Iontas Aniar

Aitheantas do cheoltóirí óga

Bhuaigh an grúpa “Iontas”, Gairmscoil Chúil Ratha, Baile Idir Dhá Abhainn, Co Shligigh, an comórtas Siansa Gael Linn 2014 sa Cheoláras Náisiúnta i mBaile Átha Cliath Dé Domhnaigh. Bronnadh Trófaí Ghael Linn agus €2,500 orthu as a ngaisce i mbun ceoil. Tháinig grúpa ó Chaisleán a’ Bharraigh, “Glór Mhaigh Eo”, sa dara háit agus gradam agus seic €1,250 acu agus “Cóiriú” as Machaire Fíolta, Co Dhoire, sa tríú háit le duais airgid €750.

Dúirt príomhfheidhmeannach Ghael Linn, Antoine Ó Coileáin, go raibh an comórtas ar cheann d’imeachtaí móra ag ceoltóirí óga: “Cothaíonn Siansa ardchaighdeán ceoil agus comhluadar taitneamhach i measc na rannpháirtithe. I dteannta scoth an cheoil, cinntíonn Siansa go mbíonn an Ghaeilge i lár an aonaigh. Léiriú é Siansa ar thacaíocht agus spéis mhór an phobail sa chultúr Gaelach.”

Craolfaidh TG4 buaicphointí an chomórtais Dé Céadaoin 23ú Aibreán ag 9.30pm.