Éire agus U2 i measc na Náisiún Aontaithe

Tá Éire ag lorg vótaí agus ardaíonn sé seo mórán ceisteanna


Inné a chuir U2 tús spleodrach le feachtas toghchánaíochta na hÉireann. Ní toghchán ginearálta atá i gceist agam, ach toghchán a tharlóidh thiar i Nua Eabhrac i 2020.

An duais? Suíochán sealadach ar Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe.

Tíortha seachas daoine mar sin a bheidh ina n-iarrthóirí sa toghchán. Ach cé hí Éire? Beidh freagraí ag teastáil ón lucht vótála?

Blúirín eolais faoin toghchán ar dtús. Cúig bhall bhuana atá ar an gComhairle Slándála – an tSín, an Fhrainc, an Rúis, an Ríocht Aontaithe, agus Stáit Aontaithe Mheiriceá. Ina theannta sin, tá deich mball shealadacha a shuíonn ar feadh téarma dhá bhliain agus iad tofa ag na 193 ambasadóir ón Tionól Ginearálta.

READ MORE

Is iad na hambasadóirí seo, maraon le polaiteoirí agus teachtaithe eile a fuair cuireadh chun ceolchoirme U2 inné i Madison Square Garden mar thús d’fheachtas na hÉireann.

Geraldine Byrne Nason, ambasadóir na hÉireann chun an UN, a bheidh ina ceannaire ar an bhfeachtas oifigiúil, agus í ag iarraidh vótaí a mhealladh óna comhleacaithe d’ambasadóirí.

Ach is í Éire féin an t-iarrthóir, agus í in iomaíocht le tíortha eile – Ceanada, an Iorua agus San Marino. Thar n-ais dúinn go dtí an cheist mar sin. Cé hí Éire? Cad é substaint an iarrthóra seo?

Tá sé éasca go leor más duine (seachas tír) atá le toghadh. Labhróidh an t-iarrthóir faoina CV go dtí seo b’fhéidir, faoina tosaíochtaí, polasaithe, agus tabharfar riar maith geallúintí.

Beidh an t-iarrthóir ar a dhícheall muinín an phobail a thuilleamh, caidreamh a dhéanamh agus impreisean a fhágáil orthu.

Ach sa chás gur tír seachas duine atá ina hiarrthóir?

Is mar a chéile é ar mhórán slite. Teastóidh ó na vótálaithe i gcónaí, aithne a chur ar an dtír, agus í a thuiscint. Is ar an mbonn sin a dhéanfaidh siad cinneadh ar cheann scríbe an vóta atá le caitheamh acu. A carachtar, seasamh, fís, dearcadh saoil, tréithe, cumas agus ar aile.

Amhail is gur pearsa a bhí ann.

Tá taithí againn air seo, ar ndóigh. Pearsa nó bandia ab ea í Éire ón gcéad lá i bhfad siar agus tá saothrú fada fairsing déanta uirthi ó shin, maraon lena beirt deirfiúracha Banba agus Fódla. Tógaimis gné amháin dá pearsantacht, mar tá sí ilghnéitheach.

Saol gruama

Faraor, bhí saol gruama go maith aici cuid mhaith den am. Tá súil againn gan amhras gur fearrde an tír an cruatan seo, agus go seasann an taithí sin léi (agus linn) i gcónaí – cruthú carachtair abraimis. Róisín Dubh a thugtaí uirthi, agus dhéanaimis ár ndícheall teacht i gcabhair uirthi agus an cruachás a chur ina ceart. “A Róisin ná bíodh bron ort,” a chanaimis.

Níos déanaí san 18ú haois, mar “ainnir shéimh darbh ainm Éire,” a shamhlaigh Aogán Ó Rathaille í, ach bean ab ea í fós a bhí “gan cheol ag caoi na ndeor”.

Agus bhí an brón fós á thaithí aici an céad seo caite, nuair a labhair sí féin leis an bPiarsach, “Mise Éire, mór mo bhrón...”

Ar nóta dáiríre, áfach, ní gan tábhacht an léiriú a thugaimid uirthi, bíodh sé sa litríocht nó in aon áit eile. An scéal agus an fáthscéal. An léiriú cruinn í? Nó claonta i dtreo amháin nó i dtreo eile? Nó gan treo ar bith? An í Eire í?

Ba bheag caint a bhí ar an mbrón inné áfach, ag seoladh an fheachtais le U2, agus Éire ar stáitse os comhair an tslua sa ghairdín. Bheidís ar aon fhocal gur lá álainn a bhí ann. One Beautiful Day.

(An gcreidfeá nach bhfuil ach leathdhosaen de bhlianta ann ó bhí an tír ag faobhar na faille?)

Ach is inniu a thosóidh an príomhdhráma nuair a chuirfidh an Taoiseach féin tús oifigiúil leis, i gcomhluadar an Tánaiste agus mórán eile d’aicme pholaitiúil agus gnóthaí eachtracha an Stáit.

Cé hí Éire? Sin í an cheist a chuirfidh teachtaithe na Náisiún Aontaithe mar chuid dá machnamh sula gcaitheann siad vóta i 2020. Tá dea-theist ar Éirinn i gcúrsaí síochána, agus í páirteach sa mhisean sa mheánoirthear, mar shampla. Agus tá go leor den ‘cumhacht bhog’ aici chomh maith.

Ach tá go leor cruacheisteanna ar chlár oibre na comhairle – slándáil, coiriúlacht, imirce, comhshaol. Agus go leor den bhrón. An féidir le hÉirinn labhairt go húdarásach fúthu seo? Agus beart a dhéanamh de réir a briathair?

Tá tábhacht leis an seasamh atá tógtha ag Éirinn sna cúrsaí seo go dtí seo. Ach tá tábhacht chomh maith le cur i láthair na tíre sna míonna atá romhainn.

Is sa tslí sin a chuirfidh an lucht vótála aithne uirthi mar iarrrthóir, pé láthair atá i gceist, thuas ar an stáitse, istigh i gceannáras na Náisiún Aontaithe, amuigh ar na sráideanna... Is léachtóir é Cathal de Paor i gColáiste Mhuire gan Smál, Luimneach