Cruinniú, caint agus comhrá fud fad na tíre

Cruinniú i mBéal Feirste Beidh cruinniú ag an ghrúpa, Pobal, i Seomra RS062, Coláiste Naomh Muire, Bóthar na bhFál, Béal Feirste, Dé Aoine 27ú Feabhra ar 10.30am leis an cháipéis comhairliúcháin ‘Togra faoi choinne Bille Gaeilge’ a phlé.

Beidh na saineolaithe idirnáisiúnta ar dhlí agus theanga an tOllamh Robert Dunbar, Ollscoil Dún Éideann, agus an tOllamh Colin Williams, Ollscoil Caerdydd, páirteach sa chruinniú ar nasc físchomhdhála. Eolas: 048-90438132 nó eolas@pobal.org

Ardteist RnaG Cuirfidh RTÉ Raidió na Gaeltachta tús Dé Domhnaigh 1ú Márta le sraith nua, Gaeilge na hArdteiste, le Bláthnaid Ní Chofaigh.

Sraith dírithe orthu siúd atá ag réiteach don Ardteist atá i gceist, a bheidh á craoladh idir an Domhnach agus an Aoine 6ú Márta ag 8.30 pm.

READ MORE

Tá béim ar leith ar an scrúdú béil san Ardteist agus méadú tagtha ar sciar na marcanna don scrúdú ó 25 faoin gcéad go 40 faoin gcéad.

Díreoidh trí chlár sa tsraith ar eilimintí uilig an scrúdú béil – an tsraith pictiúr, an léamh filíochta agus an comhrá.

Cloisfear bréagscrúduithe agus moltaí na múinteoirí ar fhreagraithe na ndaltaí, botúin a rinne siad, bealaí le feabhas a chur ar a gcuid freagraí agus nodanna eile den chineál sin.

Díreoidh na cláracha eile sa tsraith ar réimsí eile an scrúdaithe – prós, filíocht, aistí, agus an chluastuiscint.

Os a choinne sin, beidh comhairle ó shíciatraí, saineolaí bia, príomhoide agus múinteoir gairmthreorach do dhaltaí le teacht ar na bealaí is fearr le bheith sláintiúil le linn an scrúdaithe.

Beidh podchraoladh den chlár ar fáil agus ábhar tacaíochta ar líne ag www.rte.ie/rnag

Dioscúrsa Bhaile Átha Cliath Eagrófar Dioscúrsa de chuid Acadamh Ríoga na hÉireann trí mheán na Gaeilge i rith Sheachtain na Gaeilge.

Is é an scríbhneoir, colúnaí agus Ollamh Emeritus le Gaeilge i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, Alan Titley, MRIA a bheidh ag caint ar an ábhar: “Gaeilge, Gàidhlig & Manainnis: an scríbhneoir cruthaitheach & Gaeilgí leochaileacha an lae inniu.”

Beidh freagra foirmeálta ón Ollamh Máire Ní Annracháin, Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath.

Is le tacaíocht ó Choiste Léann na Gaeilge, Litríocht na Gaeilge agus na gCultúr Ceilteach, Acadamh Ríoga na hÉireann a eagrófar an dioscúrsa seo.

Is é a bheidh sa léacht seo plé ar an ghaol liteartha idir na teangacha éagsúla Gaeilge, agus go háirithe ar na fadhbanna a bhaineann lena gcuid litríochta mar theangacha mionlaigh i bpobail níos fairsinge faoi láthair.

Scrúdófar ionad agus meon an scríbhneora chruthaithigh a bhaineann le mórthraidisiún liteartha atá anois cúngaithe agus imeallaithe sna tíortha inarb ann dóibh.

Beidh an dioscúrsa ar siúl i dTeach an Acadaimh, 19 Sráid Dhásain, Baile Átha Cliath 2, Déardaoin 12ú Márta ag 6pm. Eolas: www.ria.ie/Events/Events-Listing/Dioscursa-an-Acadaimh-Gaeilge-Gaidhlig-agus-Man

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí is a former Irish-language editor of The Irish Times