Dráma nua le hAisteoirí Bulfin, 1915, le stáitsiú thuaidh agus theas

Éirí Amach a thosaigh bliain róluath

Ní fada go mbeidh ceoldráma nua Aisteoirí Bulfin, 1915, le feiceáil in amharclanna i mBaile Átha Cliath agus i mBéal Feirste.

“Greannscrúdú” a thugann lucht an dráma ar an léiriú nua, scéal faoi bhuíon bheag óglach a chuireann tús leis an Éirí Amach bliain róluath agus san áit éigeart. Cuireann arm na Breataine faoi léigear iad agus téann na hóglaigh i mbun amhrán agus achrainn le beart stairiúil a chur i gcrích.

Aodh Ó Domhnaill a scríobh an ceoldráma agus Barry Barnes a léirigh. Bhí ráchairt mhór ar dhráma deiridh an ghrúpa, Laraedó, agus molann an compántas do dhaoine focal a chur ar thicéad roimh ré le nach mbeadh gonc i ndán duit.

Beidh 1915 ar siúl in Amharclann Smock Alley, Sráid an Mhalartáin Íochtarach, Barra an Teampaill, Baile Átha Cliath, idir an Máirt 2ú go dtí an Satharn 5ú Nollaig. Aistreofar an réabhlóid cheolmhar ó thuaidh ina dhiaidh sin go Cultúrlann MacAdam-Ó Fiaich, Béal Feirste, Dé Sathairn, 12ú Nollaig.

READ MORE

Is fada Aisteoirí Bulfin i mbun drámaíochta agus aitheantas saothraithe acu as feabhas a gcuid oibre. Tá na céadta dráma léirithe acu ó bunaíodh an grúpa 40 bliain ó shin. Eolas: aisteoiribulfin@gmail.com