a d’fhógair sé go raibh ócáid chomórtha ar ról Chonstáblacht Ríoga na hÉireann agus ar Phóilíní Mhórchathair Bhaile Átha Cliath le cur ar athlá.

Tharraing an ócáid, a bhí le reáchtáil i gCaisleán Bhaile Átha Cliath ar 17 Eanáir, neart clampar thar thréimhse chúpla lá - ach go háirithe tar éis d’Ard-Mhéara Chorcaí, John Sheehan, Méara chathair na Gaillimhe Mike Cubbard agus Cathal Crowe atá ina Mhéara i gCo an Chláir a fhógairt nach rabhadar chun freastal.

Agus é ag caint le Pat Kenny ar Newstalk ar an gCéadaoin, dúirt an Flanagánach go raibh atmaisféar “fíor-naimhdeach” cruthaithe faoin ócáid, cé gur a mhalairt sin, athmhuintearas seachas conspóid is dócha, a bhí mar bhunús leis an gcomóradh ón tús.

READ MORE

Bhain an bealach a chuaigh an scéal i bhfeidhm ar an bpobal siar as féin, dúirt sé. Mhúscail an chonspóid freagairt bhorb ón bpobal agus ní raibh leisce ar bith ar dhaoine a gcuid tuairimí faoi a nochtadh.

Ghlac an tAire leis go raibh botúin déanta sa phróiseas ach dúirt sé go raibh sé fós tábhachtach go dtabharfaí aitheantas don chonstáblacht. Gheall sé go leanfaí ar aghaidh leis an gcomóradh conspóideach seo am éigin amach anseo ach, roimhe sin, mhaigh sé go rachadh sé i mbun comhairliúcháin leis an gCoiste Comhairleach Saineolaithe ar Chomóradh an Chéid agus leis an bhfreasúra chun teacht ar shocrú nua.

Fórsa paraimíleatach

Is é bunús na conspóide is dócha ná go raibh deacracht mhór ag daoine comóradh a dhéanamh ar fhórsa paraimíleatach a raibh baint chomhtháite aige le hiarrachtaí an tír a smachtú go duáilceach le linn Cogadh na Saoirse.

Tá sé ráite nach raibh formhór an RIC ach i mbun a gcuid gnáth oibre laethúil agus iad ag comhlíonadh dualgas póilíneachta. I bhfocal eile, ní raibh baint ar bith ag a bhformhór le huafáis ar nós dhúnmharú Thomáis Mhic Cuirtín, loisceadh Bhaile Bhrigín agus dúnmharú na ndeartháireacha Aidan (14) agus Cecil O’Donovan (18) i Luimneach i mí Feabhra 1920.

Ach cén fáth go gcomóirfí iad díreach toisc gur póilíní iad agus go ndearna siad a gcuid oibre - obair a fuair siad íocaíocht ar a shon?

Cad faoi na daoine eile nach raibh an cháil chéanna orthu? Níor íocadh cuid mhór acu sin dar ndóigh ach nach ndearna siadsan a gcuid oibre freisin mar a rinne na póilíní?

Cén fáth nach iad scéalta na ngnáth dhaoine, na spailpíní, na feirmeoirí agus na cailíní aimsire atá á gcomóradh? Tar éis an tsaoil, nach orthu siúd a bhí cuid mhór den phobal ag smaoineamh le linn iomarbhá na seachtaine seo caite?

Parlaimint na Breataine

Bhíodar siúd i ndainséar a mbeatha freisin dar ndóigh. Ní gá ach sracfhéachaint a thabhairt ar pháipéir nuachta an lae nó ar dhíospóireachtaí pharlaimint Shasana le’n é sin a fheiceáil. Tá an iliomad cuntas ann ar mhodhanna ciapadh a úsáideadh leis an bpobal a choinneal faoi chos.

Ainneoin a ndúirt an Flanagánach níor ghnáth fhórsa péas iad an RIC.

Rialtas na Breataine féin a d’admhaigh é sin agus iad ag déanamh plé i bParlaimint na Breataine ar mhaoiniú an fhórsa. Níor ghnáth sheirbhís phóilíneachta é an RIC ná an DMP dar leo, ach fórsaí a bhí faoi dhiansmacht mhíleata agus, murab ionann is seirbhísí póilíneachta uile na Breataine, bhíodar, a deir siad, faoi smacht go díreach ag an gCoróin.

Agus é i mbun plé ar Bhille Chonstáblacht an Phéas i Westminster i Mí Deireadh Fómhar 1919, dúirt Príomh-Rúnaí na hÉireann Ian Macpherson: “Fórsa breacmhíleata is ea Constáblacht Ríoga na hÉireann i ndáiríre”.

Mar a dúirt feisire eile, an Major O’Neill, agus é ag glacadh páirt i ndíospóireacht ar phinsin don fhórsa, “Ní gnáth fórsaí péas iad Chonstáblacht Ríoga na hÉireann nó Phóilíní Mhórchathair Bhaile Átha Cliath. Fórsaí armtha is ea iad - fórsaí bhreacmhíleata - a leithéid d’fhórsa nach maireann in aon áit eile san Ríocht Aontaithe.”

Rud amháin gur féidir le gach duine aontú faoi is dócha ná gur chuir an conspóid is déanaí seo flosc ar dhaoine scéalta pearsanta a muintire féin a insint agus seans gur ansin a mhaireann réiteach na faidhbe.

B’fhiú an Chonstáblacht Ríoga a aithint mar ghné den stair agus is fiú idirdhealú a dhéanamh eatarthu siúd a rinne díobháil agus iad siúd nach ndearna dochar ar bith.

Is fiú tuiscint stairiúil agus shóisialta a fháil orthu siúd a bhallraigh san fhórsa agus na fáthanna a bhí acu leis. Is fiú freisin aird a tharraingt orthu siúd a d’fhág an fórsa mar nár aontaigh siad leis na polasaithe leatromacha a bhí á gcur i bhfeidhm acu.

Ach le tuiscint iomlán a fháil ar an stair seo, ba cheart éisteacht a thabhairt freisin do scéalta na ngnáthdhaoine a d’fhulaing ag an am.

Nótaí

Féile na Brídeoige 2020

Beidh Éigse na Brídeoige ag díriú ar chúrsaí athrú aeráide i mbliana agus beidh Rónán Ó Dálaigh, ball de Extinction Rebellion, Sinéad Mercier, taighdeoir ar athrú aeráide, Cleo Murphy, an Comhaontas Glas, Peadar Clark, Scoil an Ghleanna agus Sophie Ní Dhálaigh Nic Eoin, Coláiste na Sceilge, i mbun cainte ar an ábhar ar Dé Satharn 1 Feabhra san Halla Pobal, Dún Ghéagáin, Baile 'n Sceilg. Cuirfear tús le himeachtaí an mhaidin roimhe sin le hÉigse na nÓg agus scéalaíocht leis an seanchaí Seán Ó Laoghaire ag a 11.30am. Breis eolais ar fáil ó Fhíona de Buis ag fdebuis@gmail.com agus ag eigsenabrideoige.com.

Bleaist Eolaíochta ESB

Beidh lá speisialta eolaíochta agus STEM san RDS do scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta do Bleaist Eolaíochta ESB ar an 5ú Márta. Deis atá ann do pháistí teacht le chéile chun plé a dhéanamh ar chúrsaí eolaíochta agus spraoi a bheith acu leis. Bronnfar gradam ar gach rang a ghlacann páirt ann.

Caithfear clárú anseo esbscienceblast.com roimh Eanáir 22.

Deoraí

Tá amhrán snasta 'leitri-phop'i nGaeilge eisithe ag an ngrúpa Deoraí. Jack Delaney a scríobh 'Coincréit Fhuar' - amhrán ina dtugtar léargas ar fhear a bhfuil gach rud caillte aige agus ar na smaointe a bhíonn aige faoi féin, faoina shaol agus faoin domhan nua in a bhfuil sé. Tá físeán déanta ag Conan Brophy agus éiseófar amhrán eile le Insta girl Petrolrose agus amhrán le haisteoir John Connors amach anseo. Breis eolais le fáil ag deorai.com.

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is The Irish Times' Irish Language Editor, editor of The Irish Times Student Hub, and Education Supplements editor.