Dlí Godwin lenár linn féin

Cén duine atá breá sásta ligean do na mílte dorcha bás a fháil ar muir?


Timpeall an ama seo 70 bliain ó shin thosnaigh an cogadh mór barbartha domhanda san Eoraip ag plobarnach chun críche.

Bíodh go luaitear an 8ú nó an 9ú Bealtaine 1945, thiar agus thoir faoi seach mar dháta ghéilleadh na nGearmánach, bhí saighdiúirí an Reich nár mhair an míle bliain sin tar éis a gcuid arm a leagadh uathu cheana san Iodáil agus i mBeirlín.

Agus ina dhiaidh sin mhair pócaí beaga in aghaidh a náire sa tsean-Seicsleóbhaic ar feadh roinnt laethanta agus i measc saighdiúirí Seoirseacha in arm na Gearmáine ar oileán Texel na hOllainne go dtí 20ú Bealtaine.

Go deimhin féin, níor síníodh conradh síochána réitigh sa cheart idir tíortha na bua agus an Ghearmáin nua go dtí tús na 1950í, rud a fhágann go raibh iarmhairt an amhrais beo níos faide ná mar ba dhóigh leat.

READ MORE

Sa chogadh sin chonaiceamar (na daoine a raibh súile fós acu) na huafáis chogaidh ba mheasa dar tharla riamh, an cath b’fhíochmhaire dar fearadh riamh in Kursk na Rúise, an cinedhíothú ba phleanáilte is ba chórasúla in aghaidh na nGiúdach, na nGiofóg is na nGé-aerach dar cheap intinn nimhe, an pobal ba chultúrtha san Eoraip ag déanamh an phobail ba bharbartha díobh féin.

Ina choinne sin, fuaireamar sampla misniúil na Sasanach a sheas an fód nuair ba theinne an ghad orthu agus gan éinne eile chun a dtarrthála, fadaraíonacht na Polainne a d’fhulaing níos measa cloigeann ar chloigeann ná náisiún ar bith eile, crógacht an bheagáin sa Ghearmáin féin a choinnigh coinneal fhann ar lasadh go dtí gur dícheannaíodh iad, agus íobairt mhór 26/7 milliún duine an tSóivéid Aontaithe gur dá gceal a bheadh rialtas Naitsíoch i gceannas ar fhormhór na hEorpa.

Ní cúrsa iontais é gurb é an cogadh seo an marc a mbainimid leas as chun cúrsaí na linne seo a phlé. Níl le déanamh ach ainm Hitler a lua le duine nó le heachtra agus seo an aigne ar séirse ag samhlú tancanna ag gluaiseacht agus campaí báis á n-oscailt.

Athbhreith Hitler é Putin, gan amhras, agus tá i gceist ag Isis an domhan go léir a ghabháil, agus seachnaímis go héag an Lebensraum atá á éileamh ag daoine dorcha lasmuigh den dlí Eorpach mar is gairid go mbeidh fuil ár dtíortha truaillithe ag daoine eisíona.

Cheap an Meiriceánach Mike Godwin ceann de na dlíthe seo a rialaíonn sinn níos daingne ná an Chúirt Uachtarach féin. Dlí í ar nós Murphy’s Law, nó Howe’s Law (“tá plean ag gach duine nach n-oibreoidh”) nach bhfuil statúideach, ach gur mhó is tábhachtaí iad de thoisc a neamhoifigiúlachta.

Is é a mhaíonn Dlí Goodwin “de réir mar a ghabhann díospóireacht pholaitiúil nó shóisialta ar aghaidh is ea is dóichí ná go dtarraingeoidh duine éigin ainm Hitler isteach sa phlé”.

De sin, cailltear an plé nó an argóint mar táthar ag tarraingt as cliché nach cliché go dtí é.

Ar feadh i bhfad bhí bá agam leis an leagan amach sin. Maidir le huafás agus le samplaí polaitíochta de, b’fhearr liom labhairt ar na Hutu agus na Tutsi in Ruanda (lenár linn féin), nó ar ar tharla in Sri Lanka (lenár linn féin), nó ar tharla san Ailgéir (lenár linn féin) maidir le samplaí de chraos fola de, ach ar chúis éigin ba dhóigh leat nárbh eol do dhaoine pioc ina dtaobh. Bhí cúis leis sin.

B’í cúis í nárbh eol dóibh pioc ina dtaobh.

Is dá bharr sin a dhiúltaím go drogallach do Dhlí Godwin. Uaireanta is gá Hitler a tharraingt isteach sa phlé, fad is go dtuigtear Hitler.

Is é oighear diachrach an scéil é ná nach dtuigtear Hitler ná an fuadar a bhí faoi. Ní concas an domhain a bhí uaidh ach glanchine Arianach gan smál nach mbeadh smeadar den fhuil ghránna chorbach tríd.

Ní gá dhuit oícheanta fada a chaitheamh sa leaba agus Mein Kampf a bheith mar leannán oíche agat leis an méid sin a thuiscint. Ach ní féidir dearmad glan a dhéanamh air, óir is beo i gcónaí do na claonta buile a thug beatha do Naitsithe na Gearmáine, do Léinte Dubha na hIodáile, agus do Léinte Gorma na hÉireann.

Is leasc liom féin “Naitsí” a chaitheamh timpeall mar mhasla, óir is leisciúil mar lipéad é agus tá rósheanchaite le go mbeadh feidhm leis, tuiscint ba bhun le Dlí Godwin féin. Ach, ina choinne sin, mura bhfuil eolas dá laghad ag an bpobal mór fairsing ar imeachtaí eile an tsaoil, ní léir dom nár cheart Adolf agus a pháirtithe a tharraingt isteach san imirt nuair is gann iad ár bpointí tagartha uafáis eile.

Anois, má sea, cén duine daoibh atá breá sásta ligean do na mílte dorcha bás a fháil ar muir d’fhonn Eoraip gheal íonghlan bhán gan smál a chosaint?