Drámaí na teanga le plé ag Éigse Loch Lao

Drámaíocht na Gaeilge an téama a bheas faoi scrúdú ag Éigse Loch Lao i mBéal Feirste, Dé hAoine 30ú Meán Fómhair agus Dé Sathairn 1 Deireadh Fómhair. Beidh daoine atá ag plé le hearnáil na drámaíochta i láthair mar aon le lucht ollscoile.

Is é an scríbhneoir Séamus Mac Annaidh a thabharfas Léacht Mhic Ádhaimh agus “Ag tabhairt cothrom na Féinne do An Triail” an chaint a bheas aige. Pléifidh an scríbhneoir agus iarléachtóir, Seán Mac Labhraí, “Máiréad Ní Ghráda – ceannródaí cróga” agus beidh “Eipic Uí Néill – ó Dhún Sobhairce go Cnoc Ailinne” á mheas ag Malachy Ó Néill, léachtóir ar Ollscoil Uladh.

Beidh Éadaoin Ní Mhuircheartaigh, léachtóir ar Choláiste Phádraig/DCU, ag amharc ar “Drámaíocht dhúchasach? Anáil na n-ealaíon béil ar dhrámaíocht na Gaeilge” agus tabharfaidh Bríd Ní Ghallchóir, stiúrthóir, a breithiúnas ar “An drámaíocht chomhaimseartha sa Ghaeilge”. An t-aisteoir Diarmuid de Faoite a bheas ina chathaoirleach ar phainéal faoi “Drámaíocht chomhaimseartha na Gaeilge – an bealach atá romhainn”.

Bronnfaidh lucht na héigse Gradam Mhic Ádhaimh ar an aisteoir agus iriseoir, Gearóid Ó Cairealláin, á mholadh as a shaol a thabhairt do na healaíona Gaeilge, do chur chun cinn na teanga agus as a “thiomantas uileghabhálach ... mar stiúrthóir, mar scríbhneoir agus mar aisteoir tréitheach stáitse”. Eolas: 048-90749688