Ginmhilleadh ina chnámh spairne sa Tuaisceart

Athrú ar dhlí?


Tá ceist an ghinmhillte chomh hachrannach i dTuaisceart Éireann is atá sa Phoblacht.

Tá gnéithe áirithe nach féidir a sheachaint feasta, áfach. Tá próiseas comhairliúcháin anois ar siúl faoi leasú ar an dlí chun ginmhilleadh a cheadú faoi choinníollacha an-teoranta.

Ní féidir talamh slán a dhéanamh de go ndéanfar an t-athrú nuair a chuirfear moltaí faoi bhráid an tionóil amach anseo.

Tá na príomhpháirtithe polaitiúla ar fad in éadan ginmhilleadh “ar éileamh” agus níor glacadh sa Tuaisceart le reachtaíocht na Breataine.

READ MORE

Téann 1,000 bean as Tuaisceart Éireann chun na Breataine gach bliain le haghaidh ginmhillte ar lear mór cúiseanna.

Go dtí seo, seachnaíodh díospóireacht phoiblí den tsórt a tharla ó dheas i dtaca le reifrinn ach cibé uair a bhí an cheist faoi chaibidil bhí an plé teasaí agus binibeach.

Ní áibhéil é a rá gurb ábhar é ar mhaith leis an aicme pholaitiúil a sheachaint.

Cruachás

Tar éis an-chuid poiblíochta anuraidh faoi chruachás lánúine a fuair amach go raibh mí-normáltacht mharfach ar an leanbh a raibh siad ag súil leis gealladh athbhreithniú ar an dlí coiriúil.

Nuair a hinsíodh do Sarah Ewart nach mbeadh a leanbh inmharthana tar éis breithe ach nach raibh an dara rogha aici ach fanacht leis an mbreith, chinn an teaghlach nár mhór deireadh a chur lena toircheas.

Dúirt sí go poiblí nach raibh sí in ann leanúint ar aghaidh ach ní raibh an córas sláinte i dTuaisceart Éireann in ann aire a thabhairt di.

Chinn sí go gcaithfeadh sí a dhul go Sasana le haghaidh ginmhillte.

Cé go ndéanann móramh na bpolaiteoirí talamh slán de go bhfuil tromlach an phobail in aghaidh an ghinmhillte léirigh an-chuid daoine comhbhá le Ewart.

Bhí a cás i mbéal an phobail taca an ama chéanna le cás Savita Halapanavar ó dheas.

Cé go bhfuil an DUP dubh dóite in éadan an ghinmhillte dúirt an tAire Sláinte, Edwin Poots ón DUP, gur cheart a bheith tuisceanach ina leithéid de chás.

Dúirt sé freisin, áfach, nárbh fhéidir déileáil leis tré threoracha sláinte ach le hathrú ar an dlí coiriúil.

Bhuail muintir Ewart leis an Aire Cirt, David Ford, a gheall athbhreithniú ar an dlí.

Dá réir sin, d’eisigh an Roinn Cirt páipéar comhairliúcháin le gairid ag moladh go gceadófaí ginmhilleadh, faoi rialacha dochta, muna bhfuil an ghin inmharthana tar éis a breithe.

Leag an Roinn béim thar na bearta air nárbh iarracht é seo chun ginmhilleadh a cheadú “ach i gcás fíortheoranta”. Iarrann an páipéar tuairimí an phobail freisin faoi ghinmhilleadh más ionsaí – éigniú nó ciorrú coil – faoi ndear an toircheas.

Tá an moladh sa cháipéis i dtaca le ginmhilleadh nuair nach bhfuil an ghin inmharthana níos láidre ná an cás eile.

Is cosúil go bhfuil an tAire, ceannaire an Alliance, David Ford meáite go bhfuil gá le leasú ar an dlí sa chás nach bhfuil an ghin inmharthana ach nach bhfuil sa dara cás. Ceadaítear ginmhilleadh i dTuaisceart Éireann cheana féin má bhíonn beatha na máthar i mbaol.

Feachtas

Ach fiú nuair a bhí daoine ina sluaite ag glaoch ar chláracha raidió ag éileamh athrú ar an dlí mar gheall ar chás Sarah Ewart bhí go leor eile ag rá gur lean siadsan lena dtoircheas ina mhacasamhail de chás agus gurb in é an cúrsa ab fhearr.

Níor chreid siad gur cheart rogha a bheith ag bean fiú faoi choinníollacha brónacha mar sin.

Is cinnte gur daoine a bhfuil tuairimí láidre acu agus lucht feachtais ar dhá thaobh na hargóna a bheidh ag freagairt don phróiseas comhairliúcháin.

Má chuireann David Ford dréachtreachtaíocht nua faoi bhráid an fheidhmeannais agus an tionóil beidh cúrsa sáthach corrach aige.

Meabhraíonn meamram gur aire sláinte ón DUP a dúirt gur athrú ar an dlí coiriúil a bhí riachtanach chun déileáil le cásanna anróiteacha.

Bhí díospóireacht sa tionól faoi cheist an ghinmhillte nuair a hosclaíodh ionad Marie Stopes i mBéal Feirste, baill den DUP agus den SDLP i gcomhghuaillíocht lena chéile in éadan sheirbhísí an ionaid sin.

D’ainneoin iarrachtaí an Cheann Comhairle chun smacht a choinneáil ar an díospóireacht ba léir go raibh doicheall nimhneach roimh liobrálachas i Stormont.

Is deacair a dhéanamh amach cé mhéid muiníne atá ag an Roinn Cirt nó Ford féin go mbeadh rath ar a shaothar?

Bhí daoine áirithe ag súil go ndéanfadh an Roinn Cirt agus an Roinn Sláinte i Stormont comh-mholtaí i dtaca leis na ceisteanna seo.

Is é an Roinn Cirt amháin a rinne. Chuaigh siad i gcomhairle le feidhmeannaigh shláinte, is cosúil, ach leagann siad béim air gur gur ceist í seo don dlí coiriúil.

Cén seans go bhfaighe Ford tacaíocht ón Roinn Sláinte?

Tá Edwin Poots, a mhol comhbhá, imithe as an aireacht agus Jim Wells, atá naimdeach don ghinmhilleadh, ina áit.

Dúirt Wells nuair a ceapadh é nach mbeadh sé ag fágáil a chreidimh taobh amuigh de dhoras na hoifige.

Ní tuar athraithe é sin.