Moladh do Dhia sna harda – leabhar nua ar chúrsaí spioradáltachta le Gary Hastings


Beidh aithne ag mórán daoine ar an Oirmhinneach Gary Hastings mar shagart in Eaglais na hÉireann agus mar cheoltóir traidisiúnta a bhfuil clú agus cáil air.

Mura leor sin, tá Hastings i ndiaidh cur lena chuid buanna agus leabhar a scríobh: Going Up the Holy Mountain: a Spiritual Guide (Columba Press, €14.99).

Pléann an leabhar féin le Cruach Phádraig agus leis an traidisiún ársa oilithreachta a bhaineann leis an sliabh.

Mar a scríobhann sé: “This ‘climbing mountains in a spiritual way’ lark? It means you’re a human being. Humans have always done this kind of thing, and continue to do it. Our culture and thinking may have changed from our ancestors’ way of seeing and understanding the world, but our heads are still wired to work the same way as theirs. ”

READ MORE

Is de bhunadh Bhéal Feirste é Hastings ach is fada é ina chónaí thiar – i Maigh Eo ar feadh i bhfad agus is i nGaillimh atá sé anois.

Chuaigh Cruach Phádraig i bhfeidhm air ach, mar a deir sé le Bileog i nGaeilge, tá an sliabh mar mheafar aige fosta.

Níl fiacha ort triall ar Chruach Phádraig le tairbhe a bhaint as an leabhar; thiocfadh leat do shliabh féin – nó machaire mura dtaitníonn na harda leat – a aimsiú agus “súil do chroí” a thabhairt do na smaointe atá sa téacs.

Deir sé go bhfeiceann sé mórán daoine i mbun siamsaíochta ar Chruach Phádraig agus is léir “nach bhfuil a fhios acu go bhfuil rud ar bith speisialta faoin sliabh”.

Creideann sé go bhfuil “traidisiún an chreidimh briste nó á bhriseadh”. Ba mhian leis go mbeadh deis ag daoine eolas a chur ar an traidisiún sin arís, “coiscéim a thabhairt taobh amuigh den saol laethúil” agus aithne a chur ar Dhia as an nua.

An imní atá air go bhfuil mórán daoine ar an saol anois nach bhfuil “a fhios acu cad is ciall le spioradáltacht. Níl siad ábalta smaointeamh fúithi. Níl a fhios acu an dóigh le tabhairt fúithi mar níor tugadh na huirlisí dóibh”.

Uirlis atá leabhar, mar sin, le cuidiú le daoine saol “níos simplí, níos foscailte” a chaitheamh. Deis atá ann ceist a chur ort féin: “Cé thú féin?”

Tá an leabhar dírithe “ar dhaoine le creideamh agus gan chreideamh; ar Chríostaithe agus ar dhaoine nach Críostaithe iad”. Ba é a mhian chur chuige chomh leathan agus ab fhéidir a chur i gcrích.

Creideann sé go bhfuil luach le gaois na sinsear: “Tá ciall leis na seanrudaí ach b’fhéidir iad a chur i láthair ar dhóigh nua.”

Scéal creidimh; scéal sléibhe.