Drámaí le feiceáil i mBaile Átha Cliath


Beidh an comhlacht drámaíochta Fíbín páirteach an Fómhar seo, den chéad uair riamh, sa Dublin Theatre Festival, le dráma úrnua Paul Mercier, Réiltín. Is scéal é Réiltín faoi theacht in aois mná óige agus í i lár ghéarchéim na heacnamaíochta.

Tá Réiltín 20 bliain d’aois agus is í atá thíos de bharr an chúlú eacnamaíochta. Ní mar seo a shamhlaigh sí a saol; bhí sí le bheith ina hamhránaí.

Socraíonn sí ar sheó a chur ar stáitse le cor a chur ina saol féin. Is í Clíona Ní Chiosáin – aka Aifric – a bheidh sa phríomhpháirt.

Dúirt Stiúrthóir Bainistíochta Fíbín, Darach Ó Tuairisg, gur mhór an onóir “a bheith ag léiriú dráma ag féile chomh tábhachtach agus léiríonn sé go bhfuil áit ar stáitse domhanda ag saothar a bhfuil suntas cultúrtha leis.

READ MORE

"Tá Réiltín ar an léiriú is uaillmhianaí linn go dtí seo. Tá muid ag iarraidh go mbeidh an lucht féachana sáite sa scéal, scéal a insítear trí cheol, trí fhís agus trí aisteoireacht".

Beidh Réiltín ar siúl in Amharclann na Mainistreach ar Stáitse na Péacóige, idir 24ú agus 28ú Meán Fómhair. Eolas: www.dublintheatrefestival.com nó 01-6778899.

Agus tá an comhlacht drámaíochta, Guthanna Binne Síoraí, ag léiriú seó Guthanna Síoraí/Everlasting Voices i mBaile Átha Cliath faoi láthair. Díríonn an saothar seo ar fhilíocht na nDuaiseoirí Nobel, Seamus Heaney, W. B. Yeats agus Samuel Beckett agus tá sé á chur i láthair go dátheangach i nGaeilge agus i mBéarla.

I dteannta na filíochta ó Heaney, Yeats is Beckett, beidh ceol, amhránaíocht agus damhsa le feiceáil.

Dúirt stiúrthóir ealaíne an chompántais, Cathal Quinn, gurbh aistear “ón gcliabhán go dtí an uaigh” a bhí ann; bhí “draíocht na hóige, cúrsaí suirí agus grá, saol na seanaoise is an mhachnaimh agus mistéir na beatha féin ann; an fhilíocht le Seamus Heaney, William Butler Yeats agus Samuel Beckett ár dtreorú ar an gconair sin.

“Tá chomh maith natháin againn ón gceathrú Duaiseoir Nobel, George Bernard Shaw, a thugann greann is gearradh don script. Munar leor sin, tá Gaeilge curtha ag Gabriel Rosenstock, file agus aistritheoir mór le rá, ar chuid de na téacsanna sin agus is aoibhinn an diminsean nua a thugann an teanga ársa dóibh”.

Tá an seó ar stáitse anois agus beidh go dtí an Satharn, 16ú Lúnasa in Amharclann Samuel Beckett, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath.

Beidh dhá léiriú ann gach lá ag 1.10pm agus 4pm. Eolas: www.facebook.com/GuthannaBinneSiorai