Gángarach an asail


Bhí an turas thar a bheith deacair, níl aon amhras faoi sin. De ghnáth is thart faoin mbaile a bhínn. Chuireadh sé ualach ar mo dhroim ó am go ham, an fear. Géaga crainn, nó bloc adhmaid, nó brosna de réir is mar a d’oireadh. Ní théinn riamh rófhada. Ó theach go teach. Tamall sa ghort, bíodh is nach raibh mórán brobhanna ag fás ann.

Is annamh a bhítí ar mo mhuin. Uaireannta léimeadh malraigh an bhaile in airde orm agus chuireadh ag rith le buile mé tríd na sráideanna. Níor thaitin sin riamh liom, agus chun a cheart a thabhairt dó, ní ligeadh sé dóibh aimhleas a dhéanamh dom.

Bhí an bhean orm cúpla uair, ach bhraitheas go raibh sí leithscéalach agus í ina suí orm. B’fhearr léi siúl lem ais. Sin é an fáth gur chuir sé iontas orm go ndeachaigh sí ar mo dhroim an uair seo. Agus is í a bhí níos troime ná mar a bhí na huaireanta cheana sin.

Bhuaileamar amach ar an mbóthar i moiche na maidne. Bhí seisean dom stiúrú, ach uaireanta bheireadh sé greim láimhe uirthise ar eagla go dtitfeadh sí díom. Beag an baol, mar ní fhéadfainn dul chomh mear sin.

READ MORE

Agus chomh maith leis sin, bhí cuid den slí garbh. Clocha beaga agus bolláin mhóra scaipthe ar feadh na háite. An bealach ag dul síos tamall, agus ansin an cnoc in airde ina dhiaidh sin.

Seacht n-oíche agus lá a thóg sé orainn slán. Tá a fhios agam go maith, óir blas bia ní bhfaighinn go dtí go stadaimis tar éis na n-uaireanta fada siúlóide. B’in an chuid ab fhearr den turas. Cuid de na áiteanna ar stopaimis iontu, bhí fial. Cuid eile sprionlaithe. Ní raibh mé riamh ag súil lena mhalairt.

Caitheadh clocha agus fóidíní linn in áit amháin, níl a fhios agam cén fáth. Rud amháin, áfach, bhí na hoícheanta an-gheal, níos gile ná mar a bhíodh an tráth seo bliana. Shíl mé go mb’fhéidir go raibh an samhradh ag filleadh.

Bhí compord éigin san áit inar lonnaíomar nuair a shroicheamar ceann scríbe. Bhí sé beag, ach bhí fuíollach tuí ann. An rud ba mheasa ná an bhó mhór ghránna a ghlac formhór na slí di féin. Is í a bhí ag féachaint anuas orm le drochmheas amhail is nach raibh aon ghnó agam a bheith ann. Cérbh í ise le bheith ag féachaint go hardnósach ormsa agus gan aici ach seithe odhar agus cúpla craobh amaideach ag gobadh amach as a ceann?

B’aite fós go raibh an fear is an bhean chun codlata liom (nó linn, dá gcuirfeá an bhó mhallaithe san áireamh). Níor tharla seo riamh cheana. D’fhágtaí mise liom féin, agus théidis siúd go seomra éigin laistigh. Seomra laistigh ba ea é seo, leis, ach ní seomra dá sórt.

Bhí mise ar tí dul a chodladh nuair a shíl mé gur chuala an bhó ag sranntarnach. Bhí sí sínte siar! Cé a d’airigh riamh mar gheall ar chréatúr a luigh síos le dul a chodladh?

Is ansin a chuala mé an gheonaíl. Ní geonaíl láidir a bhí ann, ach mar a bheadh crónán beag péine. B’í an bhean í. Bhí sise ina luí sa chúinne agus an fear ina cúram. Focail dheasa á rá aige léi. Focail mhilse. Focail mhisnithe.

Ba dhóbair dom titim dem cheithre chos nuair a chuala an scread. Liú áthais a bhí ann. Anáil anama á tarraingt agus á scaoileadh amach. Ba dhóigh leat go gcloisfí í ar fud an domhain bhí chomh láidir sin.

B’fhéidir nach bhfuil ionam ach asal, ach aithním míorúilt os comhair mo dhá shúil nuair a tharlaíonn.