Gach duine le chéile

In áit cosc a chur le féilte creidimh agus reiligiúin, cad ina thaobh nach nglacfaí leo go léir?

Tá arís eile allagar agus bladar ar siúl maidir le scaoileadh chumhacht na heaglaise Caitlicí Rómhánda ar bhainistíocht na scoileanna. B’fhéidir bun a bheith le go leor den chabaireacht sin ach níl aon dealramh air go bhfuil an pobal á slogadh. Is maith leo a bhfuil mar atá, agus tá an aimsir fháistineach amuigh ansin eaglach agus éiginnte.

Ach ní shílim gur gá dóibh aon eagla ná corrabhuais a bheith orthu. Tá muintir na hÉireann chomh huisciúil sin go nglacfaidh siad le pé sruth atá ag gluaiseacht, le pé gaoth atá ag séideadh fad is nach gcuireann isteach ar a gcompord féin. Tá compord áirithe ag baint leis an socrú bainistíochta ar scoileanna atá ann faoi láthair: dáileann creideamh de shaghas éigin, daingníonn gnáis a bhí ag tuismitheoirí, agus buailtear dátaí áirithe go suite ar chlár na bliana.

Is é eagla atá orthu ná go gcuirfear féilte na bliana bunoscionn, go gcuirfear an Cháisc ar ceal, nach mbeidh dráma na Nollag sa scoil feasta, agus nach mbeidh lua ar Phádraig Naofa ná ar Phalladius féin as seo suas. Thiocfadh go dtarlódh sin, óir tá curtha in aghaidh stáblaí ag gluaiseacht i mbailte thall is abhus, agus tá an ISPCA i gcoinne aon léiriú ar asail ná ar chaoirigh mar ainmhithe a tharraingeodh drochmheas orthu.

Ach tá réiteach i bhfad níos simplí ná sin ann, ós rud é gur duine mé a bhíonn ar mo dhícheall ag iarraidh gach fadhb a réiteach. In áit cosc a chur le féilte creidimh agus reiligiúin, cad ina thaobh nach nglacfaí leo go léir? Áirítear go bhfuil trí scór go leith agus a seacht gcreideamh in Éirinn de réir an daonáirimh, agus cé mise ná tusa leathchuma a dhéanamh ar cheann ar bith díobh?

READ MORE

Is chuige sin a mholaim go mbeadh lá saoire agus eaglaise ar fáil do gach aon chreideamh a bhfuil ball ar bith díobh sa stát ionas go mbeimis iomlán ilchreidmheach, caitliceach (le ‘c’ an-bheag), uilethuisceanach, liobrálach, neamhsheicteach, aonphuballamháineach, inchlúisibh go brách siar amach go tóin an bhundúin siar. Is é sin le rá, nach bhfágfaí aon chreideamh ná tuiscint ná fealsúnacht lasmuigh den doras ar imeall na slí mar is ionann gach tuiscint agus gach fealsúnacht agus gach leagan amach go deireadh an aistir.

Tá fadhb bheag agam féin le géillseanaigh de chuid Brunei a chlochadh chun báis sa chás is go bhfuil siad aerach, ach mar sin féin tá an Sabhdán ag impí orainn tuiscint dóibh agus glacadh lena gcultúr agus meas a bheith againn ar a gcuid luachanna. Cé sinne le rá nár cheart go múinfí caitheamh clocha le daoránaigh inár gcuid scoileanna ar son na comhthuisceana?

Gan ach na mór-reiligiúin a bhac tar éis an tsamhraidh beidh deireadh leis an Hadj ar an 22ú Lúnasa, fág nach mbeidh ach beagán scoileanna ag filleadh faoin am sin. Beidh breithlá Krishna ar an 3ú Meán Fómhair, agus bliain úr na nGiúdach ina dhiaidh sin. Saolaíodh breith an Bhaib de chuid na mBaha'i ar an 20ú Deireadh Fómhair, agus Guru Nanak na Sikheachaí sa tSamhain, agus ansin an Nollaig nó Lá Santa, agus bás Zarathustra ar Lá 'le Stiofáin, agus ar an 17ú d'Eanáir beannófar na hainmhithe in Meiriceá Theas, agus ansin tá Lá 'le Bríde agus na laetha ag dul chun síneadh…

Dá mbeadh lá saoire scoile agus lá saoire náisiúnta ann le haghaidh gach féile chreidimh is reiligiúnda dá bhfuil ann réiteodh sé formhór ár gcuid fadhbanna bainistíochta. Bheadh an tír go léir ar aon fhocal is ar aon tarraingt is ar aon rámh is ní fhágfaí aon duine i leataoibh na slí. B’fhéidir nach ndéanfaí mórán oibre, ach nár chuma sin?

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar