Cuireann iriseoir giorria ina shuí

Is ag déanamh iontais d’éin an aeir a bhí mé. Bíodh is gur Aibreán atá ann, tá fáinleog nó dhó le feiceáil cois locha.

Bhí mé ag stánadh ar na cuairteoirí ón Afraic nuair a bhain ainmhí de bhunadh na hÉireann preab asam – giorria!

Is fada fada ó chonaic mé giorria. Tá cuimhne agam ar ghiorria a fheiceáil i Rann na Feirste agus mé i mo mhac léinn ach ní bréag a rá nach bhfaca mé giorria ar bith cois locha riamh. Chonaic mé, cinnte, coinín, gráinneog, madadh rua agus broc go minic ach giorria ná giorria ní fhaca mé.

Agus seo é, ar maidin, é ag rith trasna an bhóthair, na cosa áiféiseacha deiridh sin á phreabadh i dtreo an fháil, na cluasa fada sin thuas san aer.

READ MORE

Is é atá gasta. Ní chuireann sé mórán ama amú idir páirc amháin agus páirc eile. Ní luaithe go bhfeicim é go n-imíonn sé.

“Giorria a chur ina shuí” a thugann Ó Dónaill ar “to start a hare; to bring up a matter for discussion, to start an argument”. Chuala mé an nath sin “to start a hare” sa tseomra nuachta agus mé ag foghlaim mo cheirde.

Seaniriseoir mo mholadh – níor tharla sé go minic – faoi scéal – “You did that right, Pól. You didn’t start a hare.”

Agus seo anois an giorria os mo chomhair, ar feadh tamaill bhig, agus seo arís mé os comhair méarchláir agus an nasc sin idir mise, an giorria, agus an iriseoireacht á bhuanú uair amháin eile.

Chuir mé giorria ina shuí.

póm

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí is a former Irish-language editor of The Irish Times