Daoine óga i mBéal Feirste réidh le liú a ligean

Imeachtaí ceoil, ceardlanna, cainteanna sa chathair cois cuain

Beidh muintir óga na teanga i mBéal Feirste ag ligean Liú Lúnasa ag deireadh na míosa.

Deir lucht eagraithe na féile go bhfuil siad ag iarraidh an teanga a chur i lár an aonaigh don ghlúin óg agus tús a chur le traidisiún nua comhaimseartha siamsa.

Seolfar Liú Lúnasa Dé Céadaoine, 24ú Lúnasa, le hoíche mhór cheoil agus bia idirnáisiúnta i gCultúrlann MacAdam-Ó Fiaich sa chathair. Beidh ranganna Gaeilge ann, seisiúin cheoil, ceardlanna damhsa, imeachtaí do pháistí agus deiseanna péintéireachta ar an chlár. Lena chois sin, beidh neart cainteoirí i láthair.

Tabharfaidh an gníomhaí teanga Linda Irvine caint ar “The miracle that is Turas” faoina cuid iarrachtaí an teanga a chur chun cinn sa traidisiún aontachtúil agus beidh an craoltóir Tomaí Ó Conghaile ina chathaoirleach ar sheisiún “An bhfuil gluaiseacht na Gaeilge ró-mhacho?”

READ MORE

Tabharfaidh an scríbhneoir Feargal Mac Ionrachtaigh caint ar “Coilíneachas agus an Ghaeilge: cumhacht, díchoilíniú agus athghabháil” agus beidh caint ann ar cheist Shell agus an feachtas chun sáile.

Beidh deiseanna pinn ann don aos dána, idir fhilí agus lucht próis agus beidh seisiúin ióga agus mhachnaimh agus mórán ceoltóirí áitiúla agus eile i láthair, ina measc an t-amhránaí, Gráinne Holland.

Mairfidh an fhéile idir an Chéadaoin 24ú Lúnasa go dtí an Domhnach 28ú Lúnasa.

Tá ticéid le fáil ag liulunasa.eventbrite.com