Deireadh ré Robinson

Cé acu is mó a chuir iontas ar a lucht éisteachta: an Ghaeilge nó an greann?


Nuair a imíonn ár gcuid Teachtaí Dála ar saoire na Nollag an tseachtain seo, tá cur is cúiteamh i measc lucht tráchtaireachta ag díriú ar dháta an toghcháin agus ar an seans nach bhfillfidh siad tar éis na féile.

Sa Tuaisceart freisin, beidh polaiteoirí ag tabhairt aghaidh ar bhliain dhúshlánach eile agus toghchán comhthionóil ag bagairt orthu i mí na Bealtaine. B’fhéidir reifreann ar an Eoraip freisin.

An iarraidh seo, is bean de chuid an Pháirtí Aontachtaigh Dhaonlathaigh (DUP) a bheidh ina Céad Aire. Is í sin Arlene Foster, atá mar chomharba ar Peter Robinson. Is athrú stairiúil é an méid sin féin i bpáirtí atá coimeádach go smior. Is teist í ar chumas agus ar phearsantacht an dlíodóra as Fear Manach gur socraíodh an chomharbacht gan iomaíocht.

Ach ní beag an dúshlán atá roimpi. Is beag nár thit an tóin as an bhfeidhmeannas i rith na bliana le heasaontas faoi chúrsaí buiséid agus le líomháintí tromchúiseacha faoi eachtraí foréigin a raibh baill den IRA luaite leo. Tá teannas fágtha ag an raic sin nach rachaidh chun tairbhe chaidreamh an DUP le Sinn Féin.

READ MORE

Chomh maith leis sin, is i lár na conspóide sin a tháinig an chéad chomhartha go raibh Páirtí Aontachtach Uladh (UUP) faoi cheannaireacht Mike Nesbitt réidh chun an teas a ardú faoin DUP. Tháinig siad aniar aduaidh ar an DUP nuair a tharraing siad siar as an bhfeidhmeannas. Go híorónta, ba é an cineál clis é a dhéanadh an DUP fadó sular bhain siad cumhacht amach. Is léir go bhfuil na miotóga bainte ag an UUP agus go bhfuil siad meáite ar aon deis a thapú chun seantalamh an DUP a ghabháil.

Is duine ábalta éirimiúil í Foster a bhfuil pearsantacht séimh phoiblí aici, bua nach mbíodh ag Robinson go minic. De bharr na taithí pearsanta atá aici ar fhoréigean an IRA, ní féidir go bhfuil sé éasca di a bheith ag obair le Sinn Féin. Ó am go ham, ligeann sí racht feirge aisti nuair a léiríonn sí an ghráin dhearg ar ionadaithe SF.

Nuair a bhíodh sí ina ball den UUP, chuireadh sí go láidir in aghaidh roinnt na cumhachta. Ach cosúil le go leor eile sa DUP, d’athraigh sí a port de réir mar a d’athraigh coinníollacha na cumhachta. Is acmhainn í sin a sheasfaidh di sna blianta atá romhainn.

Tosaíonn sí faoi dhá scáth mhóra, Paisley agus Robinson, a thug páirtí beag glórach achrannach ar an imeall go dtí ceartlár na cumhachta.

Is deacair polaitíocht an Tuaiscirt a shamhlú gan Peter Robinson. Ó tháinig sé isteach sa bpolaitiocht go luath sna 1970í, aithníodh gur dhuine de na polaiteoirí ba chliste sa Tuaisceart é ó aimsir Brian Faulkner.

Ní polaiteoir é a mheall daoine lena chuid óráidíochta ná lena phearsantacht gheal oscailte. Go poiblí, d’fhéadfadh sé bheith teasaí, borb agus colgach. Ach i gcónaí bhíodh dul na loighice ar a chuid cainte. Is annamh go n-éiríodh le gáire a bhéal a bhaint amach. Nuair a tharlaíodh sé is minic gur mar thionlacan le ráiteas searbh drochmheasúil éigin a bhíodh sé.

Ach mar stiúrthóir straitéise, mar mháistir pleanála agus mar bhainisteoir eagraíochta sa bpáirtí, ní raibh a shárú ann.

Bhí sé an-éifeachtach sa bhfeachtas in aghaidh fheidhmeannas Sunningdale, an chéad iarracht ar roinnt na cumhachta. Chuir sé freisin in aghaidh an Chomhaontaithe Angla-Éireannaigh. Is ag an am seo a bhain sé le dream paraimíleata darbh ainm Ulster Resistance agus labhair sé le hollchruinniu dá gcuid i mBéal Feirste.

Chuaigh sé féin le fórsa mór fear isteach i sráidbhaile Chluain Tiobrad, Co. Mhuineacháin, i lár na hoíche agus ghabh siad an baile mar agóid. Gabhadh é féin an oíche sin agus tugadh chun cúirte sa deireadh é.

Bhí sé páirteach lena cheannaire Ian Paisley sna léirsithe móra a heagraíodh ag an am. Ach d’aithin Robinson gur athraigh an Comhaontú Angla-Éireannach cúrsaí an Tuaiscirt ó bhun go barr.

Ba léir dó nach bhféadfadh an DUP fanacht ar an imeall mar pháirtí agóide. Is faoina thionchar a tháinig an páirtí de réir a chéile isteach ón bhfuacht.

Ag a chruinniú deireanach den gComhairle Aireachta Thuaidh/Theas, tugadh ómós mór do Robinson as an méid a bhí déanta aige chun an feidhmeannas a choinneáil le chéile. Ní den chéad uair, chuir seisean iontas ar a chomh-airí le píosa grinn. Ina aitheasc ómóis, dúirt Martin McGuinness gurbh é seo an lá deireanach ag Peter agus “My day too will come”. Láithreach, dúirt Robinson “That’s “Tiocfaidh ár lá” isn’t it?” Baineadh gáire croíúil as a raibh i láthair.

Ní fheadar cé acu is mó a chuir iontas ar a lucht éisteachta: an Ghaeilge nó an greann!