Léacht, comórtas agus cláir nua le craoladh ar TG4

Léacht de Brún Is í an tOllamh Lucy McDiarmid a thabharfaidh Léacht an Mhoinsíneora Pádraig de Brún – “Fairies, Rebels, Mothers: Lady Gregory and 1916” - san oíche amárach ar Ollscoil na Gaillimhe ag 7.30pm san Aula Maxima.

Tabharfaidh an tOllamh McDiarmid léargas ar shaol agus ar shaothar an Bhantiarna Gregory, bean a raibh dlúthchaidreamh aici le contae na Gaillimhe.

Tá seacht leabhar scríofa ag McDiarmid féin, ina measc At Home in the Revolution: what women said and did in 1916 agus The Irish Art of Controversy.

Lena chois sin, tá taighde ceannródaíoch déanta aici ar shaothar Gregory. Saor in aisce atá an léacht ach caithfidh tú focal a chur ar áit roimh ré. Eolas: at www.conference.ie. Soilse, ceamara, aicsean! Tá Oireachtas na Gaeilge ag reachtáil comórtais nua do ghearrscannáin. Scannáin nach rachaidh thar 30 nóiméad atá ar lorg agus iad léirithe idir an chéad lá de Mhárta 2015 agus 5ú Aibreán 2016.

READ MORE

Faoi lucht déanta na scannán atá sé socrú a dhéanamh faoi sheánra, théama, bhuiséad agus faoi chúrsaí teicníochta de.

Dúirt stiúrthóir an Oireachtais, Liam Ó Maolaodha, go raibh an comórtas ag cur “ardáin nua” ar fáil don ghearrscannán; bheadh deis anois ag lucht déanta na gclár a saothar a chur os comhair phobal na Gaeilge.

Craolfaidh Oireachtas na Gaeilge na scannáin ar an ghearrliosta ar ócáid phoiblí i nGaillimh i mí na Bealtaine. Cuireann lucht an oireachtais fáilte roimh iontrálacha ach na coinníollacha agus foirmeacha cuí a chomhlíonadh. Eolas: www.antoireachtas.ie. Splanc ón tsúil eile Tráthúil go maith, ní fada go mbeidh sraith nua gearrscannán le feiceáil ar TG4.

Tá na scannáin ghairide, a léiríodh mar chuid den tsraith faisnéise, Splanc!, le craoladh ar TG4 le linn na Cásca.

Scannáin iad seo atá bunaithe ar na healaíona agus a thugann “léargas físiúil spreagúil orthu”.

Dúirt Eagarthóir Coimisiúnaithe TG4, Proinsias Ní Ghráinne, gur chuid “lárnach iad na scannáin seo d’iarracht nuálach TG4 comóradh a dhéanamh ar 100 bliain d’fhás an náisiúin. Tá ríméad orainn an rogha leathan scannán seo a chruthú agus a chur i láthair an phobail, léargas físiúil ar an ngaol gar casta atá againn leis na healaíona agus a dtábhacht inár saol laethúil”.

Cúig nóiméad a mhaireann na scannáin seo agus iad bunaithe ar théamaí éagsúla – filíocht, ailtireacht, solas, cúrsaí péintéireachta agus dealbhóireachta.

Craolfaidh TG4 an chéad cheann sa tsraith Dé Sathairn ag 7.45pm.

Ailiu Iarth na n-hErend is ainm don chlár le Dónal Ó Céilleachair agus é bunaithe ar an chéad dán Gaeilge riamh, deirtear, leis an fhile Aimhirgin Glúingheal.

Go díreach ina dhiaidh sin, 7.50pm, a fheicfear Bungaló Bliss le Fergal Ward agus Adrian Duncan, athchuairt ar chatalóg ailtireachta Jack Fitzsimon a eisíodh i 1971.