‘Éigeandáil teanga sa Ghaeltacht do chumas dátheangach’

Taighde nua ar chumas Gaeilge agus Béarla a thugann le fios go bhfuil éigeandáil teanga sa Ghaeltacht

"Tá fianaise thromchúiseach ag teacht chun solais sa staidéar seo nach mór don chóras Stáit agus pobail aghaidh a thabhairt uirthi má táthar ag iarraidh cothrom na Féinne a thabhairt do dhaoine óga sa Ghaeltacht," a dúirt an tOllamh Conchúr Ó Giollagáin, duine d'údair na tuarascála, Iniúchadh ar an gCumas Dátheangach: an sealbhú teanga i measc ghlúin óg na Gaeltachta.

Scrúdaíonn an taighde nua seo den chéad uair cumas Gaeilge agus Béarla daltaí óga Gaeltachta (7–12 bliain d’aois) a bhfuil Gaeilge amháin á labhairt leo sa bhaile.

Léiríonn an saothar míbhuntáiste sa Ghaeilge a bheith i gcumas dátheangach na ndaltaí, is é sin, gur fearr go mór a gcumas sa Bhéarla ná a gcumas sa Ghaeilge.

Dúirt Ó Giollagáin: “Má tá muid ag iarraidh go mbeidh Gaeltacht againn amach anseo ní mór a bheith in ann cúnamh a thabhairt don ghlúin óg teacht in inmhe mar chainteoirí cumasacha Gaeilge sa chéad dul amach.”

READ MORE

Rinne na taighdeoirí “anailís chomparáideach ar impleachtaí na héigeandála teanga sa Ghaeltacht do chumas dátheangach na ndaoine óga. Tá an brú sóisialta atá ar an nGaeltacht le sonrú freisin ar chumas na Gaeilge atá ag cainteoirí baile Gaeilge i gcomparáid le caighdeán an Bhéarla atá acu.

“Tá na daltaí seo ag sealbhú níos mó den Bhéarla ná den Ghaeilge, le linn tréimhse cinniúnaí don fhorás teanga. Tá an éagothroime dhátheangach seo ag cur le míbhuntáiste na Gaeilge sa Ghaeltacht,” a dúirt sé.

Dúirt sé gur thug an saothar “léargas” ar dhúshláin an mhionteangachais agus ba é a dhúil go bhfeidhmeodh moltaí na tuairisce mar bhonn chlár oibre do thuismitheoirí, mhúinteoirí agus do lucht polasaí.

Seolfar an taighde amárach (20ú Samhain) in Óstán Wynn’s, Baile Átha Cliath, ag 10.30am.

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí is a former Irish-language editor of The Irish Times