Comóradh filiúnta na nGael sa Chogadh Mór

Maraíodh Gaeil na hAlban ina mílte le linn an Chéad Chogaidh Dhomhanda


Bhí 690,000 Albanach ar fiannas le fórsaí na Breataine le linn an Chéad Chogaidh Dhomhanda, a lán Gael ina measc. Bhí traidisiún míleata láidir i nGàidhealtachd na hAlban agus, anuas air sin, nuair a cuireadh coinscríobh i bhfeidhm, ba bheag de Ghàidheil Alban a bhí sna gairmeacha forchoimeádta.

Liostáil 22.7 faoin gcéad de dhaonra Leòdhais i bhfórsaí na corónach agus deirtear go raibh na cailliúintí a d’fhulaing an t-oileán níos troime (ar bhonn cionmhar) ná in aon phobal eile in impireacht na Breataine.

Mar sin féin, cé go bhfuil an Cogadh Mór i mbéal an phobail faoi láthair, is baolach go ndéantar dearmad uaireanta nach Béarlóirí amháin a throid i bhfórsaí na Breataine. Ach más faon guth na nGàidheal sna leabhair staire, ní hamhlaidh atá sa litríocht.

Cumadh cuid mhór filíochta sa Ghàidhlig le linn an chogaidh, ar an Fhronta Baile agus ar bhlár an chatha. Abhus in Albain, chuir filí ar nós T. D. MhicDhòmhnuill, Iain Dhuibh MhicDhòmhnuill agus Sheonaidh Chaimbeul a nguth le bolscaireacht na Breataine.

READ MORE

Meascaítear siombail Bhriotanacha ina gcuid filíochta (mar shampla, Bratach an Aontais) le híomhánna Gaelacha (mar shampla, carachtair ón Fhiannaíocht) fianaise gur bhraith Gàidheil Alban ionannas le dhá fhéiniúlacht.

Móraítear an coincheap éalaitheach, “saorsa”, agus is iomaí trácht ar thírdhreach na Gàidhealtachd d’fhonn cur i gcuimhne don lucht léitheoireachta go bhfuiltear ag troid ar son tír a ndúchais.

Cé nach raibh filí an Fhronta Bhaile dall ar chostas daonna an chogaidh, d’aithin siad nach raibh aon áit don diúltachas ná don díomuachas agus gurb é a bpríomhdhualgas ná misneach a chur sa phobal. “Creidibh,” a scríobhann T. D. MacDhòmhnuill, “a dh’aindeoin iomadh bacadh ’s call”.

Is mór idir na dánta seo agus iad a cumadh i dtrinsí na hEorpa. Tá Dòmhnall Ruadh Chorùna (Dòmhnall MacDhòmhnuill) ar na filí is cáiliúla sa chorpas Gàidhlig a bhaineann leis an Chogadh Mór. As Uibhist a Tuath, liostáil sé sna Camshrónaigh ag tús an chogaidh. Leonadh ar an Somme é in 1916. Tugann filíocht Chorùna léargas scanrúil ar eispéireas na cogaíochta. Tarraingíonn sé codarsnacht láidir idir saontacht agus mórtas an ógra agus iad ag imeacht chun catha agus an t-uafás a bhí i ndán dóibh.

Is geall le radharc ón apacailipsis a chur síos ar chath an Somme: dorchaíonn an spéir, tá an talamh ar crith agus boladh domblasta plúchta ar an aer.

Seo an cogadh mar a mhair an file é: báisteach, láib, cumha, gás nimhe, gunnaí, pléascáin agus an t-ár. Ionsaíonn na Briotanaigh na Gearmánaigh – “sgrios sinn iad dhan t-sìorrachd”. Ionsaíonn na Gearmánaigh na Briotanaigh – “fir mo rùin-sa tuiteam air gach taobh dhiom”.

Ach níl in aon rud ach seal. Sa deireadh tháinig an choimhlint chun críche agus d'éirigh "grian na saorsa". Ach ba daor a cosnaíodh an bua: i ndán Chiorstai NicLeòid, Cuimhneachan 1914-1918, fitear snáithe bróin tríd an chaithréim agus an file ag cuimhneamh orthu siúd nach bhfillfidh.

Ach ní saoirse san Eoraip an t-aon chuspóir a bhí ag na Gàidheil sa chogad. Is údar suntais a mhinice is a dhéantar tagairt do chasaoidí faoi chúrsaí talún i bhfilíocht faoin Chogadh Mór – fiú i measc fhilí an Fhronta Bhaile is mó a bhí i bhfách le cúis na Breataine.

Dála na hÉireann, bhí corraíl mhór faoi chúrsaí talún in Albain ag deireadh an 19ú haois, agus an pobal tuaithe ag éileamh cearta tionóntachta, cearta seilge agus athdháileadh talún.

Nuair a labhair Lloyd George faoi “thír mar ba dual do laoich,” ba de réir bhunbhrí na bhfocal a thuig na Gàidheil an gealltanas. Cad is fiú íobairt an chogaidh, a fhiafraíonn T. D. MacDhòmhnuill, más i dtíortha i gcéin amháin a chosnaítear saoirse, agus gan faic ag laochra na hAlban?

Is rí-shuimiúil an chosúlacht idir Gàidheil Alban agus Dílseoirí Uladh: chreid an dá dhream go mbeadh Sasana faoi chomaoin acu i ndiaidh an chogaidh.

Ach nuair a theip ar an rialtas cur lena ngealltanas, is amhlaidh a chonacthas claonadh i measc sciar de phobal na hAlban i dtreo an náisiúnachais. Réimse leathan mothúchán atá le brath ar fhilíocht an Chogaidh Mhóir.

Ní ionadh go bhfuil cuimhne an chogaidh ceart chomh casta inniu.