Leabhair i léig; na seanleabhair nach bhfuil spás ann dóibh a thuilleadh

Slán leis na comrádaithe cló


Tá mé ag cur pacáiste mór leabhar le chéile. Leabhair atá iontu nach bhfuil uaim a thuilleadh. An uair dheiridh gur chuir mé leabhair díom ná 20 bliain ó shin. Ag an am sin, ní raibh mórán machnaimh le déanamh.

Chuir mé i mbosca iad agus thug mé do chumann carthanach iad. Na cumainn seo, amhail Arm an tSlánaithe, bíonn siopaí acu uile ina ndíoltar earraí athláimhe, leabhair san áireamh. D’fhéadfainn iarracht a dhéanamh iad a dhíol le siopa seanleabhar, ach ní raibh an t-airgead de dhíth orm.

Ach an babhta seo cad a dhéanfaidh mé? Tá athrú tagtha ar an saol. Tá domhan na clódóireachta ag meath agus an domhan leictreonach tagtha ina áit. Tá an tIdirlíon ann. Tá ríomhleabhair ann. Tá ríomhléitheoirí agus taibléid ann. Níl an tóir sin ar leabhair mar a bhí. Tá siopaí leabhar á ndúnadh, siopaí seanleabhar san áireamh. Agus nuair a théann tú isteach sna siopaí seanleabhar sin, cuireann sé brón ort, mar feiceann tú na leabhair go léir nach féidir leo a dhíol. Anseo i ndomhan na Gearmáinise, mar shampla, feiceann tú scríbhinní Goethe agus Schiller, agus gan suim ag éinne iontu. Agus ná bí ag caint faoi shean-Bhíoblaí! Tháinig éadóchas orm agus mé ag féachaint ar mo chuid leabhar féin nach raibh uaim. An bhfuil aon mhaitheas ann cur leis an líon leabhar nach bhfuil ag teastáil ó éinne?

Ar an gcéad dul síos smaoinigh mé ar na leabhair seo a chaitheamh sa bhruscar. Ach bheadh náire orm é sin a dhéanamh. Tuilleann seanleabhair níos mó ná sin. Ní bruscar iad. Smaoiním ar Thomás Rua Ó Súilleabháin agus “Amhrán na Leabhar”. Máistir scoile cois claí a bhí ann agus chaill sé gach leabhar a bhí aige agus iad i naomhóg a chuaigh go tóin poill i gCuan Bhéal Inse: “Mo chreach! mo chumha, ina n-easnamh siúd do fágadh mé!”

READ MORE

Bhí luach ar sheanleabhair ag an am sin, is féidir bheith cinnte de. Nó smaoiním ar na leabhair Ghaeilge á gcaitheamh uathu agus á n-úsáid mar adhantaí tine ag lucht an aineolais faoin dtuaith sa 19ú haois agus Seán Ó Donnabháin ag iarraidh iad a tharrtháil don iarsmalann!

Smaoiním, leoga, ar na seanleabhair Thuircise sa script Arabach. Ba le litreacha Arabacha a scríobhadh an Tuircis i gcónaí riamh ach chuaigh an réabhlóidí Atatürk i muinín an chló Rómhánaigh i 1928. D’inis cara dom fadó go raibh sé in Iostanbúl sna 1970í, agus ag spaisteoireacht dó tríd an bhasár chonaic sé líon mór leabhar agus lámhscríbhinní Arabacha, cuid díobh scríofa in ór, agus iad á dtairiscint ar shladmhargadh. “Ní féidir liom iad a dhíol” arsa siopadóir amháin leis. “Níl luach ar bith orthu anois. Ní theastaíonn siad ó éinne.”

Féachaim ar na leabhair agam féin arís. B’fhéidir gur chóir dom iad a dhó go deasghnách? Bás laochra uaisle a bheadh ann dóibh, is dócha. Ach smaoiním ar na huaireanta uile sa stair nuair a dódh leabhair agus ní maith liom an smaoineamh. Smaoiním ar na leabhair Eabhraise chlóite a dódh san Iodáil mar gur mheas Pápa éigin gur ag maslú na Críostaíochta a bhí siad. Smaoiním ar na leabhair Mháigeacha ríluachmhara a dhóigh na Spáinnigh i Meicsiceo.

Agus, ar ndóigh, smaoiním ar na leabhair a dhóigh na Naitsithe sna 1930í. Leabhair "Ghiúdacha agus Chumannacha" a bhí i gceist. Léigh mé scéal faoi Erich Kästner le déanaí. Dhóigh na Naitsithe gach leabhar dá chuid ach amháin Emil agus na Bleachtairí, leabhar taitneamhach do pháistí a raibh an-ghnaoi ag na daoine air.

Ba é Kästner an t-aon údar amháin a bhí i láthair agus a chuid leabhar á dó ag na barbaraigh. Cheap sé gur chóir dó an rud a fheiceáil, ionas go mbeadh ar a chumas fianaise a dhéanamh níos déanaí. Agus bhí sé ann sa chéad líne agus a leabhair á gcaitheamh ar an tine ach d’aithin Naitsí éigin é agus bhí air teitheadh i measc an tslua.

Ar deireadh, buaileann smaoineamh eile mé. Déanfaidh mé na leabhair seo a athchúrsáil. Is féidir iad a chur amach ar thaobh na sráide i measc na nuachtán agus na n-earraí páipéir uile agus tiocfaidh lucht athchúrsála ina leoraí glas agus tógfaidh siad iad. Cosúil le gach rud eile, úsáidfear na leabhair chun páipéar nua a dhéanamh. Mar is páipéar iad leabhair freisin i ndeireadh na dála. Ó luaith go luaith, ó chré go cré!

Mar sin beidh siad neamhbhásmhar, ar bhealach, mairfidh siad leo i bhfoirm eile. B’fhéidir go ndéanfar leabhair nua astu. Ach ní bheinnse ródhóchasach faoi sin...