Deiseanna do bhailte na Gaeltachta

Thiocfadh le Bealach an Atlantaigh an Ghaeltacht a chur ar bhealach a leasa

Faoi láthair, tá forbairt á déanamh ar “Bhealach Fiáin an Atlantaigh”, bealach tiomána do thurasóirí le hais chósta iarthar na hÉireann. Tosaíonn sé ar Inis Eoghain i nDún na nGall agus agus sníomhann sé a bhealach go Cionn tSáile, Co Chorcaí.

Ní hé nach raibh an bealach ná na bóithre seo ann cheana. Ach den chéad uair, tá Fáilte Éireann agus údaráis eile ag cóiriú an bhealaigh do thurasóirí agus beidh siad ag déanamh margaíochta air chomh maith. Má éiríonn leis mar choincheap, fágfaidh sé deis iontach ag bailte éagsúla ar an mbealach cur leis an ngeilleagar áitiúil, ach go háirithe bailte Gaeltachta.

Níl mé ag rá go bhfuil bailte Gaeltachta níos fearr ná haon bhaile eile ar an mbealach ach tá rudaí faoi leith le tairiscint ag na Gaeltachtaí. Ach cén fáth a stopfadh turasóirí i mo bhaile-sa? Tá comhairleoirí gnó agus feidhmeannaigh turasóireachta ar aon ghuth nuair a labhraítear faoi mhianta thomhaltóirí in earnáil na turasóireachta – fírinne agus éagsúlacht atá uathu.

Luaigh Niall O'Dowd suáilceas nádúrtha na nÉireannach i gcomhthéacs An Tionóil le gairid. Míníonn an Dr Fionnbarra Ó Brolcháin ina leabhar nua The Irish Edge go bhfuil buntáiste nádúrtha ag fiontair a chuireann béim ar an ngné Éireannach Ghaelach nach bhfuil ag éinne eile.

READ MORE

Níl turasóirí ag iarraidh léiriú bréagach ar an saol i gceantar ar bith a fheiceáil; tá an fhírinne ghlan uathu. Freisin, níor mhiste le turasóirí saol eile a “bhlaiseadh” agus iad ar saoire ón ngnáthshaol oibre.

An chúis go ndeirim go bhfuil deis anseo do bhailte Gaeltachta, ná go bhfuil gné na héagsúlachta acu gan dua.

Nuair a osclaíonn an Gearmánach nó an Francach nó Béarlóir ar bith doras an chairr i mbaile Gaeltachta, chuile sheans go mbeidh fuaimeanna nua á gcloisteáil acu. D’fhéadfaí tógáil ar a gcuid caidéise. D’fhéadfaí beannú do “strainséirí” i nGaeilge ar dtús in áiteanna poiblí. Más mian Béarla nó eile a labhairt ina dhiaidh sin, bíodh sin mar atá. Ach tabhair an deis dóibh go béasach a gcuid Gaeilge a úsáid.

Freisin, tabhair le fios go seasann pobal na Gaeltachta amach, gur fiú a bheith i láthair na Gaeltachta mar nach ionann í agus an chéad bhaile eile ar an mBealach Fiáin.

Ach ní leor sin. Cén fáth a stopfadh tuarasóir ar bith i mbaile ar bith, baile Gaeltachta ina measc?

Caithfidh neart deiseanna siamsaíochta a bheith ar fáil. Caithfidh siad, mar shampla, a bheith in ann rothair a fháil ar cíos go héasca. Caithfear na bealaí is fearr rothaíochta, leis na radharcanna is fearr a chur ar a súile. Tá an rud céanna fíor faoin turasóir ar mian leis siúlóidí. Caithfear bealaí éagsúla a leagan amach dó/di, an méid ama a thógfaidh an tsiúlóid agus roinnt eolais faoi na hiontaisí atá le feiceáil. Réiteodh córas comharthaí comhtháite agus bróisiúr beag é sin mar thús.

An bhféadfaí turais lae i mbáid seoil nó seisiún iascaireachta i gcurrach a thairiscint don turasóir i mbaile Gaeltachta? Parthas a bheadh ansin don té atá sáinnithe i gcathair ó cheann ceann na bliana.

Tá deis ann do thithe tábhairne agus do bhialanna sa Ghaeltacht freisin. Mheallfaí daoine dá gcuirfí béilte le blas áitiúil orthu ar fáil.

Luaigh logainmneacha áitiúla ar an mbiachlár. Úsáid seanbhéilte áitiúla – cén fáth nach bhféadfaí “scadán caoch” (an t-anlann, ní an créatúr a chuaigh i bhfostú i nduán) a chur ar bhiachlár Gaeltachta?

Sílimse go gcuirfeadh an cineál sin éagsúlachta turasóirí ag ceistiú, faoin áit agus na rudaí thart timpeall orthu. Agus má tharlaíonn sé sin, tá a gcuid fiosrachta múscailte agus tá tús curtha leis an gceangal mothúchánach leis an áit ina bhfuil siad.

Ó phléasc an cúlú eacnamaíochta, tá tús curtha sna cathracha le “pop-up shops”. Meas tú an oibreodh a leithéid i mbailte Gaeltachta?

An bhféadfaí siopaí beaga a oscailt ó Bhealtaine go Meán Fómhair a dhíolfadh píosaí ealaíne Gaeltachta nó earraí Gaeltachta?

Tá neart ealaíontóirí, déantúsóirí seoda agus lucht ceirde sna Gaeltachtaí ar fad.

Tá rudaí maithe ag tarlú ar fud na tíre – daoine ag cur seirbhísí agus earraí nua ar fáil an t-am ar fad.

Ag leibhéal na Gaeltachta, ní gá ach éisteacht le RTÉ Raidió na Gaeltachta leis na
dea-iarrachtaí sna ceantair éagsúla a chloisteáil.

Ní theastaíonn ach an rud a shníomh le chéile len é a éascú don turasóir.

Chuige sin, bheadh gá le tuilleadh tacaíochta ó Fháilte Éireann. Ba chóir níos mó margaíochta a dhéanamh ar na ceantair Ghaeltachta agus ar na himeachtaí a bheadh ar fáil iontu. Ach sílim go gcaithfear níos mó a chur ar fáil sna ceantair sin ar dtús, le
"tionscal" a chruthú.

Ba chóir don straitéis mhargaíochta a bheith náisiúnta agus idirnáisiúnta, ach don táirge a bheith an-áitiúil.

Bheadh Fáilte Éireann in ann agus sásta cúnamh a thabhairt leis an mhargaíocht. Tá Údarás na Gaeltachta (ar bheagán acmhainní) ag déanamh an-obair ag tacú le fiontraíocht na Gaeltachta.

Má éiríonn le “Bealach Fiáin an Atlantaigh” mar choincheap, beidh deiseanna iontacha ann do bhailte Gaeltachta.

D’fhéadfaí tionscal agus straitéis nua turasóireachta a chruthú agus i bhfad níos mó daoine a mhealladh le seal a chaitheamh sna Gaeltachtaí.

Tá siad ag teacht. Bí réidh!