Margadh slítheánta

An beart Nollag nó bobghaiste é plean nua uisce an Rialtais?


An gcreideann mórán daoine go bhfuil an feachtas in aghaidh táillí uisce ag teacht faoi thionchar “dhream imeallach bagarthach”?

Ní dócha é ach, le déanaí, dá mbeifeá ag breathnú ar chuid de na meáin, bheadh amhras ort. Go háirithe ón deireadh seachtaine.

Ní inniu ná inné a tosaíodh ar smálú clú mar uirlis i scliúchais pholaitíochta. Nuair is léir go mbíonn lucht an fhreasúra ag bailiú an iomarca nirt, déanann rialtais iarracht droch-chlú a tharraingt orthu chun iad a chur ó éifeacht.

Coicís ó shin a thosaigh meáin áirithe, ar leid ó pholaiteoirí áirithe Rialtais, ag caint faoi “sinister fringe element” a bheith tagtha isteach sna hagóidí áitiúla in aghaidh táillí uisce.

READ MORE

Cineál nod don eolach, tá a fhios agat, daoine gan aird gan urraim.

Díríodh cáineadh ar Paul Murphy TD agus, go pointe áirithe, ar aon TD ó Shinn Féin nach raibh róghnóthach ag déileáil le léigear dá gcuid féin.

Ach don gcuid is mó, díríodh ar dhaoine nó ar ghrúpa taibhsiúil gan ainm éigin. Iad siúd, tá’s agat. Luadh fiú bagairtí buamaí a bheith faighte.

Tá an chuma ar an scéal go bhfuil tréaniarracht ar siúl faoi láthair chun scoilt a chothú sa ngluaiseacht an-láidir atá ag máirseáil agus ag eagrú in aghaidh na dtáillí. Aon léiriú feirge, aon raic le hoibrithe uisce ar thalamh úinéirí tí, is armlón é san bhfeachtas chun baint de chreidiúint lucht eagraithe na n-agóidí.

Ar ndóigh, is mór an chabhair í má théann roinnt de na hagóideoirí féin thar fóir mar a tharla i dTamhlacht ag an deireadh seachtaine.

Bíonn léirsiú “suite” ceadaithe ach nuair a thosaítear ar rudaí a chaitheamh, sin rud eile. Is leor eachtra bheag amháin le drochmheas a tharraingt ar an bhfeachtas ar fad – agus is í Joan Burton a thapaigh an deis.

Ach fiú gan na scliúchais sin, bí cinnte go bhfuil an Rialtas corraithe chomh mór sin ag an bhfeachtas go bhfuil straitéis ceaptha acu chun an ghluaiseacht seo a leagadh sula leagann sise an Rialtas.

Oibríonn sé ar dhá leibhéal. Tá bolscaireacht lárnach don straitéis agus tá flúirse scéalta agus ráitis cháinteacha á ndoirteadh as na meáin chairdiúla go léir.

Tuigeann an Rialtas dá bhféadfadh siad an leath mheánaicmeach de na hagóideoirí a scaradh ón tréad, bheadh an lá leo.

Tá madadh na measúlachta scaoilte isteach acu ina measc le leideanna sna meáin faoi “imeall amhrasach”.

Chomh maith leis sin, tá beart moltaí curtha le chéile chun an phian a mhaolú don chéad chúpla bliain.

Sceitheadh “cur is cúiteamh” faoi cheana féin; luaitear figiúirí ar nós faoi bhun €100 don duine aonair agus faoi €200 do theaghlach.

Táthar ag súil go mbeidh sé seo mealltach go leor chun tacaíocht mhór a bhaint den bhfeachtas agóide.

Is cineál earra sladmhargaidh nó “loss leader” é seo a d’fheicfeá sna siopaí móra; earra a dhíolann tú faoina luach chun daoine a mhealladh isteach.

Inniu, tá an sladmhargadh le fógairt. Tá gearáin an phobail cloiste ag an Rialtas, tá staidéar déanta orthu agus tá freagra anois ar fáil ar gach aon cheist, rud nach raibh an tseachtain seo caite, faraor.

Go dtí seo, níor sceitheadh mórán eolais faoi thodhchaí Uisce Éireann.

Tá imní ann faoin bpá ard, faoin gcur amú airgid ar “chomhairleoirí”, faoi na “bónais” nach bónais iad agus faoin bhainistíocht a rinne praiseach den bhfeachtas cumarsáide.

Thar aon rud eile, caithfidh an Rialtas a shoiléiriú nach ndéanfar príobháidiú air amach anseo.

Anois is iad sin na ceisteanna ón gcuid sin den dream agóide a bheadh sásta tuairim eile a athmheas.

Ach do chuid mhór eile de na léirseoirí, níl aon éileamh eile ann ach deireadh a chur leis. Ní íocfaidh siad pingin rua agus sin sin.

Beidh le feiceáil an bhfuil an teachtaireacht iomlán faighte ag an Rialtas sa deireadh nó an bhfuil siad chun an chloch dheireanach a chur ina gcarn féin leis an bhfógairt seo.

Mar is leis an leibhéal sin tábhachta a bhaineann an cinneadh seo.

Tar éis seachtaine inar cuireadh an Tanáiste Joan Burton faoi léigear agóide i gceantar den aicme oibre, is léir gur i méid atá diúltú an phobail d’aon íocaíocht ag dul.

Ach bhí an ceart ag Enda Kenny leis an ráiteas beag mistéireach sin: “Well, it’s not about water, is it?

Ní hiad na táillí uisce amháin atá ag cur feirge orthu ach gach aon rud; tá siad dubh dóite de bheith ag cur lámh ina bpócaí chun a fháil amach go bhfuil suim airgid eile imithe.

Tá sé deacair do Theachtaí Dála a bhíonn ar chostaisí €147,000 agus pá mór chomh maith a shamhlú cad is pócaí folmha ann.

Ní haon chuidiú don Rialtas go bhfuil scannal eile faoi pholaiteoirí ag éalú ó cháin réidh le briseadh.

Mar bharr ar an olc, ní fada uainn an chéad ollmháirseáil eile agus measadh go mbeadh sí seo ar an gceann a ba mhó riamh.

Léireoidh líon na léirseoirí ar an agóid sin an éireoidh le sladmhargadh an Rialtais nó a mhalairt.

Beidh a lán aghaidheanna bánliatha ag breathnú amach as fuinneoga Theach Laighean an lá sin.

Dies irae eile.