Íobairt gan iomrá

An streachailt ar son saoirse coinsiasa


Tá scéal thús an Chogaidh Mhóir greannta ar chomhfhios na Breataine: an fógra cinniúnach oíche an 4ú Lúnasa: borradh mór faoi liostáil i bhfórsaí na Corónach; na mílte fear ag imeacht chun catha agus an tuairim fhorleathan nach mairfeadh an choimhlint ach mí nó dhó...

Ach nach orthu a bhí an dul amú? Ní raibh an cogadh thart faoin Nollaig, ná faoin Nollaig ina dhiaidh sin.

Agus faoin dara Nollaig sin, bhí rialtas na Breataine ag tabhairt aghaidhe ar ghéarchéim: in ainneoin na bhfeachtas bolscaireachta, bhí ganntanas saighdiúirí ag bagairt.

Ní raibh ach réiteach amháin ar an scéal, agus – dá mhéad a dhrogaill – b’éigean don phríomhaire Asquith géilleadh dó. Ritheadh an tAcht um Sheirbhís Mhíleata i mí Eanáir 1916, reachtaíocht a chuir coinscríobh i bhfeidhm sa Bhreatain Mhór den chéad uair riamh.

READ MORE

Aithníodh ón tús nach bhféadfaí cách a phreasáil. Rinneadh eisceachtaí d’fhir a bhí ag obair in earnálacha riachtanacha, don chléir, do bhaintreacha fir a raibh cúram clainne orthu agus – don chéad cheithre mhí ar a laghad – d’fhir phósta. Beartaíodh freisin gan coinscríobh a chur i bhfeidhm in Éirinn ar eagla frithbhirt.

Mar sin féin, bhí na mílte fear a bhí fós incháilithe. Is iomaí fear óg i Sasana, in Albain agus sa Bhreatain Bheag ar chruthaigh an glaoch chun cogaidh cruachás, crá agus ciapadh dóibh.

Agus bhí sciar a ndeachaigh seirbhís san arm glan in éadan a gcuid prionsabal.

Ón tús, bhí foráil san Acht um Sheirbhís Mhíleata do dhiúltóirí coinsiasacha. Ba iad na Binsí Seirbhíse Míleata a bhí freagrach as díolúintí ó sheirbhís mhíleata a dheonú agus is faoina gcúram siúd a tháinig sé cásanna na ndiúltóirí coinsiasacha a éisteacht. Faoi fhómhar na bliana 1916, bunaíodh campaí oibre ionas go dtiocfadh le síochánaithe obair fhiúntach a dhéanamh a rachadh chun leasa na tíre in ionad dul a throid sa chogadh.

Cláraíodh 16,000 diúltóir coinsiasach le linn an Chogaidh Mhóir. Cúiseanna éagsúla a spreag iad chun cur ina choinne.

Críostaithe ba ea líon mór díobh, nach raibh toilteanach an Cúigiú hAithne a shárú, agus bhíodar eile ann a chreid go raibh sé mímhorálta marú.

Ba shóisialaigh agus chumannaigh céatadán eile díobh, a mhaígh gur feachtas caipitlíoch impiriúil a bhí sa chogadh.

Áiríodh cuid mhór ball de Chumann na gCarad i measc na ndiúltóirí coinsiasacha, mar aon le roinnt ball de Pháirtí Neamhspleách an Lucht Oibre. Ba choscrach an tslí do na diúltóirí coinsiasacha.

Ní mó ná sásta a bhí sciar maith den phobal go raibh ag éirí leis na fir seo an bhearna bhaoil a sheachaint. Bunaíodh Ord an Chleite Ghil ag tús an chogaidh agus é d’aidhm aige náire a tharraingt ar fhir nár liostáil trí chleite geal – siombail na meatachta – a bhronnadh orthu.

Cé gur laghdaíodh ar bhá na ndaoine leis an ord tar éis gur bronnadh cleití san éagóir ar shaighdiúirí a bhí sa bhaile ar saoire, d’fhulaing diúltóirí coinsiasacha – agus a dteaghlach – díspeagadh agus doicheall, coimhthíos agus íde béil agus, in amanna, foréigean.

Anuas air sin, gearradh téarma príosúnachta ar thart faoi 6,000 diúltóir coinsiasach le linn an Chogaidh Mhóir – fir ar dhiúltaigh na Binsí Seirbhíse Míleata díolúine a dheonú dóibh nó a dhiúltaigh don obair eile a cuireadh ar fáil dóibh agus daoine a labhair amach in éadan an chogaidh nó a rinne iarracht fir eile a spreagadh chun diúltú don ghlaoch.

Is minic a bhí coinníollacha na gcimí seo go dona. Fuair deichniúr bás sna príosúin agus básaíodh thart faoi 70 eile de dheasca na dóighe ar caitheadh leo. Chaill thart faoi 35 a gciall, agus d’fhulaing go leor eile meabhairghalair agus fadhbanna meabhairshláinte a mhair, i gcásanna áirithe, fad a saoil.

Níor saoraíodh na diúltóirí coinsiasacha deireanacha go dtí mí Lúnasa 1919.

Ach a bhuí le seasamh diúltóirí coinsiasacha an Chogaidh Mhóir, réitíodh an bealach dóibh siúd a tháinig ina ndiaidh: cláraíodh 60,000 diúltóir coinsiasach le linn an Dara Cogaidh Dhomhanda.

Agus ba mhór an rian a d’fhág diúltóirí cróga an Chogaidh Mhóir ar an tsaol.

Cé gur mhair an doicheall agus an coimhthíos i leith diúltóirí coinsiasacha i ndiaidh an chogaidh, de réir a chéile tháinig athrú ar dhearcadh an phobail agus d’fhás tuiscint éigin do phrionsabail na bhfear seo.

Faoi 1924, bhí os cionn 50 iar-dhiúltóir coinsiasach i dTeach na dTeachtaí i Westminster. Ní sa pholaitíocht amháin a bhí tionchar acu, áfach: bhí siad go mór chun tosaigh i saol na litríochta agus sna healaíona freisin.

Mar sin féin, in ainneoin suim mhór sa Chéad Chogadh Domhanda agus i gcodarsnacht le glóiriú saighdiúirí an chogaidh sna meáin Bhriotanacha, is beag iomrá ar íobairt na bhfear prionsabálta seo a bhí ar son saoirse coinsiasa.