Leagan nua de Amhráin na Mí le seoladh i Ráth Chairn Dé Domhnaigh

Seolfar Amhráin na Midhe, san Áras Pobail, Ráth Chairn, Dé Domhnaigh, ag 3pm. Eagrán nua de Amhráin na Midhe, Cuid a hAon (1933) le hÉnrí Ó Muirgheasa atá sa leabhar, maille le réamhrá nua agus aistriúcháin Bhéarla.

Léachtóir le Gaeilge ar Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, an Dochtúir Lesa Ní Mhunghaile, a rinne eagarthóireacht ar an leabhar.

Dhírigh Ó Muirgheasa aird ar an oidhreacht shaibhir Ghaelach a bhí i gcontae na Mí tráth ach a bhí ligthe i ndearmad ag daoine faoi thús an 20ú haois. Bhí sé mar phríomhaidhm ag Ó Muirgheasa an oidhreacht sin a chaomhnú do na glúnta a bhí le teacht.

50 dán ón 18ú agus ón 19ú haois atá sa chnuasach agus tugtar léargas iontu ar chúrsaí sóisialta an ama. Tugtar aird sa saothar fosta ar dhuine de mhórscríobhaithe an cheantair, Peadar Ó Gealacáin, agus an comhluadar dátheangach lenar bhain sé.

READ MORE

Tá bunáite na ndánta sa chnuasach bunaithe ar an lámhscríbhinn Edinburgh MS GEN 43D, a scríobh Ó Gealacáin idir na blianta 1841-44.

Cuirtear Amhráin na Midhe i gcomhthéacs sa réamhrá nua agus tugtar léargas breise ar shaothrú lámhscríbhinní agus ar labhairt na Gaeilge sa chontae.