Éirí Amach an Uisce

Tá an pobal feargach faoi cháin faoi dhó


D’fhéadfadh na páirtithe ar fad anseo ceacht a fhoghlaim ó laoch a mbíodh taithí fhréamhach aige ar chluiche na polaitíochta, Abraham Lincoln. Dúirt sean-Abe: “Is féidir dallamullóg a chur ar an bpobal go léir, cuid den am, dallamullóg a chur ar chuid den bpobal an t-am go léir ach ní féidir dallamullóg a chur ar an bpobal go léir an t-am go léir.”

An nóiméad sin i 2010 gur scaoil an Dr Patrick Honohan ar Morning Ireland an rún go raibh an Rialtas ag caint leis an IMF agus leis an ECB chun cabhair airgid a fháil (rud a bhí séanta ag an Taoiseach agus ag a Airí) tharla rud éigin don bpobal Éireannach.

Ní hé nach mbíodh siad cleachtaithe le bréaga agus le geallúintí gan chomhlíonadh ó pholaiteoirí.

Ach an mhaidin sin, nuair a chuala an pobal go raibh deargbhréag á hinse dóibh faoi rud chomh tábhachtach ag ceannairí tofa an Stáit, phléasc rud éigin ina gcloigne.

READ MORE

Is cinéal “Big Bang” feirge a bhí ann a d’athraigh an chruinne pholaitiúil. Thug an pobal an fhearg sin leo go dtí na stáisiúin vótála agus chuir siad caidhp an bháis ar Fhianna Fáil, an páirtí ba mhó riamh in Éirinn.

Chuir siad isteach comhrialtas faoi Enda Kenny a gheall go mbeadh athrú bunúsach ar an bpolaitíocht: deireadh le ceilt na fírinne; deireadh le cur i gcéill; deireadh le cur amú airgid ar quangónna agus deireadh le gradaim do na cairde.

As seo amach, ní bheadh ann ach oscailteacht, macántacht agus cothrom na Féinne. Ar ndóigh, an fhadhb don Rialtas anois nár rófhada istigh iad gur thosaigh siad ag cur i bhfeidhm polasaithe a gheall siad le linn an fheachtais toghchánaíochta nach gcuirfeadh siad i bhfeidhm go deo.

Ach ar a laghad, bhí an leithscéal acu gur ordaigh an Troika dóibh cuid de na cánacha nua a ghearradh ar dhaoine a bhí faoi ualach cheana féin.

Go dtí seo, chuir an pobal suas leis an ngéarleanúint chánach seo gan chíréibeanna sna sráideanna mar a tharla i dtíortha eile. Ach nuair a chuir an tAire Phil Hogan (imithe ar shlí an chompoird Eorpaigh) Uisce Éireann ar bun chun táille a bhaint as Éireannaigh ar an ábhar is coitianta a thiteann ón spéir, tharla pléascán mór eile in intinn an phobail.

An iarraidh seo, tá dallamullóg eile i gceist. Tá Enda Kenny, Joan Burton agus Airí rialtais ag cur in iúl dúinn gur faoi “chaomhnú agus fheabhsú” na hacmhainne nádúrtha iontaí seo atá na táillí seo. Go tobann, is Glasaigh ar fad iad Teachtaí Fhine Gael agus an Lucht Oibre.

Trí bliana ó shin, bhí an Lucht Oibre ag maíomh ar phóstaeirí nach gcuirfeadh siad táillí uisce i bhfeidhm.

Anois, go tobann, tá siad uile buartha faoi chaighdeán an uisce sa tír.

I nganfhios dóibh féin, tá na hAirí agus na Teachtaí seo ag déanamh an ruda chéanna agus a rinne Brian Cowen agus a chomhleacaithe. Tá siad ag tabhairt masla d’éirim an phobail.

Bíonn daoine ag éisteacht go feargach leis an bhfeachtas bolscaireachta seo agus fios maith acu: gur smaoineamh de chuid an Troika é; go bhfuil siad ag íoc as uisce i ngnáthcháin cheana féin agus gur straitéis fhadtéarmach í seo chun Uisce Éireann a phríobháidiú sa deireadh.

Mar thoradh air sin, chuirfí na táillí suas go bliantúil chun íoc as bónais na mboc a bheadh ina bhun.

Nuair a tháinig na mílte amach ar agóid i mBaile Átha Cliath le deireanas baineadh geit as an Rialtas agus tosaíodh ar mhion-athruithe a dhéanamh faoi liúntais íocaíochta agus faoi mhoill ar íocaíocht iomlán.

Rinneadh é seo chun breis daoine a mhealladh isteach san eangach. Ach, léiríonn na leasuithe seo nach dtuigeann an Rialtas go fóill neart na feirge atá ginte ag an gcáin dhúbáilte seo.

Glacann a lán daoine leis an bprionsabal go gcaithfear íoc as seirbhís mhaith uisce. Tuigeann a lán daoine go bhfuil an córas aosta agus go gcaithfear é a dheisiú.

Ach ní thuigeann siad cén fath nach bhféadfaí é seo a dhéanamh tríd an gcáin atá á híoc acu cheana féin móide ardú beag agus na húdaráis áitiúla ina bhun fós mar a bhí. Bheadh sé seo i bhfad níos saoire.

Cén fáth go raibh gá le comhlacht nua costasach a íocann na milliúin ar son comhairleoirí agus foirne muna bhfuil plean ar na bacáin chun é a phríobháidiú?

Go luath beidh na mílte amuigh ar na sráideanna arís, b’fhéidir an agóid is mó sa Stát le 50 bliain.

Caithfidh an Rialtas éisteacht; tá an pobal á rá leo nach n-íocfaidh siad na táillí nua seo ar ais nó ar éigean agus sin sin.

Muna dtugann siad aird air, is í an charraig seo, b’fhéidir, a chuirfidh go tóin poill iad. Bhí comhairle fhiúntach ag Lincoln faoi bholscaireacht freisin: “What kills a skunk is the publicity it gives itself.”