Damhán alla ar an bhalla! Seachain! Seachain! Seachain!

Damhán alla ar an bhalla! Damhán alla ar an bhalla! Seachain! Seachain! Seachain!

Tá ocras ar an ghealbhan bheag chliste. Seo é, an t-éan beag bídeach, ag piocadh na ndamhán alla den bhalla, ceann ar cheann.

Is é atá aclaí mar ghealbhan; ní chuireann airde an bhalla as dó ar chor ar bith.

In amanna, greamaíonn sé é féin den bhalla agus itheann leis. In amanna eile, eitlíonn sé cois an bhalla agus tógann an damhán alla den bhalla lena ghob gasta.

READ MORE

(An ionann é seo agus bialann na mótar ag éan?)

Is é atá cliste fosta. Ní fheiceann tusa agus mise ach brící ach feiceann an gealbhan bia sna brící.

“Chomh héadrom le gealbhan – as light as a sparrow, light of foot, of heart,” a scríobhann Ó Dónaill faoin éan bheag seo.

Agus is é atá cróga fosta. Eagla a chuireann an damhán alla ar an iriseoir seo; teithim roimh an damhán alla ar an bhalla – agus sa chistin!

Ní leis féin a bhíonn an gealbhan i gcónaí, ámh.

Tagann an ghlasóg shráide chun féasta fosta. Tá sí chomh haclaí céanna agus í ag piocadh greim gasta de leac na fuinneoige. An mbíonn comórtas acu, le fáil amach cé acu is gaiste?

Chonaic mé glasóg shráide ag eitilt lá, thug léim ar dheis agus fuair greim ar fheithid inteacht san aer. Bí ag caint ar scileanna! Dá mba pheileadóir í, is i lár na páirce a d’imreodh an ghlasóg shráide.

póm

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí is a former Irish-language editor of The Irish Times