Dubh, geal agus airgead

Seasann polaiteoirí an Tuaiscirt le chéile agus iad ar lorg infheistíochta

Chuir na húdaráis cuma na maitheasa ar Thuaisceart Éireann don chomhdháil infheistíochta an tseachtain seo caite.

Togha gach bia ó fheirmeoirí áitiúla, rogha gach dí, mealladh, bladar agus teanndíol. Chuir an Chéad agus Leas Chéad Aire cuma an chomhchuspóra orthu féin.

Rinne príomhaire na Breataine cion fir mar ‘dhíoltóir’.

Chan infheisteoirí seanbhunaithe an port a ba ghá ag moladh oibrithe logánta, an tacaíocht ó na húdaráis agus fiú sábháilteacht an réigiúin mar láthair gnó. Níor spáráladh iarracht ar bith chun a chur i gcion ar na cuairteoirí gurb é a leas é infheistíocht a dhéanamh i dTuaisceart Éireann.

READ MORE

B’in é an geal.

Bhí port eile ag lucht foréigin ar mhaith leo filleadh ar laethanta dubha na coinbhliochta.

Bhí na hinfheisteoirí ar a mbealach go Béal Feirste nuair a dúnmharaíodh beirt fhear, duine i mBéal Feirste agus duine i nDoire. Ina theannta sin leagadh buama in aice le stáisiún an PSNI i nDoire.

Ní raibh aon amhras ach gur mhian le heasaontóirí poblachtacha guagacht a chothú le linn na comhdhála infheistíochta.

Theip orthu. Mar is dual do Peter Robinson agus Martin McGuinness i bhfianaise ionsaithe na n-easaontóirí, sheas siad gualainn ar ghualainn chun an foréigean a cháineadh.

Bhí McGuinness míshásta níos luaithe i mbliana nuair nach raibh Robinson toilteanach seasamh leis chun ainriail na ndílseoirí faoi bhratacha agus paráidí a cháineadh.

Ar an ócáid seo, áfach, bhí an bheirt meáite, adúradar nach gcuirfí dá gcúrsa iad. Ghlac na cuairteoirí lena leagan amach agus díol suntais ab ea é gur mhol feidhmeannach HBO, comhlacht léirithe Game of Thrones sábháilteacht Thuaisceart Éireann.

Rinne David Cameron, príomhaire na Breataine beag is fiú de na deacrachtaí. Dúirt sé go raibh na dúnmharuithe agus an iarracht bhuamála i nDoire náireach agus uafásach ach mhol sé do na meáin gan áibhéil a dhéanamh den scéal.

D’admhaigh sé go raibh an caidreamh idir an Chéad agus Léas Chéad Aire leochaileach ach mhaígh sé gur chomhartha sóirt ar chomhrialtas é sin.

De réir gach tuairisce bhí Robinson agus McGuinness ar a suaimhneas le chéile os comhair na gcuairteoirí.

Maítear nach raibh aon bhlas den teannas eatarthu ar taispeáint agus an bheirt ar a ndícheall i gCaisleán Chroimlinne, in ionad an Titanic agus ina dhiaidh sin i Stormont.

Is fearr go mór an seó aontachta a sholáthraíonn siad d’eachtrannaigh ná an caidreamh atá feicthe ag baile le tamall.

Ní beag an ní é go bhfuil siad in ann an méid sin a dhéanamh ar mhaithe le leas eacnamaíochta an phobail. Níor mhiste dóibh é a úsáid mar bhunchloch chun an caidreamh laethúil a fheabhsú.

Ní ag iarraidh orthu a bheith mór le chéile atáim. Níl ó éinne ach go ndéanfaidís a ndualgas.

Má tá siad in ann comhoibriú lena chéile ar a leithéid seo d’ócáid nach luíonn sé le réasún go bhféadfaidís é a dhéanamh go seasta, más é a dtoil é.

Sin munar geáitsíocht do na cuairteoiri é; an dubh ina gheal.

Tá Stormont mífheidhmeach le tamall. Bhí McGuinness ag clamhsán faoi chur chuige an DUP breis is leathbhliain ó shin.

Bhí an deighilt ag leathnú ó thosaigh an chonspóid faoi bhratach na Ríochta Aontaithe ag Halla na Cathrach i mBéal Feirste. Bhí Robinson faoi bhrú ag an lucht agóide dílseach agus ag an eite ina pháirtí féin nach raibh compordach ariamh le roinnt na cumhachta.

Tharla an scoilt mhór i mí Lúnasa nuair a rinne Sinn Féin comóradh ar chomhaltaí den IRA i gCaisleán na Deirge, eachtra a ghoill go mór ar aontachtaithe agus ar íobartaigh.

D’fhreagair Robinson le litir ó Mheiriceá ag tabhairt droim láimhe leis an ionad síochána ar láthair an tseanphríosúin sa Cheis Fhada. Ba chuid den chlár rialtais é an fhorbairt sin, plean a bhí aontaithe leis an Leas Chéad Aire, Martin McGuinness.

B’fhacthas do chuid de bhaill an DUP agus go leor eile gur chuir eite den pháirtí iachall ar Robinson an u-chasadh a dhéanamh agus go mbeadh sé gaibhnithe feasta ag lucht an diúltachais.

Tháinig an cinneadh aniar aduaidh ar McGuinness agus d’fhág cuma na mí-éifeachta air.

Ós comhoifig é an Chéad agus Leas Chéad Aireacht d’fhógair McGuinness nach gceadódh seisean aon fhorbairt eile ar láthair na Ceise Fada muna dtógfaí an t-ionad síochána. Sáinn agus 5,000 post a raibh súil leo cealaithe.

Níorbh fhada go raibh Sinn Féin ag caint ar ghéarchéim agus iar- fheidhmeannaigh dá gcuid ag tabhairt foláirimh go bhféadfadh na hinstitiúidí titim.

Drochsheans go bhfuil cúrsaí chomh holc sin cé nach cabhair ar bith é cinneadh na bpoblachtach in Ard Eoin comóradh a dhéanamh ar Thomas Begley, an buamadóir ón IRA a mharaigh naonúr sa tSeanchill scór bliain ó shin. Máitear nach bhfuil an dara rogha ag DUP agus Sinn Féin ach leanúint leis an bpróiseas i Stormont.

Tá sé thar am acu guaim a chur orthu féin agus tabhairt faoi roinnt cumhachta seachas roinnt creiche nó laincísí.