Gradam cumarsáide do Pat Butler

Is ar an iarchraoltóir Pat Butler a bhronnfar Buaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais 2013

Is ar an iarchraoltóir Pat Butler a bhronnfar Buaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais 2013 ag searmanas Bliantúil
Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais i nGaillimh Dé hAoine.

Tabharfar aitheantas do Butler as an ionchur luachmhar a rinne sé ina 36 bliain de chraoltóireacht, ag léiriú agus ag cur i láthair flúirse clár Gaeilge ar ardchaighdeán do RTÉ agus TG4.

Bhí Butler ina léiritheoir, láithreoir agus ina thuairisceoir le RTÉ le níos mó agus 30 bliain, ag obair ar chláir éagsúla, Youngline , Féach, Today Tonight agus Léargas ina measc.

Tabharfar aitheantas ar leith freisin don stáisiún raidió pobail i mBaile Átha Cliath, Raidió na Life, atá ag ceiliúradh 20 bliain ar an aer.