Íobairt nár iarradh

Ó 1966 go 2016 – machnamh ar an Éirí Amach


Is maith is cuimhin liom ceiliúradh 50 bliain an Éirí Amach i 1966 nuair a bhí mé sna déaga. Chuaigh mé féin agus beirt chara óga isteach Domhnach Cásca chun an searmanas a fheiceáil.

Is cuimhin liom an tUachtarán Éamonn De Valera mar aon le seanfhondúirí 1916 agus Chogadh na Saoirse ar an seastán lasmuigh d’Ardoifig an Phoist fad a seinneadh Amhrán na bhFiann.

Is cuimhin liom freisin, Luan Cásca, agus oscailt oifigiúil Ghairdín an Chuimhneacháin. Ag an am sin ba bheag tuiscint a bhí againn ar stair na tíre.

Ní raibh mórán faoi Chogadh sa Saoirse, ná faoi Chogadh na gCarad ach an oiread, inár dtéacsleabhair staire. Ba í an chloch ba mó ar ár bpaidrín sna laethanta ailcín sin ná Honda 50 Cubs, éadaí Mod, ceol na Beatles agus na Kinks mar aon le suirí le cailíní i mionsciortaí! Ina ainneoin sin, d'fhéachamar le fonn ar an tsraith Insurrection ar an teilifís.

READ MORE

Leathchéad bliain ón am sin amach is mó mo shuim i stair na tíre agus i stair an Éirí Amach ach go háirithe.

Is féidir taighde forleathan a dhéanamh ar an tréimhse de bharr na nua-theicneolaíochta a thugann caoi ar leith do dhuine píosaí scannáin a fheiceáil ar an ríomhaire glúine agus a leithéid.

Tá imeachtaí ag ceiliúradh na tréimhse, cúrsaí teilifíse agus go leor alt suimiúil ar an Éirí Amach sna nuachtáin.

Is minic athbhreithniú staire le feiceáil iontu siúd ina nochtar an tuairim nár ghá an tÉirí Amach in aon chor agus go mbeadh Rialtas Dúchais againn, le himeacht aimsire, ar aon chuma.

Agus mé ag fás aníos sílim go bhfuair mé dearcadh cothrom ar stair na tréimhse sin de bharr gur rug mo sheanathair Laurence Greene (athair mo mháthar), na gunnaí isteach ón Asgard i 1914 agus gur ghabh saighdiúirí na Breataine sa bhliain 1920 é le linn Chogadh na Saoirse.

Os a choinne sin, liostáil Lenny Collinge (athair m’athar), i gCorp Leighis arm Shasana sa bhliain 1914 agus chuaigh ag saighdiúireacht go Salonica. Tháinig sé slán ón gcogadh agus chuir sé gliondar orainn mar pháistí agus é ag insint scéalta faoi na tíortha éagsúla dúinn ar thug sé cuairt orthu.

Agus mé sa bhunscoil d'fhoghlaim mé Céim ar Chéim Linn, Óglaigh na hÉireann, mar aon le The Foggy Dew.

Thaitin na hamhráin sin go mór le mo mháthair, a chanadh Bold Robert Emmet agus The Croppy Boy sa bhaile.

Bhí m’athair níos soiniciúla áfach; luaigh sé go raibh sé ar intinn ag Wolfe Tone liostáil in arm Shasana agus é ina fhear óg, agus gur phós Sarah Curran an Captaen Robert Sturgeon tar éis bhás Robert Emmet.

Bhí cor cinniúnach, íoróineach, a bhain le mo mhuintir, le linn Éirí Amach 1916. Tar éis do mo sheanathair, Laurence Greene, Mary Heffernan a phósadh sa bhliain 1910, ba í Rosanna Heffernan máthair a chéile.

Bhí sise ina cónaí lena fear céile agus lena clann fásta ag 176 Sráid Shéamais i mBaile Átha Cliath. Comharsa bhéal dorais di ba ea W.T. Cosgrave a bhí ina chónaí os cionn an teach tábhairne ag 174.

Le linn do na hÓglaigh, faoi cheannas Éamoinn Ceainnt agus Chathail Brugha, cath a chur ar an Royal Irish Regiment ón South Dublin Union, 25ú Aibréan 1916, bhí lámhach géar ar siúl.

Chuir Rosanna Heffernan ar a n-aire beirt dá lucht lóistín a bhí ina suí sa tsráid ar staighre an fhoirgnimh. Lean siadsan suas an staighre í chun fothain a ghlacadh ach nuair a shroich Rosanna doras an tseomra thuas bhuail piléar í sa mhuineál agus fuair sí bás dhá lá ina dhiaidh sin.

Cuireadh in uaigh aoil bheo í mar go raibh sé róchontúirteach do na hadhlacóirí dul amach.

Cé go raibh pinsean ar fáil dóibh siúd a throid i gCogadh na Saoirse ó 1923 amach, ní bhfuair muintir Heffernan pingin rua mar chúiteamh.

Seans gur piléar ó raidhfil a rug fear céile a iníne isteach ón Asgard a mharaigh í nó ceann de chuid a comharsan, W.T. Cosgrave agus a chomhghleacaithe, sa South Dublin Union.

Sílim gur maith an rud go mbeadh cur agus cúiteamh faoi Éirí Amach na Cásca 1916 ar siúl idir iad siúd a dhéanann mór de na hóglaigh agus fiú lucht athbhreithnithe na staire.

Mar sin féin, níor chóir míchlú a chur ar an bPiarsach agus a lucht leanúna ná amhras a chur ina n-ionracas.

Meabhraím línte clúiteacha Yeats:

We know their dream; enough

To know they dreamed and are dead…

A terrible beauty is born.

Cibé “áilleacht uafásach” nó “foréigean uafásach” a tháinig ar an saol, beidh sé ina ábhar machnaimh dúinn uile le fada an lá.

Is file dátheangach é an Dr Declan Collinge