Draíocht na Meán Ceilteach le feiceáil sna Déise

Imní faoina bhfuil i ndán do thionscal na teilifíse


Tionólfar Féile na Meán Ceilteach sna Déise san Earrach seo agus tá lucht gnó Dhún Garbhán, baile mór an cheantair, ag ullmhú don ócáid mhór.

Tuairiscítear go mbeidh breis agus 500 duine ag freastal ar an gcomhdháil trí lá, idir léiritheoirí, craoltóirí, stiúrthóirí, ceamaradóirí, aisteoirí agus daoine eile sa tionscal.

Is é Irial Mac Murchú, bunaitheoir Nemeton, comhlacht léiriúcháin teilifíse i nGaeltacht na Rinne, a mheall lucht eagair na féile anseo den chéad uair.

Chuir sé ina luí orthu gurbh fhiú dóibh an fhéile a reáchtáil i nDún Garbhán, atá buailte suas taobh le Gaeltacht na nDéise, nó go raibh “níos mó teilifíse ag teacht ón gceantar seo ná aon áit eile sa tír”.

READ MORE

Mar sin féin, ní fhaigheann an tionscal seo aon aitheantas ar bhonn náisiúnta. Cloistear faoi Bhaile Átha Cliath agus faoin Ghaillimh, ach, arsa sé, “níl aitheantas ann ón dtaobh istigh den tionscnamh”.

Ba bhreá leis é dá n-eagrófaí ceardlann nó comhdháil ar thodhchaí na teilifíse sa Ghaeltacht le linn na féile mar “tá an tionscal sa Ghaeltacht ag crosbhóthar agus tá sé ag éirí níos deacra do chomhlachtaí beaga maireachtáil”.

Beidh go leor de na heagraíochtaí éagsúla atá ag feidhmiú i réimsí an chraolacháin, na scannánaíochta, an chultúir agus na forbartha eacnamaíochta ar fud na dtíortha Ceilteacha i láthair.

Dá bhrí sin, is an-deis í dóibh siúd atá ag obair sa tionscal bualadh leis na craoltóirí seo ar fad, a deir sé.

Tá suas le leathchéad ball foirne fostaithe ag Nemeton agus tá sé ar cheann de na comhlachtaí léiriúcháin spóirt is mó in Éirinn.

“Tabharfaidh sé an-chuid airgid isteach,” a deir sé faoin bhféile. “B’fhéidir go n-éireodh le comhlachtaí gnó a dhéanamh ann.”

Tionóladh an fhéile seanbhunaithe seo naoi n-uaire roimhe seo in Éirinn ach is é seo an chéad uair a shocraigh eagarthóirí na féile teacht go dtí an taobh seo tíre.

Bunaíodh an fhéile 37 bliain ó shin chun ceiliúradh a dhéanamh ar chraoltóireacht agus ar thallann scannáin na dtíortha Ceilteacha ar fad – Albain, Éire, Oileán Mhanann, An Bhreatain Bheag, Corn na Breataine agus An Bhriotáin. Mairfidh an ócáid trí lá ag deireadh mhí Aibreáin i mbliana, idir an 22ú agus an 24ú lá.

“Tá sceitimíní ar gach aon duine na laethanta seo mar gheall ar an bhféile a bheith ag teacht anseo go dtí an baile mór,” a deir Eugene Tobin, bainisteoir na pictiúrlainne, SGC, i nDún Garbhán, áit a bhfuil ceithre scáileán mhóra le 660 suíochán san iomlán ar fáil. Beidh na taispeántais ar fad ar siúl i bpictiúrlann seo an bhaile mhóir.

“Meallfaidh an fhéile lucht féachana domhanda chugainn anseo i nDún Garbhán agus tabharfaidh sé sin deis dúinn an áit a thaispeáint dóibh agus a dhíol leo. Gheobhaimid an-seans fáilte a chur roimh an ghrúpa nua seo. Is daoine iad seo a bhaineann le cultúr iomlán difriúil agus beidh siad ag teacht anseo chun sult a bhaint as na scannáin a bheidh ar taispeáint. Táimid go léir ag súil go mór leis sin.”

Deir Máire Seó Breathnach, oifigeach Gaeilge le Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge, “go mbeidh ardphróifíl ag an bhféile i mbaile chomh beag le Dún Garbhán” agus go mbeidh “réimse imeachtaí don bpobal ar siúl, ar nós scannáin agus cláir theilifíse ó na meáin Cheilteacha; ócáidí ceoil agus scléipe don bpobal agus imeachtaí eile nach iad, roinnt mhaith acu saor in aisce”.

Chomh maith leis sin, beidh seisiún speisialta de scannáin Phort Láirge le feiceáil le linn na féile.

Bíonn iomaíocht ghéar i gcónaí idir na mórchraoltóirí agus comhlachtaí léiriúcháin in Éirinn, sa Bhreatain agus sa Fhrainc agus iomaíocht idir cláir atá léirithe i nGaeilge na hAlban, Gaeilge, Coirnis, Breatnais, Briotáinis, Manainnis, Fraincis agus Béarla.

Cheana féin, tá ardú 5 faoin gcéad ar líon na n-iarratas Éireannach dos na gradaim sa bhféile.

Agus, mura leor sin, tá Frank O'Donoghue, údar áitiúil an leabhair Goin' to the Pictures, a foilsíodh go háitiúil le déanaí, ag súil go mór leis an bhféile.

Cuimhníonn sé go raibh an-bhá agus an-cheangal ag lucht na dúiche le tionscal na scannánaíochta ar feadh na mblianta. Cuireann sé síos ina leabhar ar nós mhuintir na nDéise freastal ina sluaite ar phictiúrlanna na mbailte móra ar fud an chontae agus máguaird le linn an chéid seo caite.