Feasta 100 le ceiliúradh le fleá agus féasta

Beidh ceiliúradh, Feasta 100, ar siúl Dé Sathairn 3ú Nollaig.

Is é is aidhm leis an ócáid deis a thabhairt do dhaoine aitheantas foirmiúil a thabhairt don Ghaeilge agus a tábhacht i stair agus i gcultúr na hÉireann.

Beidh Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUiginn, i láthair mar aoi oinigh agus beidh mórdhinnéar mar chuid den oíche le tacaíocht agus aitheantas a thabhairt d’ealaíontóirí, cheoltóirí agus ghnólachtaí le Gaeilge. Tá triúr de na healaíontóirí a bheidh i láthair Féasta 100 tar éis tionscadail ealaíne a fhorbairt faoi 1916.

Cheap agus léirigh an cóiréagrafaí agus damhsóir, Fearghus Ó Conchúir, Tionscadal Mhic Easmainn, le seónna i Londain agus i mBaile Átha Cliath.

READ MORE

Tá an t-amhránaí sean-nóis, Lorcán Mac Mathúna , tar éis saothar ceoil a chumadh agus a chóiriú, le hinspioráid ó scríbhinní agus idéil cheannairí an Éirí Amach. Léiríodh Visionaries and their Words in Éirinn agus sa Fhrainc.

D’eisigh an cláirseoir Síle Denvir albam ceoil, Cathréim: Ceol agus Amhráin ó Dhrámaí an Phiarsaigh, saothar ceoil le hinspioráid ó dhrámaí Phádraig Mhic Phiarais.

Beidh Féasta 100 ar siúl sa phríomhchathair in Óstan an Double Tree by Hilton, Sráid Líosain Uachtarach, Baile Átha Cliath.

Tá ticéid le ar fáil anois ó cheann ar bith de na ceanneagraíochtaí nó trí Eventbrite: www.eventbrite.ie/e/feasta-100-tickets.

€80 an duine atá orthu.