Moill ar sheirbhís idirghníomhach an Phríomh Oifig Staidrimh

Beidh moill ar an ‘Baby Names of Ireland’ app go dtí go ndéantar athshonrú air

Ní bheidh uirlis idirghníomhach an Phríomh-Oifig Staidrimh, an ‘Baby Names of Ireland’ app, in ann na hainmneacha is déanaí a thaispeáint nuair a eiseófar liosta nua 'Ainmneacha Leanaí na hÉireann 2018’ ar maidin inniu.

Is uirlis í an ‘Baby Names of Ireland’ app a ligean do dhaoine breis eolais a fháil ar ainmneacha a chláraítear go hoifigiúil in Éirinn.

Beidh moill ar an tseirbhís idirghníomhach anois mar gur gá nuashonrú a dhéanamh ar an gcóras le go mbeidh sé in ann glacadh le sruth nua eolais ina n-áirítear síntí fada.

Cé nach mbeidh sé ar fáil san uirlis, cuirfear an t-eolas úd ar fáil ar maidin san eisiúint oifigiúil ‘Ainmneacha Leanaí na hÉireann 2018’.

READ MORE

Deir an Oifig le Tuarascáil go bhfuil súil acu go mbeidh an obair seo curtha i gcrích “i gceann cúpla seachtaine”.

Fágfar an uirlis reatha in áit fad is atá an leagan nua dhá réiteach. Beidh sonraí ainmneacha 2017 ar na hainmneacha is déanaí ar féidir cuardach a dhéanamh orthu. Níl ainmneacha le síntí fada ina measc seo.

“Beidh nóta curtha leis an bhfeidhmchlár idir an dá linn ag tabhairt le fios go bhfuil sonraí 2018 le teacht go luath.”

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is The Irish Times' Irish Language Editor, editor of The Irish Times Student Hub, and Education Supplements editor.