Éacht na hiomána

‘You pick your teams at Mass and say your prayers’


I 2001 a leag an t-iománaí Joe Connolly lámh ar an gcamán a bhí aige an lá a ghnóthaigh Gaillimh craobh na hÉireann i 1980.

I Maigh Cuillinn a bhí sé, ar an áiléar ag tiománaí bus. Sa scléip tar éis an chluiche, mhothaigh caiptín na Gaillimhe fear ag déanamh iarrachta an camán a tharraignt as a ghlaic.

Dhaingnigh Joe Connolly a ghreim, go dtí gur chuala sé Michael Darcy ag rá nach á ghoid a bhí sé, ach ag glacadh seilbhe air chun é a chur i dtaisce dó, go dtí go mbeadh an ruaille buaille thart.

21 bliain ina dhiaidh sin, rinne an camán an turas trasna na Coiribe go dtí an Caisleán Gearr.

READ MORE

Tá an camán sin anois sa músaem i bPáirc an Chrócaigh. Níl ansin ach ceann amháin de na scéalta a d’inis Joe Connolly Dé Sathairn seo caite.

Mar chuid de Sheachtain na Gaeilge reachtáileadh turas thar timpeall ceanncheathrú CLG i nGaeilge, faoi stiúir fear mór na Gaillimhe.

Buachaill tuaithe, a tógadh ar imeall na cathrach gar de ráschúrsa Bhaile an Bhriota.

Sa samhradh, bhíodh obair aige ag cuidiú leis na fir a bhí ag tógáil na bhfálta le linn Rásaí na Gaillimhe.

D’fhill sé ar an ráschúrsa cúpla lá tar éis dó Corn Liam Mhic Cárthaigh a chrochadh. Bhí rásaí an fhómhair ar bun, agus bhí go leor de na fir chéanna fós ag obair ann.

Ní dúirt Joe tada ach shiúil sé ina dtreo, mar a rinne sé agus é ina bhuachaill óg. Bhí an corn i bhfolach taobh istigh dá sheaicéad aige.

Nuair a bhí sé beagnach sa mhullach orthu, thug na fir faoi deara é agus thosaigh siad ag déanamh comhghairdis leis.

Nuair a nocht sé an corn chaill siad guaim uilig orthu féin.

Scéalta mar é a thugann léargas dúinn faoin bhfear a chothaigh aisling do na mílte.

Tá an iománaíocht mar chuid bhuan de shaol Joe Connolly, fiú agus go raibh air é a chaitheamh in aer i bhfad róluath de bharr gortaithe.

Agus muid ag seasamh ag barr Sheastán Uí Ógáin rinne sé cur síos ar an obair a rinne sé le foireann cóitseála na Gaillimhe.

Codladh na hoíche

Oíche amháin, agus é ag cartadh sa leaba agus í dúisithe aige, d’fhiafraigh a bhean dó: “is it the backs or the forwards?”

Fios maith aici gurbh é áit Iarla Tannian ar an bpáirc, nó ceist dá leithéide, a bhí ag dul idir Joe agus codladh na hoíche.

Ag gáire, dúirt Joe gur chuala sé fear ag rá “you pick your teams at Mass and say your prayers in the last five minutes of match”.

Is iomaí paidir ráite, is iomaí íobairt tairgithe ag lucht iomána na Gaillimhe, ach níor tháinig an lá sin fós, ó 1988.

Go deimhin, deir fear mór an Chaisleáin Ghearr go bhfuil sé ag an staid anois go mbíonn náire air a bheith ag caint ar an Domhnach sin, 35 bliain ó shin, i bPáirc an Chrócaigh nuair a labhair sé i nGaeilge bhreá le muintir na Gaillimhe.

“Tá sé in am ag óráid eile theacht ina áit,” a deir sé, “bíodh sé i nGaeilge, Béarla, Gréigis nó Fraincis, is cuma liom, ach dathanna na Gaillimhe a fheiceáil arís ar Chorn Liam Mhic Cárthaigh.”

Tá dearcadh an-dearfach ag Joe, ag rá má tá aisling nó fís ag duine, go gcruthaíonn eisean gur féidir é a bhaint amach. Ach cé gur fear dearfach é, níl sifil air.

Tá an lá mór fós i bhfad ó ghreim na Gaillimhe, dar leis, mura dtarlóidh rud éigin aisteach. Imreoirí maithe, cóitseálaithe maithe, ach fós níl rudaí ag snaíomh mar is ceart.

Tá samhradh fada amach romhainn le feiceáil an mbeidh Anthony Cunningham in ann an teoiric seo a bhréagnú.

Ach fiú má tharlaíonn sé, ní ghlanfaidh sé cuimhne na ndaoine, muintir na Gaillimhe sa mbaile iad siúd atá ar imirce a luaigh Joe go sonrach ina óráid, agus daoine eile.

Chas mé le hiar-chúl báire Thiobraid Árann, Ken Hogan, an lá tar éis dom labhairt le Joe. Bhí Ken Hogan é féin buacach an lá sin, ar fhoireann mioniúir Thiobraid Árann. Lá iontach, spreagúil, speisialta a bhí ann, a deir sé.

Ní mar gheall ar an bua a bhí aigesan, ach go bhfaca sé míorúilt Ghaelach, rud a fhanfaidh leis go deo.

“Coinneoidh mé orm ag fulaingt,” a deir Joe Connolly, ag gáire agus é ag siúl amach as Páirc an Chrócaigh, a chamán fágtha i gcása galánta gloine sa músaem, a lorg fágtha aigesan ar shochaí na hÉireann, fiú muna dtuigeann sé féin é. Is iriseoir le Nuacht RTÉ/TG4 í Máire Treasa Ní Cheallaigh